jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2aamxtp6
Contact: [email protected]
"Climate change sharpening people towards each other" - Taoiseach.
"Athrú aeráide ag géarú daoine chun a chéile" - Taoiseach.
Taoiseach Micheál Martin has promised that Ireland will do everything it can to ensure that the World is sustainable.
Tá sé geallta ag an Taoiseach Micheál Martin go ndéanfaidh Éire gach ar féidir léi lena chinntiú go mbeidh an Domhan inmharthana.
The Taoiseach made this promise in the address he gave at the international climate change summit taking place in Sharm el-Sheikh in Egypt.
Thug an Taoiseach an gealltanas seo san aitheasc a thug sé ag an gcruinniú mullaigh idirnáisiúnta maidir leis an athrú aeráide atá ar siúl in Sharm el-Sheikh san Éigipt.
Countries that have signed the United Nations Framework Convention on Climate Change are participating in the summit called COP27.
Tíortha a shínigh Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide atá páirteach sa chruinniú mullaigh dá ngairmtear COP27.
Micheál Martin also promised in his address that the Irish Government would contribute €10 million to the international fund that has been set up to help vulnerable communities around the world who are greatly affected by climate change.
Gheall Micheál Martin freisin ina aitheasc go gcuirfeadh Rialtas na hÉireann €10 milliún sa chiste idirnáisiúnta atá bunaithe le teacht i gcabhair ar phobail leochaileacha ar fud an domhain a bhfuil an t-athrú aeráide ag dul i gcion go mór orthu.
He said that climate change is pushing people closer together and that communities are competing with each other for scarce resources.
Dúirt sé go bhfuil an t-athrú aeráide ag géarú daoine chun a chéile agus go bhfuil pobail in iomaíocht a chéile d'acmhainní atá gann.
It is contributing to the instability and misery of people around the globe, he said.
Tá sé ag cur le héagobhsaíocht agus le hainnise daoine ar fud na cruinne, ar sé.
If the current leaders do not face the crisis, said the Taoiseach, the rising generation and the generations to come will not forgive them, they will never forgive them.
Mura rachaidh na ceannairí atá ann anois i ndréim leis an ngéarchéim, a dúirt an Taoiseach, ní mhaithfidh an ghlúin atá ag éirí aníos ná na glúine atá le teacht, ní mhaithfidh siad dóibh é go brách.
He pointed out that it is necessary to do more without space in a situation where people will not be deafened by talk that is just talk and will not be bored by words without action.
Thug sé le fios gur den riachtanas é tuilleadh a dhéanamh gan spás i riocht nach mbeidh daoine bodhraithe ag caint nach bhfuil ann ach caint agus nach mbeidh siad leamh de bhriathra gan bheart.
On the contrary, the Taoiseach drew attention to a positive aspect of the forecast of the United Nations in relation to climate change.
Os a choinne sin, tharraing an Taoiseach aird ar ghné bhreacdhearfach de réamhaisnéis na Náisiún Aonaithe maidir leis an athrú aeráide.
According to that forecast, gas emissions will continue to increase from now until 2030 but will remain stable thereafter.
De réir na réamhaisnéise sin, beidh astaíochtaí gáis ag méadú i gcónaí as seo go 2030 ach fanfaidh siad socair ina dhiaidh sin.
This is progress, says Micheál Martin, although it is not enough.
Seo dul chun cinn, arsa Micheál Martin, cé nach leor é.
In relation to Ireland, he informed the audience that this country has a legal obligation to reduce gas emissions by 51% by 2030, and said that legally enforceable emission limits have been set for all sectors of the national economy.
I dtaca le hÉirinn de, chuir sé in iúl don lucht éisteachta go bhfuil dualgas dlíthiúil ar an tír seo astaíochtaí gáis a laghd...