Nuall na nÓg

Nuall na nÓg

By Nuall na nÓgArts
Download on the App Store

Nuall na nÓg episodes

  • Sraith Agallamh Cuid a 2: Gafa le Gaylgeoirí | #10

    Bhriseamar fríd dromchla ardghlórach, álainn, aerach, mar is fearr aithne atá air, agus bhuaileamar le Cian Ó Gríofa, file, eiseamláir, agus gnáthfhear galánta. 

     Labhair sé faoina shaoldearcadh i dtaobh na Gaeilge, faoina chúlra teanga agus faoin dóigh ar chuir sé aithne air féin agus ar ar a ghnéasúlacht i neadóg na Gaeilge.  D’imríomar cúpla cluiche leis an scúp a fháil sula ndeachaigh Aindriú a luí . 

    Filíocht agus leabhar nua dá chuid, Foclóir nó Teanglann? agus an réaltchomhartha s’aige uilig le fáil ar Spotify, Apple Podcasts srl.

    46 min
  • Pod Chinn Bhliana 2020: Gameshow Gaeilge - An Gol is An Gáire | #9

    Seo seó i bhfoirm Reeling in the Years. Triaileann muid idir an mhaith is an t-olc a phlé den raic ar fad ón bhliain úd atá imithe tharainn (buíochas le focain dia). Cuireann muid sraith le chéile de na buaicphointí nuachta, ceoil, cultúrtha agus tallainne a chuir go mór mór le saibhreas an tsaoil Éireannaigh i mbliana. Luafar na daoine galánta thíos.  

    Bhí dúshláin mhóra le sarú ag an triúr againn i mbliana, mar a bhí ag achan duine. Ach, bhí an-bhliain againn i rith an ama. In ainneoin Covid-19, ní raibh rud ar bith níos taitneamhaí ná na laethanta fada samhraidh agus na hoícheanta siochta geimhridh ar chaith muid le chéile ag déanamh na bpodchraoltaí seo le chéile. Athbhliain faoi mhaise daoibh uilig a chomrádaithe <3

     Anna, Andrew agus Cillian,  gang NNN x 

    55 min
  • Scannal Scaipthe na Nocht-Íomhánna (Nudes Leak Scandal): Comhfhreagracht, Cearta agus Coireanna | #8

    GNÉAS-FHORÉIGEAN ÍOMHÁBHUNAITHE (image-based sexual violence) .i. leagan níos cirte den díoltas phornagrafach (revenge porn): Foréigean gnéasach a imirt ar dhuine trí mheán íomhánna graosta nó gáirsiúla a chur ar taispeáint sa timpeallacht. NÓ Díoltas a bhaint amach ar dhuine trí íomhánna príobháideacha de nó di a sceitheadh os comhair an tsaoil mar a bheadh pornagafaíocht ann  

    MILLEANÚ AN ÍOSPHARTAIGH: An locht a chur ar an duine atá thíos leis an choir.  

    ”GÁS-SOILSIÚ” (gaslighting): Mearbhall intinne a chur ar dhuine d'aonghnó is go mailíseach chun dul i bhfeidhm air nó uirthi.

     Tá súil againn go mbaineann sibh idir thairbhe is taitneamh as an eipeasóid seo. Cuimhnigí gur éadroime an t-ualach á roinnt.

    48 min
  • Anna i nGaillimh: Meabhairshláinte, Murica & rúinne beag Marxachais | #6

    Cuireann fuaimrian galánta leis an phianódóir @ellamcgrory ola ar chroí is ar intleacht na mbuachaillí sa chlár seo. Déanann siad domhantuiscintí pearsanta ar chúrsaí meabhairshláinte a chíoradh le chéile agus triaileann siad an teoireann idir mórcheisteanna eacnamaíocha agus cúinsí saoil an lae inniu a réabadh ó bhun. Ar a bharr sin, bíonn deis cainte ag @cillianmaccaba fá dheireadh 😩 (in éagmais Anna?!) Tá súil againn go mbeidh an comhrá ina údar faoisimh is inspioráide agaibh mar a bhí sé againn féin 💚

    52 min
  • Cleamhnas, Cardi B agus ag Cronú Cairde le hEmma Ní Fhíoruisce | #5

    An tseachtain seo labhair muid le hEmma Ní Fhíoruisce fá gach rud óna cúlra sa cheol go dtí an próiseas scríbhneoireachta s’aici, chomh maith le go leor craice agus cúpla amhrán. An rud amháin a bhí in easnamh ná cúpla jagerbomb agus suíochán in Hiúdaí Beags. Tá súil againn go mbeidh muid uilig ‘Ar Ais go Gaoth Dobhair’ gan mhoill!

    44 min
  • #MiseFosta | #3

    Labhair Anna inniu le Pauline Scanlon (FairPlé) agus Deirbhle Nic an Aoire faoin ghluaiseacht a tháinig chun solais i saol an cheoil thraidisiúnta le déanaí - #MiseFosta

    43 min

About Nuall na nÓg

From the publisher's feed

Is podchraoladh úrnua Gaeilge é Nuall na nÓg