jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/yg259anh
Government announces major investment in State infrastructure.
Mórinfheistíocht i mbonneagar an Stáit fógartha ag an Rialtas.
The Government's National Development Plan was launched in Cork today.
Seoladh Plean Forbartha Náisiúnta an Rialtais i gCorcaigh inniu.
The aim of this major capital investment project is to develop the State 's transport and housing infrastructure from now until 2030.
Bonneagar iompair agus tithíochta an Stáit a fhorbairt as seo go dtí an bhliain 2030 is é is aidhm don mhórthogra infheistíochta caipitil seo.
The plan is to spend € 165 billion on capital projects.
Tá sé i gceist €165 billiún a chaitheamh ar thionscadail chaipitil de réir an phlean.
Taoiseach Micheál Martin said the plan will help Ireland recover from the Covid-19 pandemic and create thousands of new jobs.
Thug an Taoiseach Micheál Martin le fios go gcuideoidh an plean le hÉirinn teacht chuici féin tar éis na paindéime covid 19 agus go gcruthófar na mílte post nua dá bharr.
€ 35 billion will be spent on transport over the next nine years.
€35 billiún a chaithfear ar chúrsaí iompair as seo go ceann naoi mbliana.
€ 11.6 million of this money will be spent on public transport, € 6 billion on roads, € 4 billion on walking and cycling facilities, and € 13 billion on the ongoing maintenance of all this infrastructure.
Caithfear €11.6 milliún den airgead seo ar iompar poiblí, €6 bhilliún ar bhóithre, €4 bhilliún ar shaoráidí coisíochta agus rothaíochta, agus €13 bhilliún ar an mbonneagar seo ar fad a chothabháil go leanúnach.
Although the plan contains commitments for an underground Dublin railway and the extension of the DART, no completion deadline has been set for either of these two proposals.
Siúd is go bhfuil gealltanais sa phlean maidir le hiarnród faoi thalamh i mBaile Átha Cliath agus síneadh a chur leis an DART, níor leagadh síos spriocdháta críochnaithe do cheachtar den dá thogra seo.
It is planned to spend € 185 million on setting up a DART-like train service in Cork.
Tá sé i gceist €185 milliún a chaitheamh ar sheirbhís traenach cosúil leis an DART a bhunú i gCorcaigh.
According to this plan, trains will run every ten minutes between Mallow and Midleton, via Cork city.
De réir an phlean seo, beidh traenacha ag imeacht gach deich nóiméad idir Mala agus Mainistir na Corann, trí chathair Chorcaí.
It is hoped that this service will be operational by 2026.
Tá súil go mbeidh an tseirbhís seo ag feidhmiú faoin mbliain 2026.
Minister for Transport, Climate, Environment and Communications Éamon Ryan said he was delighted that the funding would be distributed elsewhere than in Dublin.
Dúirt an tAire Iompair, Aeráide, Comhshaoil agus Cumarsáide Éamon Ryan go bhfuil sé an-sásta go ndáilfear an maoiniú ar áiteanna eile seachas Baile Átha Cliath.
Cork, Galway, Limerick and Waterford will also benefit from the plan, he said.
Bainfidh Corcaigh, Gaillimh, Luimneach agus Port Láirge tairbhe as a bhfuil sa phlean chomh maith, a dúirt sé.
In relation to housing, it is intended to provide grants and loans for people to retrofit their homes.
I dtaca le tithíocht de, tá sé i gceist deontais agus iasachtaí a chur ar fáil do dhaoine lena dtithe a iarfheistiú.
People will be asked to adapt their homes to the latest technology and make better use of natural resources.
Iarrfar ar dhaoine a dtithe a chur in oiriúint don teicneolaíocht is nua-aimseartha agus leas níos fearr a bhaint as acmhainní aiceanta.
In the area of education, € 4.4 billion is promised to be spent on primary and secondary education, as well as around € 2.9 billion on further and higher education.
I réimse an oideachais,