jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/y9eqrlns
"Very modest easing of restrictions next month" - Tánaiste.
"Maolú an-mheasartha ar shrianta an mhí seo chugainn" - Tánaiste.
Tánaiste Leo Varadkar said that a shortage of vaccines will not interfere with the Government's plans to ease social restrictions on 5 April.
Thug an Tánaiste Leo Varadkar le fios nach gcuirfidh ganntanas vacsaíní isteach ar phleananna an Rialtais srianta sóisialta a mhaolú ar an 5 Aibreán.
After all, he said, it will be a very modest easing anyway.
Tar éis an tsaoil, a dúirt sé, maolú an-mheasartha a bheidh i gceist ar aon chaoi.
Speaking on RTÉ, Leo Varadkar stated that the Government has always been honest and truthful about vaccine supplies.
Ag labhairt dó ar RTÉ, mhaígh Leo Varadkar go raibh an Rialtas macánta agus fírinneach riamh maidir le soláthairtí vacsaíní.
Despite a missed timeframe, he said, good progress is being made.
Ainneoin corrsprioc ama a bheith dulta amú, a dúirt sé, tá dul chun cinn maith á dheánamh.
The delay in the supply of vaccines is very disappointing, says the Tánaiste, as it undermines the ability of health services to inoculate people.
Údar mór díomá is ea an mhoill ar sholáthar vacsaíní, arsa an Tánaiste, mar go mbaineann sé an bonn de chumas na seirbhísí sláinte daoine a ionaclú.
He said that the Government has no control over this and that they have to amend their plans all the time as a result.
Dúirt sé nach bhfuil aon neart ag an Rialtas air seo agus go gcaithfidh siad a bpleananna a leasú an t- am ar fad dá bharr.
He also pointed out that there is direct communication between the Government and pharmaceutical companies with manufacturing plants in Ireland, and that they are doing their best for us.
Thug sé le fios freisin go bhfuil cumarsáid dhíreach ar bun idir an Rialtas agus comhlachtaí cógaisíochta a bhfuil ionaid déantúsaíochta acu in Éirinn, agus go bhfuil siadsan ag déanamh a seacht ndícheall ar ár son.
Leo Vardakar said that State aid would be available to them if these companies wanted to produce vaccines in Ireland.
Dúirt Leo Vardakar go mbeadh cúnamh Stáit ar fáil dóibh dá mbeadh na comhlachtaí seo ag iarraidh vacsaíní a tháirgeadh in Éirinn.
The Tánaiste also said that the construction sector, the five kilometer rule and outdoor activities will be taken into account when deciding next month on easing social restrictions.
Dúirt an Tánaiste chomh maith go mbreathnófar ar an earnáil tógála, riail na gcúig chiliméadar agus ar ghníomhaíochtaí taobh amuigh nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh an mhí seo chugainn faoi shrianta sóisialta a mhaolú.
He confirmed that non-essential retail stores will not be allowed to reopen from April 5th.
Dhearbhaigh sé nach mbeidh cead ag siopaí neamhriachtanacha miondíola oscailt arís ón 5 Aibreán.