jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2n4959u6
Contact: [email protected]
Pope Emeritus Benedict XVI buried in Peter's Basilica.
An Pápa Emeritus Beinidict XVI curtha i mBaisleac Pheadair.
The Pope Emeritus Benedict XVI was buried among the Popes in St. Peter's Basilica in the Vatican today.
Cuireadh an Pápa Emeritus Beinidict XVI i measc Ulacha na bPápaí i mBaisleac Pheadair sa Vatacáin inniu.
Thousands of people who came from all over the world were present at the Holy Mass of Pope Benedict - Joseph Ratzinger, as he was baptized - in Peter's Square this morning.
Bhí na mílte duine a tháinig as gach cearn den domhan i láthair ag Aifreann Éagnairce an Phápa Beinidict - Joseph Ratzinger, mar a baisteadh é - i gCearnóg Pheadair ar maidin.
His successor Pope Francis II read the Mass with Benedict's bare cypress coffin in front of him.
Is é a chomharba an Pápa Proinsias II a léigh an tAifreann agus cónra lom cufróige Bheinidict os a chomhair amach.
In his address, Pope Francis said that Benedict was a faithful friend of Christ "who has given us wisdom, praise and charity throughout the years".
Ina aitheasc, dúirt an Pápa Proinsias gur cara dílis Chríost a bhí i mBeinidict "a bhronn gaois, búíocht agus caoindúthracht orainn i gcaitheamh na mblianta".
"May you hear His Voice (Christ) now and forever!" which Francis prayed to his predecessor.
"Go gcloise tú A Ghlór (Críost) anois agus go deo!" a ghuigh Proinsias ar a réamhtheachtaí.
"Father, I commit my spirit to your hand", said Francis on behalf of Benedict and the last words of Jesus on the gallows according to Luke as his quote.
"A Athair, taobhaím mo spiorad i leith do lámh", arsa Proinsias thar ceann Bheinidict agus rá deiridh Íosa ar an gCroich de réir Lúcáis mar athfhriotal aige.
124 cardinals, 200 bishops and 3,700 priests were also involved in the ceremony.
Bhí 124 cairdinéal, 200 easpag agus 3,700 sagart páirteach sa searmanas chomh maith.
Mary Maguire from Letterkenny, Co Donegal, read the Second Lecture at Aifreann Éagnairce.
Is í Mary Maguire as Leitir Ceanainn, Co Dún na nGall, a léigh an Dara Léacht ag Aifreann Éagnairce.
After the Mass, the coffin was brought into the Basilica, where a zinc case was placed over it before it was placed in yet another coffin.
Tar éis an Aifrinn, tugadh an chónra isteach sa Bhaisleac, mar ar cuireadh cás since uirthi sular cuireadh i gcónra eile fós í.
It was not just a solemn occasion, however.
Ní ócáid shollúnta amháin a bhí ann, áfach.
Tight security was in place around the Vatican and over 1,000 police officers were on duty there during the Mass.
Bhí dianslándáil i bhfeidhm thart ar an Vatacáin agus bhí barr ar 1,000 póilín ar dualgas san áit le linn an Aifrinn.
Pope Emeritus Benedict died last Saturday in the monastery of Mater Ecclesiae in the Vatican, where he had lived for ten years.
Bhásaigh an Pápa Emeritus Beinidict Dé Sathairn seo caite i mainistir Mater Ecclesiae sa Vatacáin, áit a raibh cónaí air le deich mbliana.
He was 95 years old.
Bhí sé 95 bliain d'aois.
He was Pope between 2005 and 2013, when he unexpectedly resigned due to health reasons.
Bhí sé ina Phápa idir 2005 agus 2013, tráth a d'éirigh sé as gan choinne ar chúinsí sláinte.
Pope Francis himself is not in the best of health and was brought before the crowd at Mass today in a wheelchair.
Níl an Pápa Proinsias é féin i mbarr a shláinte agus tugadh os comhair an tslua ag an Aifreann inniu é i gcathaoir rothaí.
He kept himself upright for a while with a crutch.
Choinnigh sé é féin ina sheasamh ar feadh scaithimh le maide croise.
Proinsisas hinted last summer that he might resign if he was not able to fulfill his dut...