jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/yf55aqt2
"A warm welcome to you" in Central Connemara.
"Fáilte chroíúil a chuirfear romhat" i gConamara Láir.
The community of Central Connemara, in conjunction with Údarás na Gaeltachta, has today launched a campaign to attract people to live in the area.
Tá feachtas seolta inniu ag pobal Chonamara Láir, i gcomhair le hÚdarás na Gaeltachta, le daoine a mhealladh chun cónaithe sa gceantar.
There is a special reason for the decision to launch the campaign today: It is Mac Dara 's Day.
Tá cúis speisialta ag baint leis an gcinneadh an feachtas a sheoladh inniu: Lá Mhic Dara atá ann.
Lá Mhic Dara is a major annual festival for the people of Central Connemara, where the diaspora of the area returns to their homeland from far and wide.
Is féile mhór bhliantúil é Lá Mhic Dara do phobal Chonamara Láir, áit a bhfilleann diaspóra an cheantair ar a ndúchas ó chian agus ó chóngar.
Due to COVID-19 restrictions, the area will be celebrated online worldwide this year.
De bharr srianta COVID-19 is ar líne a dhéanfar ceiliúradh ar an gceantar ar fud an domhain i mbliana.
According to the campaigners: "People who want to come and live here are very welcome.
Dar le lucht an fheachtais: "Is fáilte chroíúil a chuirfear roimh dhaoine atá ag iarraidh teacht chun cónaithe anseo.
This area has a work-life balance and entrepreneurial opportunities as well as a tech center, which is part of a national network of digital hubs, offering many opportunities for locals, new businesses and those looking to get involved. cianoibre. "
Tá cothromaíocht saoil is oibre sa gceantar seo agus deiseanna fiontraíochta ann chomh maith le hionad gteic, atá ina chuid de ghréasán náisiúnta mol digiteach, a chuireann iomaí deis ar fáil do mhuintir na háite, do ghnóthaí nua agus do dhaoine atá ag iarraidh dul i mbun cianoibre."
Máirín Ní Choisdealbha Seoige from Forbairt Chonamara Láir said: "Central Connemara is one of Ireland 's cultural treasures and despite the challenges of population decline and migration, the area has experienced growth in recent years."
Dúirt Máirín Ní Choisdealbha Seoige ó Fhorbairt Chonamara Láir: "Tá Conamara Láir ar cheann de sheoda cultúrtha na hÉireann agus in ainneoin na ndúshlán ó thaobh laghdú daonra agus imirce, tá borradh le brath sa gceantar le blianta beaga anuas."
A series of films will be launched on YouTube as part of this campaign.
Seolfar sraith scannán ar YouTube mar chuid den bhfeachtas seo.
The first film outlines the highlights of the quality of life and opportunities available to people, families and businesses in Central Connemara.
Sa gcéad scannán, déantar cur síos ar na buaicphointí maidir leis an gcaighdeán saoil agus na deiseanna atá ar fáil do dhaoine, do theaghlaigh agus do ghnóthaí i gConamara Láir.
Three personal stories are being told in the film series being launched as part of this campaign.
Tá trí scéal pearsanta á n-insint sa tsraith scannán atá á sheoladh mar chuid den bhfeachtas seo.
They can be viewed at Connemara Central - We're Waiting For You! If you are interested in living in the area, Forbairt Chonamara Láir will be providing a local support service to deal with inquiries at [email protected] or 095 32688.
Is féidir féachaint orthu ag Conamara Láir - We're Waiting For You! Más spéis le duine dul chun cónaithe sa gceantar, beidh seirbhís tacaíochta áitiúil á cur ar fáil ag Forbairt Chonamara Láir chun déileáil le fiosrúcháin ag [email protected] or 095 32688.