jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/yxbrtxh8
"Students back in colleges in the Autumn, many challenges remain".
"Mic léinn ar ais i gcoláistí san Fhómhar, dúshláin go leor fós".
Further and Higher Education Minister Simon Harris said he believes third-level students will be back in colleges in the Autumn.
Dúirt an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais Simon Harris go gcreideann sé go mbeidh mic léinn tríú leibhéal ar ais i gcoláistí san Fhómhar.
By then, he said, most students and entire staff should have been vaccinated against Covid-19.
Faoin tráth sin, a dúirt sé, ba cheart go mbeadh an chuid is mó de mhic léinn agus de bhaill foirne iomlán vacsaínithe in aghaidh covid 19.
Simon Harris admitted that over the years he had struggled to study such things as Zoom in the cover chair.
Ghlac Simon Harris leis go ndeachaigh sé dian ar an dá dhream le bliain tabhairt faoi chúrsaí léinn ar leithéidí Zoom i gcathaoir na clúide.
It will submit guidelines for third-level colleges to Cabinet in two weeks, he said.
Cuirfidh sé treoirlínte do na coláistí tríú leibhéal faoi bhráid na Comh-aireachta i gceann coicíse, dúirt sé.
Speaking on RTÉ, Minister Harris announced that the various public health councils will open libraries, bars, cafes and associations in the colleges.
Ag labhairt dó ar RTÉ, thug an tAire Harris le fios go n-osclóidh leabharlanna, beáir, caifí agus na cumainn éagsúla sna coláistí de réir na comhairle sláinte poiblí.
It is certain that tutorials will resume, he said, but lecture theaters, where many people gather, always face challenges.
Is áirithe go gcuirfear tús arís le ranganna teagaisc, a dúirt sé, ach tá dúshláin i gcónaí ag baint le léachtlanna, mar a mbíonn go leor daoine bailithe.
He also thinks that digital lectures may continue in some cases.
Dar leis chomh maith go mb'fhéidir go leanfaí de léachtaí digiteacha i gcásanna áirithe.
Yesterday, the Department of Education announced that the Leaving Certificate results will be issued on Friday 3 September. It was stated that the results will be forwarded to the Central Admissions Office and that third level offers will be issued a few days later.
Inné, d'fhógair an Roinn Oideachais gur Dé hAoine 3 Meán Fómhair a eiseofar torthaí na hArdteistiméireachta Dúradh go gcuirfear na torthaí ar aghaidh chuig an Lár-Oifig Iontrála agus go n-eiseofar tairiscintí tríú leibhéal roinnt laethanta ina dhiaidh sin.
However, the Irish Universities Association said that offers will continue to be made in the third week of September, which will result in first year students lagging behind other students in their search for accommodation.
Dúirt Cumann Ollscoileanna Éireann, áfach, go mbeidh tairiscintí fós á ndéanamh sa tríú seachtain de Mheán Fómhair, agus dá bharr sin go mbeidh lucht na chéad bhliana chun deiridh ar mhic léinn eile agus iad ag tóraíocht lóistín.
The Association 's secretary general Jim Miley also indicated that they are working with Minister Harris to ensure that as many students as possible have access to college facilities.
Thug ardrúnaí an Chumainn Jim Miley le fios chomh maith go bhfuil siad ag obair i gcomhar leis an Aire Harris le cinntiú go mbeidh fáil ag an oiread mac léinn agus is féidir ar shaoráidí na gcoláistí.
With an additional 3,000 to 5,000 places in colleges this year, he said, there will be enormous pressure and demand on resources.
Mar gheall go mbeidh idir 3,000 agus 5,000 áit bhreise sna coláistí i mbliana, a dúirt sé, beidh brú agus éileamh an-mhór ar acmhainní.