jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/22j785qr
Contact: [email protected]
Taoiseach backs fast new EU membership process.
An Taoiseach ag tacú le proiséas nua tapa ar bhallraíocht san AE.
The Taoiseach, Micheál Martin, said today that he is in favor of introducing a new process, under which countries will be able to achieve membership of the European Union quickly.
Dúirt an Taoiseach, Micheál Martin, inniu go bhfuil seisean i bhfábhar proiséas nua a thabhairt isteach, faoina mbeidh tíortha in ann ballraíocht san Aontas Eorpach a bhaint amach go gasta.
The Taoiseach was referring to Ukraine's application for membership when he made his remarks.
Ag tagairt d'iarratas ballraíochta na hÚcráine a bhí an Taoiseach nuair a rinne sé a chuid cainte.
The Deputy Prime Minister of Ukraine for European Affairs was present today with the Taoiseach at the European party's Conference, of which Fianna Fáil is a member.
Bhí Leas-Phríomhaire na hÚcráine ar Chúrsaí Eorpacha i láthair inniu in éineacht leis an Taoiseach ag Comhdháil an pháirtí Eorpaigh, go bhfuil Fianna Fáil ina mball de.
Ukraine submitted an application to the European Union for membership on 28 February.
Chuir an Úcráin iarratas faoi bhráid an Aontais Eorpaigh chun ballraíocht a bhaint amach ann ar 28 de mhí Feabhra.
President Zelenskky of Ukraine called on the Union to immediately allow membership in this particular case.
D'iarr Uachtarán Zelenskky na hÚcráine ar an Aontas ballraíocht a cheadú láithreach sa gcás áirithe seo.
However, that has not yet happened.
Níl sé sin tarlaithe go fóill, áfach.
Ukraine is not even officially named as a candidate at this time.
Níl an Úcráin ainmnithe go hoifigiúil ina n-iarrthóirí, fiú, ag an tráth seo.
The French and Germans are quite skeptical about the rapid introduction of a special application process for Ukraine.
Tá na Francaigh agus na Gearmánaigh amhrasach go leor faoi phroiséas iarratais gasta a thabhairt isteach go speisialta don Úcráin.
Leaders of member states are to meet at the end of this month to discuss the issue further.
Tá ceannairí na mballstát le bualadh lena chéile ag deireadh na míosa seo chun tuilleadh plé a dhéanamh ar an gceist.
However, many countries are strongly supportive of their application, including Ireland.
Tá go leor tíortha ag tacú go láidir lena n-iarratas, áfach, Éirinn ina measc.
The Conference of the Alliance of European Democrats and Liberals (ALDE) - the European group of which Fianna Fáil is a member of the European Parliament - took place in Dublin today.
Bhí Comhdháil Chomhghuaillíocht Dhaonlathaigh agus Liobrálaigh na hEorpa (ALDE) - an grúpa Eorpach a bhfuil Fianna Fáil ina mbaill de i bPairlimint na hEorpa ar siúl i mBaile Átha Cliath inniu.
The event was attended by the Taoiseach, accompanied by the Deputy Prime Minister of Ukraine for European Affairs, Olga Stefanishyna.
D'fhreastail an Taoiseach ar an imeacht, in éineacht le Leas-Phríomhaire na hÚcráine ar Chúrsaí Eorpacha, Olga Stefanishyna.
"It is vital that the leaders of the European Union send a very strong message in June to the Ukrainian people that we stand by them," the Taoiseach said today.
"Tá sé ríthábhachtach go dtabharfaidh ceannairí an Aontais Eorpaigh teachtaireacht ana-láidir i mí an Mheithimh do mhuintir na hÚcráine go bhfuilimid ag seasamh leo", a dúirt an Taoiseach inniu.
Olga Stefanishyna thanked the Irish people for all their support.
Ghabh Olga Stefanishyna buíochas le muintir na hÉíreann as an tacaíocht ar fad.