jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2ew7yytq
Contact: [email protected]
Russia has taken possession of four regions in Ukraine.
Seilbh glactha ag an Rúis ar cheithre réigiún san Úcráin.
The President of Russia, Vladimir Putin, announced in Moscow today that Russia has taken possession of four regions in Ukraine.
D'fhógair Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, i Moscó inniu go bhfuil seilbh glactha ag an Rúis ar cheithre réigiún san Úcráin.
These regions represent 15% of the territory of Ukraine.
Is ionann na réigiúin sin agus 15 faoin gcéad de chríocha na hÚcráine.
The process of officially bringing the districts into the Russian Federation will begin in the coming days, President Putin said.
Cuirfear tús leis an bpróiséas chun na ceantair a thabhairt isteach i gCónaidhm na Rúise go hoifigiúil sna laethanta amach romhainn, a dúirt an tUachtarán Putin.
Referendums were held in Zaporizhzhia, Kherson, Donetsk and Luhansk in which the communities were asked whether they would like to be part of Russia.
Bhí reifrinn ar siúl in Zaporizhzhia, Kherson, Donetsk agus Luhansk inar cuireadh ceist ar na pobail iontu ar mhaith leo a bheith mar chuid den Rúis.
Putin said today that the communities in those regions had made a "clear choice" when they showed they preferred to be under Moscow's control.
Dúirt Putin inniu go raibh "rogha shoiléir" déanta ag na pobail sna réigiúin sin nuair a léirigh siad gurbh fhearr leo a bheith faoi smacht Mhoscó.
Cív and the West are very skeptical about the results of this referendum, however, because the communities in them were forced to vote for leaving Ukraine, they say.
Tá Cív agus an tIarthar go mór in amhras faoi thorthaí na reifreann seo, áfach, mar cuireadh iallach ar na pobail iontu vótáil ar son an Úcráin a fhágáil, a deir siad.
Meanwhile, at least 25 were killed in a bombing attack on civilian cars, which were being driven in a convoy in the Zaporizhzhia region.
Idir an dá linn, maraíodh 25, ar a laghad, in ionsaí buamála ar ghluaisteáin de chuid sibhialtach, a bhí á dtiomáint i gconbhua i réigiún Zaporizhzhia.
Cív is blaming Russia.
Tá Cív ag cur an mhilleáin ar an Rúis.
28 were also injured in the incident.
Gortaíodh 28 san eachtra freisin.
The regional governor of Zaporizhzhia, Oleksandr Starukh, said they were all civilians and were from the local area.
Dúirt gobharnóir réigiúnach Zaporizhzhia, Oleksandr Starukh, gur sibialtaigh a bhí iontu ar fad agus gurbh as an gceantar áitiúil dóibh.
Vladimir Rogov - that he is an official in Zaporizhzhia, appointed by the Kremlin - said that it was a terrorist incident, that Ukraine was responsible for it.
Dúirt Vladimir Rogov - gur oifigeach in Zaporizhzhia é, atá ceaptha ag an gCreimil - gur eachtra sceimhlitheoireachta a bhí ann, go raibh an Úcráin freagrach as.
However, Cív said Russian forces attacked a queue of people in cars trying to leave the region.
Dúirt Cív, áfach, go ndearna fórsaí de chuid na Rúise an t-ionsaí ar scuaine daoine i ngluaisteáin a bhí ag iarraidh an réigiún a fhágáil.
Vladimir Putin has threatened to use nuclear weapons to defend the four regions, if necessary, when they are invaded.
Tá bagairt déanta ag Vladimir Putin, go n- úsáidfidh sé airm núicléacha chun na ceithre réigiún a chosaint, más gá, nuair a bheas ionghabháil déanta orthu.