Nuall na nÓg

Nuall na nÓg

By Nuall na nÓgArts
Download on the App Store

Nuall na nÓg episodes

  • Comhráite Oileánacha: le Fionnan Ó Conaola

    An tseachtain seo, téann muid go hInis Oírr, áit ar bhuail Anna le Fionnan tráthnóna breá grianmhar. Labhraíonn Fionann fán tsaol san oileán, veigeánachas & biafhlaitheas, agus an tábhacht a bhaineann le caomhnú shaibhreas na teanga san oileán, agus a gcuid iarrachtaí sin a dhéanamh. Labhraíonn siad ar na dúshláin atá ag teacht le géarchéim na haeráide, agus cuireann siad béim ar na buntáistí a bhaineann le stíl mhaireachtála phlanda-bhunaithe in oileán beag cosúil le hInis Oírr.

    Déanaigí cinnte éisteacht leis an phlé spreagúil seo a thaispeánann an saibhreas cultúrtha, an inbhuanaitheacht agus an oidhreacht teanga; rudaí atá fíorspeisialta fá Inis Oírr.

    41 min
  • Athbheochan na scannánaíochta, an Ghaeilge ar an scáileán, agus stailceanna stairiúla in Hollywood.

    Bígí le hAnna agus le Kathleen agus iad ag déanamh anailíse ar saol aoibhinn na pictiúrlainne le déanaí. An ceacht é Barbie ar smaointe Feimineacha? An ndéanann Oppenheimer tionscadal Manhattan a ghlóiriú? Nó nach bhfuil iontu ach scannáin iontacha? Pléann siad an tallann atá ag teacht chun cinn in Éirinn agus aon díol bíse atá fós le teacht. Ar ndóigh, cloisimid roinnt anailísí láidre ó Andrew fosta. Beir leat do ghrán rósta!

    50 min
  • Breith Suas Linn! Mí an Mheithimh

    Thugamar féin an samhradh linn leis an phod seo a chomrádaícunts. Ar ndóigh bhí an submarine (fomhuireán) sin ina cheap magaidh againn; ní éistfear le haon duine eile a deir go ndáiltear saibhreas an domhain ar mhaithe leis an tsaol fán chaipitleachas - go háirithe nuair is féidir le biliúnaithe 250k a íoc chun lámh a chur ina mbás féin... Agus muid ag trácht ar rudaí ar cheart iad a chur go bun na meara, is féidir slíomadóir an tsamhraidh a thabhairt ar Robbie Keane - atá ina bhainisteoir ar fhoireann peile san Iosrael. Masmasach!!! Into the Submarine Robbie Keane.. Bígí linn!

    40 min
  • Breith Suas Linn! Mí Aibreáin

    Comhrá den scoth idir Anna agus Andrew ag amharc siar dóibh ar aistear s’aige go Hong Cong. Ba chaoin na cuimhní a bhí le cíoradh acu seal pléite na saoire. Tá rudaí maithe ar na bacáin d’Anna agus í ag pilleadh ar Éirinn go luath. Buille fá thuairim cé acu a chaill fidil sa tSín ? Tuilleadh fán chlann ríoga agus slíomadóirín eile…

    1 hr 6 min
  • I gcroílár Ghaeltacht Bhéal Feirste le Darán Ó Dochartaigh

    Is beag rud níos deise ná suí cois tine le pionta Guinness i gcroílár Gaeltacht Bhéal Feirste, is cinnte é sin! Bhuail Anna isteach go Cumann Chluain Ard cúpla mhí ó shin chun caint le Darán ó Dochartaigh - aistritheoir agus gníomhaí teanga, fá stair agus todhchaí cumann cluain ard, láidreacht an teanga i mBF agus a aistear féin leis an Ghaeilge & an obair go dtí seo. Bainigí sult as!

    40 min
  • Machnamh, le Síomha

     SÍOMHA, sea SÍOMHA sa chathaoir the a chomhrádaithe. Ba ardú croí é an eipeasóid seo. Agus é ag druidim le comóradh bliana a halbaim ‘infinite space’, bí sé de phribhléid ag Anna a bheith ag labhairt le Síomha faoi na gnéithe éagsúla a bhaineann le halbam a chruthú, faoi bheith ainmninithe do na RTÉ Folk Awards, faoina cuid oibre le hAclaí Palestine, agus a podchraoladh nua ‘exploring infinite space and beyond’. Caithis mhillteanach Is féidir libh tacú le obair Aclaí Palestine anseo: https://www.gofundme.com/f/acla-palestine-project  agus tá nascanna chuig Patreon Síomha ar leathanach insta s’aici.

    37 min
  • Ag foghlaim mar dhuine fásta: idir theanga agus cheol, le Miadhachlughain O'Donnell

    Shuigh Anna le Miadhachlughain O’Donnell ag amharc siar ar an am a chaith siad lena chéile i rith na paindéime ag labhairt Gaeilge, ag canadh agus dar ndóigh, ag ól. Pléifidh Miadhach an dóigh ar bailíodh agus ar taifdeadadh na hamhráin dá EP úr, atá á sheoladh Dé hAoine beag seo (27ú Eanáir) sa Chultúrlann i mBéal Feirste agus tá ticéid ar fáil saor in aisce ó shuíomh idirlín na Cultúrlainne - tá an nasc in san bio.  Bainigí sult a chairde!

    22 min
  • Pod Cinn Bhliana 2022
    Bhuel féach a bhfuil anseo againn, pod úr cinn bhliana a chomrádaithe agus é i bhfad thar am. Éistigí le Andrew agus le Anna an uair seo. Beidh slíomadóirí na bliana 2022 á ndíchonstráidiú acu leis an deisbhéal, an giúmar agus an aiféis is dual daofa. Déanfar buaicphointí cultúir na bliana a chéiliúradh agus sceithfear sonraí samhnasacha Spotify Wrapped ó dhuine amháin acu. N’fheadar cé a bhí ann?! Bhí vadhbs gan smál ann seal taifeadta an phod agus táimid ag súil go mór libh a bheith ar ais inár gcuideachta aríst eile. Bígí lnn!
    57 min
  • Scéim Cónaithe Gaeilge QUB le Kathleen Ní Nualláin & Ciara Ní Ghadhra

    Labhraíonn Anna le Kathleen Ní Nualláin & le Ciara Ní Ghadhra fán chéad scéim cónaithe Gaeilge in Ollscoil na Ríonna, fiafraítear daofa má tá siad ina mbaill de Chumann na bhfear buí agus fiosraítear cé na háiteanna is fearr fá choinne oíche drabhláis mBéal Féirste (glac a gcuid moltaí ar do phriacal féin - beirt culchies sa chéad bhliain iad ar ndóigh)

    35 min

About Nuall na nÓg

From the publisher's feed

Is podchraoladh úrnua Gaeilge é Nuall na nÓg