
Sign up to save your podcasts
Or

The most played episodes among Podcast App listeners.

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2acfbaju Contact: [email protected] Taoiseach, whisky industry very happy with Trump’s decision.” Taoiseach, tionscal uisce beatha an-sásta faoi chinneadh Trump. United States President Donald Trump has indicated that his decision to end the tariff imposed in America on Irish whiskey applies only to this country, rather than to the entire European Union.” Tá sé tugtha le fios ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump gur leis an tír seo amháin a bhaineann a chinneadh deireadh a chur leis an taraif a ghearrtar i Meiriceá ar uisce beatha as Éirinn, seachas leis an Aontas Eorpach ar fad. Currently, the United States Government is imposing (cutting) a 10% tariff on whiskey produced in the Republic of Ireland, unlike whiskey produced in Northern Ireland and Scotland which is not subject to any tariff in America.” Faoi láthair, tá Rialtas na Stát Aontaithe ag gearradh (cutting) taraif de 10 faoin gcéad ar uisce beatha a dhéantar i bPoblacht na hÉireann, murab ionann agus uisce beatha a dhéantar i dTuaisceart Éireann agus in Albain nach bhfuil taraif ar bith á ghearradh air i Meiriceá. At Shannon Airport yesterday evening, as he was about to depart Ireland, Donald Trump made it clear that he was doing the favour only for Ireland and that no other member state of the European Union was in the running.” In Aerfort na Sionainne tráthnóna inné, agus é ar tí imeacht as Éirinn, shoiléirigh Donald Trump gur d’Éirinn amháin a bhí sé ag déanamh an fhabhair agus nach raibh aon bhallstát eile den Aontas Eorpach sa mheá. He said that various people had mentioned the matter to him over the weekend, including Taoiseach Micheál Martin and golf champion Shane Lowry.” Dúirt sé gur luaigh daoine éagsúla an scéal leis i gcaitheamh an deireadh seachtaine, an Taoiseach Micheál Martin agus an curadh gailf Shane Lowry ina measc. He had announced the decision earlier yesterday, in front of the world, while presenting Shane Lowry with the Irish Open Golf Championship in Dunbeg, Co. Clare.” Bhí an cinneadh fógartha aige níos túisce inné, os comhair an tsaoil, agus é ag bronnadh craobh Chomórtas Oscailte Gailf na hÉireann ar Shane Lowry sa Dún Beag i gCo an Chláir. Taoiseach Micheál Martin and a spokesperson for the Irish whisky industry have indicated that they are very pleased with the decision to end the tariff.” Tá sé tugtha le fios ag an Taoiseach Micheál Martin agus ag urlabhraí ón tionscal uisce beatha in Éirinn go bhfuil siad thar a bheith sásta faoin gcinneadh deireadh a chur leis an taraif. Eoin Ó Catháin of the Irish Whiskey Association said the decision was a huge positive development for the industry as the United States is the largest market for Irish whiskey.” Dúirt Eoin Ó Catháin ó Chumann Uisce Beatha na hÉireann gur cor dearfach ollmhór i ngnóthaí an tionscail a bhí sa chinneadh ós iad na Stáit Aontaithe margadh is mó uisce beatha na tíre seo. Speaking on RTÉ, the Cathán said that Irish whisky would once again be on par with Scottish whisky in the US market, not least because Ireland competes with Scotland more than any other country in terms of whisky.” Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt an Cathánach go mbeadh uisce beatha na hÉireann ar chomhchéim an athuair le huisce beatha na hAlban i margadh na Stát Aontaithe, ní nach beag ós in iomaíocht le hAlbain thar aon tír eile atá Éire i gcúrsaí uisce beatha. He pointed out that the tariff was already having a significant impact on Irish industry and said that there was a 9% drop in sales last year – although he said the tariff was not the only reason for that.” Thug sé le fios go raibh an taraif ag dul i gcion go mór cheana ar thionscal na hÉireann agus dúirt go raibh titim de 9 faoin gcéad ar dhíolacháin anuraidh – bíodh is nárbh é an taraif amháin ba chúis leis sin, ar sé. Eoin Ó Catháin also said that the amount of whiskey exported from Ireland to the United States had fallen by 20% so far this year.” Dúirt Eoin Ó Catháin chomh maith go raibh an méid uisce beatha a easpórtáladh as Éirinn chun na Stát Aontaithe tite 20 faoin gcéad go dtí seo i mbliana. RTÉ News and Current Affairs” Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/29ce7ys4 Contact: [email protected] The Taoiseach and the President of the United States in County Clare. An Taoiseach (leader) agus Uachtarán Mheiriceá i gContaeAn Chláir. Taoiseach Micheál Martin will again be with US President Donald Trump today.” Beidh an Taoiseach Micheál Martin arís inniu i dteannta Uachtarán Mheiriceá, Donald Trump. The two will be in Doonbeg in County Clare and will be joined by the Taoiseach, Minister Patrick O’Donovan and Minister of State Charlie McConalogue. Sa Dún Beag i gContae An Chláir a bheidh an bheirt agus in éineacht leis an Taoiseach beidh an tAire Patrick O’Donovan agus an tAire Stáit Charlie McConalogue. Today is the second day of President Trump’s visit to this country. Is é inniu an dara lá de chuairt an Uachtaráin Trump ar an tír seo. He had barely set foot on the Phoenix Park grounds yesterday when a statement of his drew controversy when he claimed that having a United Ireland was not bad at all. Ar éigin a bhí cois leagtha aige ar thalamh Pháirc an Fhionnuisce inné ná gur tharraing ráiteas dá chuid conspóid agus é ag maíomh nár dhona ar chor ar bith é Éire Aontaithe a bheith againn. ‘It will happen sooner or later’ he said, ‘it would be better if it happened now and the right man is here by my side to ensure the process begins‘ as he nodded towards the Taoiseach. ‘Tarlóidh sé luath nó mall’ a dúirt sé, ‘nárbh fhearr go dtarlódh sé anois agus tá an fear ceart anseo le mo thaobh lena chinntiú go dtosaítear an próiseas‘ agus é ag sméideadh i dtreo an Taoisigh. If Sinn Féin was happy with the statement, it angered Unionist leaders in the north and British Prime Minister Andy Burnham was no less pleased.” Má bhí Sinn Féin sásta leis an ráiteas, chuir sé ceannairí Aontachtacha ó thuaidh le báiní agus ní mó ná sásta ach oiread a bhí Príomh- Aire na Breataine, Andy Burnham. President Trump has been attending the Irish Open Golf Tournament since yesterday. Is ag freastal ar Chomórtas Oscailte Gailf an ‘Irish Open’ atá an tUachtarán Trump ó inné. He is scheduled to present the winner’s prize today before boarding ‘Air Force One’ at Shannon to return home. Tá sé i gceist go mbronnfaidh (award) sé duais an bhuaiteora inniu sula dtéann sé ar bord ‘Air Force One’ sa tSionainn le filleadh abhaile. Who knows, it might not be an Irishman who would be receiving a reward from him today, Offaly man Shane Lowry who has been doing brilliantly in the competition so far. Cá bhfios nach Éireannach a bheadh ag fáil luach saothair uaidh inniu, fear Uíbh Fhailí Shane Lowry atá ag déanamh thar cionn sa chomórtas go dtí seo.

