jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2o78dzae
Contact: [email protected]
Johnson intends to plow with him despite being in the cramped.
Rún ag Johnson treabhadh leis ainneoin é a bheith sa chúngach.
Boris Johnson has indicated that he had no intention of resigning as British Prime Minister despite the abandonment of his Conservative Party allies.
Thug Boris Johnson le fios nach raibh lá rúin aige éirí as mar Phríomh-Aire na Breataine ainneoin a chuid dílseánach sa Pháirtí Caomhach a bheith á thréigean ina nduine agus ina nduine.
In the Westminster parliament this afternoon, Boris Johnson said that the British people had given him an enormous mandate in the 2019 general election (running the country) and - in light of that - that he should continue despite being in the narrowness.
I bparlaimint Westminster tráthnóna, dúirt Boris Johnson gur thug muintir na Breataine sainordú ábhalmhór dó san olltoghchán in 2019 (an tír a reáchtáil) agus - ina fhianaise sin - gur chóir dó leanacht ar aghaidh ainneoin é a bheith sa chúngach.
Six other ministers and some ministerial aides resigned from the British Government today because, they said, they no longer trusted the Prime Minister.
D'éirigh seisear airí eile agus roinnt cúntóirí airí as Rialtas na Breataine inniu de bhrí, a dúirt siad, nach raibh muinín acu a thuilleadh as an bPríomh-Aire.
The six resigning ministers are Will Quince, Robin Walker, John Glen, Victoria Atkins, Jo Churchill and Stuart Andrew.
Is iad Will Quince, Robin Walker, John Glen, Victoria Atkins, Jo Churchill agus Stuart Andrew an seisear airí a d'éirigh as.
The controversy concerns MP Chris Pincher who resigned as Deputy Chief Whip of the British Government last week in the wake of allegations of sexual misconduct while intoxicated.
Baineann an chonspóid leis an bhfeisire parlaiminte Chris Pincher a d'éirigh as a chúram mar Leas-Phríomh-Aoire Rialtas na Breataine an tseachtain seo caite i bhfianaise líomhaintí faoi mhí-iompar gnéis a bheith ar bun aige agus é ar meisce.
Yesterday evening, Chancellor Rishi Sunak and Health Secretary Sajid Javid announced that they were stepping down as they were unhappy with Boris Johnson's leadership in the wake of this latest controversy.
Tráthnóna inné, d'fhógair an Seansailéir Rishi Sunak agus an Rúnaí Sláinte Sajid Javid go raibh siad ag éirí as a gcúraimí mar nach raibh siad sásta le ceannaireacht Boris Johnson i bhfianaise na conspóide is deireanaí seo.
In Westminster today, Sajid Javid said he had resigned because he believed Boris Johnson would not change his behavior and could no longer accept the status quo.
I Westminster inniu, dúirt Sajid Javid gur éirigh sé as oifig mar gur chreid sé nach n-athródh Boris Johnson a bhéasa agus nach bhféadfadh sé glacadh ní ba mhó le cúrsaí mar a bhí.
Sajid Javid pointed out that for a few months it was between two May fires whether the principle of loyalty or integrity was paramount.
Thug Sajid Javid le fios go raibh sé idir dhá thine Bhealtaine le cúpla mí cé acu prionsabal dílseacht nó ionracas ba mhó ba chás leis.
It was integrity that he finally chose, he said.
Is é ionracas a roghnaigh sé ar deireadh, ar sé.
However, the leader of the British Labor Party, Keir Starmer, claimed that the ministers who had resigned in recent days did not have as much integrity.
Mhaígh ceannaire Pháirtí Lucht Oibre na Breataine Keir Starmer, áfach, nach raibh oiread na fríde d'ionracas ag na hairí a d'éirigh as a gcúraimí le cúpla lá.
It's not because of integrity that they gave up, says Keir Starmer, but they realized that their race was over.
Ní de ghrá an ionracais a d'éirigh siad as, arsa Keir Starmer, ach is amhlaidh a thuig siad go raibh a rás rite.