jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/yk699eks
Highly valuable films from Corca Dhuibhne in the 1920s found.
Scannáin fíor-luachmar as Corca Dhuibhne sna 1920í aimsithe.
America has found some invaluable films that provide an important insight into life in 1920s Ireland.
Ta scannáin fíor-luachmhar a thugann léargas tábhachtach ar an saol in Éirinn sna 1920í aimsithe i Meiriceá.
Benjamin T.
Benjamin T.
The films were made by Gault, a conservationist and naturalist, while in Ireland collecting seabirds, eggs and other animals.
Gault, caomhantóir agus nádúraí a dhein na scannáin, le linn do bheith in Éirinn ag bailiú éanlaithe mara, uibheacha and ainmhithe eile.
Most of the films are about the Corca Dhuibhne area of Kerry.
Baineann formhór na scannán le ceantar Chorca Dhuibhne i gCiarraí.
Scenes tamed on 19 35mm rolls include farmers plowing in the parish of An Fheirtéaraigh, turf cutting on the Field, set dancing on the Boulteen, races and a fair day in Dingle, women going to Mass, street vendors, sheep being transported from Inis Mhic Uibhleáin in the naomhóga.
I measc na radharcanna atá ceansaithe ar 19 rolla 35mm tá feirmeoirí i mbun curadóireachta i bparóiste an Fheirtéaraigh, baint na móna ar an bhFearann, rince seite ar an mBuailtín, ráiseanna agus lá aonaigh sa Daingean, mná ag dul ar an Aifreann, díoltóirí sráide, caoire á n-iompar ó hInis Mhic Uibhleáin sna naomhóga.
The material was discovered by Mícheál Ó Mainnín, a farmer and fisherman from An Fheirtéaraigh's parish.
Mícheál Ó Mainnín, feairmeoir agus iascaire ó pharósite an Fheirtéaraigh a d'aimsigh an t-ábhar agus e ag fiosrú scéil a bhí ag a athair críonna fén Meiriceánach a bhí i mbun taifeadta sa cheantar fadó.
"My wise father, Mick 'Neilí' Ó Mainnín, said that this American was in the area collecting birds and things.
"Dúirt m’athair críonna, Mick 'Neilí’ Ó Mainnín go raibh an Meiriceánach so sa cheantar agus e ag bailiú éanlaithe is rudaí.
He had no shortage of money and would sell the fishermen for what they brought him.
Ní raibh aon easpa airgid air agus dhíolfadh sé na hiascairí as an méid a thugaidís chuige.
But my wise father said he also had a camera and took a number of films in the area. "
Ach dúirt m’athair críonna go raibh ceamara aige chomh maith agus go dtóg sé scata films sa cheantar."
Mannin investigated the story and finally found a collection of Gault films, in the archives of the Chicago Academy of Sciences, among notes and diaries relating to his voyage to Ireland.
D'fhiosraigh an Mainníneach an scéal agus d’aimsigh sé cnuasach scannán Gault ar deireadh, i gcoimeád i gcartlann an Chicago Academy of Sciences, agus é i measc nótaí agus dialanna a bhaineann lena thuras go hÉirinn.
The Irish Film Institute decided to digitize the material, with the support of the San Francisco Silent Film Festival.
Bheartaigh Inistitiúd Scannán na hÉireann an t-ábhar a dhigitiú, le tacaíocht ón San Francisco Silent Film Festival.
The Irish Film Institute says they are invaluable recordings that give a fascinating insight into rural life in the 1920s.
Deir Institiúd Scannán na hÉireann gur taifeadtaí fíor-luachmhar iad a thugann léargas iontach ar shaol na tuaithe sna 1920í.
Manus McManus said that recordings from this period are very rare and that some of these films are of a high standard.
Dúirt Manus McManus gur fíorannamh a mhaireann taifeadtaí ón dtréimhse seo agus go bhfuil na scannáin áirithe seo ar ard-chaighdeán.
The Institute intends to make the films available to the public on its website.
Tá sé beartaithe ag an Institiúd na scannáin a chur ar fáil don bpobal ar a suíomh idirlín.
Benjamin T.
Benjamin T.