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/25z7azuj Contact: [email protected] Katie triumphs gloriously in Dublin. Katie buacach go glórmhar i mBÁC. Séamus Ó Scanláin Katie Taylor is still the world champion in her weight class in boxing. Séamus Ó Scanláin Is í Katie Taylor seaimpín an domhain i gcónaí ina meáchan sa chró dornálaíochta. She ensured that in Croke Park, Dublin last night when she got the better of her opponent, Flora Pili. Chinntigh sí sin i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath aréir nuair a fuair sí an ceann is fearr ar a céile comhraic,Flora Pili. The Wicklow woman defeated Pili on points in a fight that went the full ten rounds that were scheduled for him. Ar phointí a fuair bean Chill Mhantáin an lámh in uachtar ar Pili i dtroid a chuaigh na deich mbabhta a bhí leagtha amach dó. It was clear from start to finish that the Frenchman was not going to get the best of Katie who was at the peak of her powers with manual dexterity and quick footwork. Ba léir ó thús deiridh nach raibh an Francach chun an ceann ab fhearr a fháil ar Katie a bhí i mbarr a maitheasa le clisteacht láimhe (clever hands) agus luath coisíochta. She is now the world champion again for the 3rd time and she is doing well. Is í seaimpín an domhain anois arís í don 3ú huair agus is maith an aghaidh uirthi é. There’s no denying that about this woman from Bray, who has been cemented in our hearts since she won an Olympic medal at the London games in 2012. Níl aon duine le sin a shéanadh ar an mbean seo ó Bhré, atá daingnithe inár gcroíthe ó bhuaigh sí bonn Oilimpeach ag na cluichí i Londain i 2012. Last night was his final round in the boxing ring and the Irish public was eagerly awaiting the event for which 80,000 tickets had been sold in a short space of time a few months ago. Ba é aréir a babhta deiridh sa bhfáinne dornálaíochta agus pobal na hÉireann ag dúil go mór leis an ócáid a raibh 80,000 ticéad díolta dó in achar gairid roinnt míonna ó shin. We will now miss her ability and skill in a sport that has received its share of bad publicity in recent times. Aireoidh muid uainn anois a cumas agus a scil i spóirt a bhfuil a chion féin de dhroch phoiblíocht faighte aige le tamall anuas. But ‘its branch will live on the hedge’, a statement often made by the late renowned Irish language novelist, Máirtín Ó Cadhain. Ach ‘mairfidh a craobh ar an bhfál’, ráiteas a bhíodh ag an úrscéalaí iomráiteach Gaeilge, Máirtín Ó Cadhain nach maireann, go mion minic. She can now put her feet up with pride and a light heart. Féadfaidh sí na cosa a chur in airde anois le mórtas agus soilíos croí. Hundreds of women can be grateful to her for the support and encouragement she gave them throughout her career. Féadfaidh na céadta ban a bheith buíoch di as an ugach agus an misneach (bravery) a thug sí dóibh i gcaitheamh a tréimhse gairme. And we can all be proud of her achievements. Agus féadfaidh muid uilig a bheith bródúil as a cuid éachtaí. An inspiring figure who will not be forgotten as long as grass grows on the earth. Pearsa ionspioráideach nach ligfear i ndearmad fad is a fhásann féar ar thalamh. Katie is world champion once again Katie ina seaimpín domhanda uair amháin eile

