jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/yz6em365
The report questions the need for the R116 mission.
Ceistíonn tuarascáil an gá a bhí le misean an R116.
A report was published this morning on the crash in which the four crew members aboard the R116 helicopter were killed while on a search and rescue mission off the coast of Mayo in 2017.
Foilsíodh tuarascáil ar maidin faoin tubaiste inar maraíodh an ceathrar criú a bhí ar bord an héileacaptair R116 fad agus a bhi siad i mbun misean cuardaigh agus tarrthála amach ó chósta Mhaigh Eo i 2017.
RTÉ understands that the report raises many questions about why the various navigation systems on board failed.
Tuigtear do RTÉ go n-ardaítear sa tuarascáil go leor ceisteanna faoi cén fáth gur theip ar na córais éagsúla loingseoireachta a bhí ar bord.
Although the sole objective of the Air Accident Investigation Unit (AAIU) is to avoid such disasters and not to blame anyone specifically, the question of whether the mission was necessary is raised in the first instance. .
Ainneoin gur seachaint ar a leithéid de thubaistí an t-aon chuspóir a bhíonn ag an tAonad um Imscrúdú Aerthionóiscí (AAIU) agus ná leagtar an mhilleán ar aon duine go sonrach, cuirtear an cheist faoina raibh aon ghá leis an misean ar an gcéad dul síos.
It is understood the report will be published today.
Tuigtear go bhfoilseofar an tuarascáil inniu.
Dara Fitzpatrick, Paul Ormsby, Ciarán Smith and Mark Duffy were killed when their R116 helicopter collided with Carrick-on-Shannon, off the coast of Blacksod on 13th March 2017.
Cailleadh Dara Fitzpatrick, Paul Ormsby, Ciarán Smith agus Mark Duffy nuair a bhuail an héileacaptar R116 ina raibh siad in aghaidh Charraig an Toir, siar amach ó chósta an Fhóid Dubh ar an 13ú Márta 2017.
During the investigation, initiated by the AAIU, it was revealed that various equipment was required with a defective navigation function.
Le linn don bhfiosrúchán, a thionscnaigh an AAIU, tugadh le fios go raibh trealamh éagsúil riachtanach le feidhm loingseoireachta lochtach.
This is equipment that crews rely on at night and when there is poor visibility due to bad weather.
Trealamh é seo ar a mbíonn criúnna ag brath san oíche agus nuair a bhíonn drochléargas de bharr drochaimsir.
It is understood that this equipment did not show Carraig an Toir - clearly or at all.
Tuigtear nár thaispeáin an trealamh seo Carraig an Toir - go soiléir nó in aon chor.
The crew were on their way to land an injured fisherman from a fishing trailer.
Bhí an criú ar a tslí le h-iascaire gortaithe a thabhairt i dtír ó thráiléar iascaireachta.
Documentation related to the investigation and seen by RTÉ's Prime Time program shows that the crew were not called to undertake the mission under medical guidance.
Léiríonn cáipéisíocht bainteach leis an bhfiosrúchán agus a chonaic an clár Prime Time, RTÉ, nár cuireadh fios ar an gcriú le tabhairt faoin misean faoi threoir leighis.
The 350 page document from the Air Accident Investigation Unit looks at everything involved in that accident.
Sa cháipéis 350 leathanach ón Aonad Um Imscrúdú Aerthionóiscí féachtar ar gach a bhain leis an dtimpiste úd.
The report questions whether there was any need for the R116 mission at all.
Ceistítear sa tuarascáil an raibh aon ghá le misean an R116 in aon chor.
It is said that the crash path that caused the accident was probably a combination of bad weather, as high in the air as the helicopter and because the crew was unaware of a 282-foot obstacle.
Deirtear gur dócha gur meascán do dhroch aimsir, chomh hard san aer is a bhí an heileacaptar agus toisc nach raibh an criú ar an eolas fé chonstaic 282 troigh ar airde a bhí sa chonair eitilte a ba chúis leis an dtionói...