jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/yjz458ry
Let us remember today children with language disorders.
Cuimhnímis inniu ar leanaí a bhfuil neamhord teanga orthu.
Today is International Language Development Disorder Awareness Day.
Inniu Lá Feasachta Idirnáisiúnta ar Neamhord Forbartha Teanga.
This disorder interferes with a young person 's academic development and is estimated to affect 7% of the world' s children.
Cuireann an neamhord seo isteach ar fhorás acadúil an duine óig agus áirítear é a bheith ar 7 faoin gcéad de leanaí an domhain.
While this is great, Language Development Disorder is not very common.
Cé gur mór an méid sin, níl Neamhord Forbartha Teanga i mbéal an phobail.
In fact, it was not given international recognition until 2017.
Go deimhin, níor tugadh aitheantas idirnáisiúnta dó go dtí a bhliain 2017.
Since then, fortunately, global awareness day for children is celebrated at this time of year every year.
Ó shin, ar an dea-uair, ceiliúrtar lá feasachta domhanda ar son na leanaí an tráth seo den bhliain gach uile bhliain.
Thirteen-year-old Robert Mockler, who lives in Saggart House in south-west Dublin, has a Language Developmental Disorder.
Tá Neamhord Forbartha Teanga ar Robert Mockler atá trí bliana déag d'aois agus a bhfuil cónaí air i dTeach Sagard in iardheisceart Bhaile Átha Cliath.
He entered his first year of high school this year.
Chuaigh sé isteach sa chéad bhliain sa mheánscoil i mbliana.
“It’s a disorder that a person has had all his life,” his mother Brenda told us today.
"Is neamhord é a bhíonn ar dhuine a shaol ar fad," a dúirt a mháthair Brenda linn inniu.
"It 's not about a lack of intellectual ability.
"Ní bhaineann sé le heaspa cumais intleachtúil.
It is all very common, so common that it often remains hidden.
Tá sé an-choitianta ar fad, chomh coitianta sin go bhfanann sé faoi cheilt go minic.
If there were thirty children in a school class, two of them would have the disorder. "
Dá mbeadh tríocha páiste i rang scoile, bheadh an neamhord ar bheirt acu."
Robert himself told us that he has difficulty processing words in his mind and that this creates problems for him, for example, in maths.
Dúirt Robert é féin linn go mbíonn deacrachtaí aige focail a phróiseáil ina aigne agus go gcruthaíonn sé seo fadhbanna dó, cuir i gcás, sa mhata.
“Math has a lot of words when you go into high school,” he said.
"Tá go leor focal ag baint le mata nuair a théann tú isteach sa mheánscoil", a dúirt sé.
"For example, 'if a train is going at speed X how long will it take to go Y kilometers?' him.
"Mar shampla, 'má tá traein ag dul ag luas X cé mhéad ama a ghlacfaidh sé le dul Y ciliméadar?'" Lán béil de bhriathra an méid sin d'aon duine, gan trácht ar an té a bhfuil Neamhord Forbartha Teanga ag gabháil dó.
Brenda said Robert did not get a chance during the pandemic to avail of vital services and that his exam results were worse when he finished primary school than ever before.
Dúirt Brenda nach bhfuair Robert faill le linn na paindéime le leas a bhaint as seirbhísí fíorthábhachtacha agus go raibh a chuid torthaí scrúdaithe níos measa nuair a chríochaigh sé sa bhunscoil ná mar a bhí siad riamh roimhe sin.
That discouraged them, she said, after putting in the hard work as a family over the years.
Chuir sin lagmhisneach orthu, a dúirt sí, i ndiaidh dóibh an obair chrua a chur isteach mar theaghlach i gcaitheamh na mblianta.