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/22u5rrxg Contact: [email protected] Six surfers rescued in Donegal. Seisear clárchéaslóirí tugtha slán i nDún na nGall. Rescue services rescued six people who were surfing off the west coast of Donegal yesterday evening. Thug na seirbhísí tarrthála slán seisear a bhí ag clárchéaslóireacht amach ó chósta thiar Dhún na nGall tráthnóna arú inné. The six were windsurfing around Broad Island off the Greenstone when the wind picked up (strengthened). Bhí an seisear ag clárchéaslóireacht thart ar an Oileán Leathan amach ón gCloch Ghlas nuair a neartaigh an ghaoth. They managed to land on the rocks and decided to wait there until it dried up. D’éirigh leo dul i dtír ar na carraigeacha agus shocraigh siad fanacht ansin nó go dtráfadh sé. However, they became cold over time, and called the rescue services in Malin Head at around 2 o’clock yesterday morning. Tháinig fuacht orthu le himeacht ama, áfach, agus chuir siad fios ar na seirbhísí tarrthála i gCionn Mhálanna ag thart ar 2 a chlog ar maidin inné. The Arranmore lifeboat was sent out to sea and it is said that its journey was difficult, with strong winds, heavy rain and the boats breaking in the stern. Cuireadh bád tarrthála Árainn Mhór chun na farraige agus deirtear gurbh achrannach an t-aistear a bhí aici, idir an ghaoth láidir, an bháisteach throm agus na hólaithe a bhí ag briseadh i ndeireadh an bháid. The boat’s crew found the six shortly afterwards, with the help of a boat crew from Bunbeg, and brought them to the mainland. Tháinig criú an bháid ar an seisear go gairid ina dhiaidh sin, le cabhair ó chriú báid as an mBun Beag, agus tugadh iad chun na míntíre. The six were medically assessed at a residence in Clough Glas, where they were confirmed to be in good health. Rinneadh measúnú leighis ar an seisear i dteach cónaithe sa Chloch Ghlas, áit ar deimhníodh go raibh siad ina sláinte. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2ba7sqej Contact: [email protected] Attack on a drone control center in southern Iran. Ionsaí ar ionad stiúrtha drón i ndeisceart na hIaráine. A US government spokesman has confirmed that the American air force attacked a drone control center belonging to Iranian military forces in the Strait of Hormuz overnight. Tá sé deimhnithe ag urlabhraí ó Rialtas na Stát Aontaithe gur ionsaigh aerfhórsa Mheiriceá ionad stiúrtha drón le fórsaí míleata na hIaráine i gCaolas Hormuz i gcaitheamh na hoíche. The spokesman said the Americans also shot down four drones when they attacked the base in the port of Bandar Abbas. Dúirt an t-urlabhraí gur chuir na Meiriceánaigh ceithre dhrón go talamh chomh maith nuair a d’ionsaigh siad an bhunáit i gcalafort Bandar Abbas. In retaliation, as they themselves said, Iranian forces attacked a military base belonging to the United States. Ina éiric sin, mar a dúirt siad féin, d’ionsaigh fórsaí na hIaráine bunáit mhíleata leis na Stáit Aontaithe. Although the Iranians did not say which base was attacked, authorities in Kuwait have indicated that several missiles and drones were fired at that country. Cé nach ndúirt na hIaránaigh cén bhunáit go baileach (which base exactly) a ionsaíodh, tá sé tugtha le fios ag na húdaráis i gCuáit gur scaoileadh roinnt diúracán agus drón leis an tír sin. Officially, a ceasefire has been in place in the region since the beginning of April, but it is unclear what direction it is heading – whether it will be consolidated or fall apart – especially since US President Donald Trump has often and simultaneously played both sides of the fence in relation to it. Go hoifigiúil, tá sos comhraic i bhfeidhm sa réigiún ó thús an Aibreáin ach níl sé soiléir cén treo atá faoi – an ndaingneofar é nó an dtitfidh sé as a chéile – go háirithe ó tá an dá phort ag Uachtarán Mheiriceá Donald Trump go minic agus ag an am céanna i ndáil leis. The price of oil has risen again on international markets in light of the latest attacks after falling 5% yesterday. Tá praghas ola ardaithe arís ar na margaí idirnáisiúnta i bhfianaise na n-ionsaithe is deireanaí tar eis dó titim 5 faoin gcéad inné. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
The podcast currently has 2,375 episodes available.

1,343 Listeners

171 Listeners

38 Listeners

140 Listeners

338 Listeners

135 Listeners

93 Listeners

0 Listeners

52 Listeners

108 Listeners

65 Listeners

43 Listeners

17 Listeners

514 Listeners

32 Listeners