Nuall na nÓg

Nuall na nÓg

By Nuall na nÓgArts
Download on the App Store

Nuall na nÓg episodes

  • Gadaíocht Aitheantais & Gabhar ar Bhus | Scéalta ó Vítneam cuid a haon

    Tá Anna agus a deirfiúr Kathleen ag caitheamh súil siar ar a gcuid ama i Vítneam agus na heachtraí craiceáilte a tharla inti cosúil le gadaíocht aitheantais ar theorainn Laos, meaisín níocháin strapáilte ar chúl gluaisrothair, agus daoine Sasanacha nach raibh a fhios acu go bhfuil ár dteanga féin againn in Éirinn. Bainigí sult!  Le fáil ar Spotify, Anchor, Apple Podcasts srl.   www.patreon.com/leftbloc

    28 min
  • Pod Chinn Bhliana 2021: Gameshow Gaeilge - Ó ó ochómicron

    Ár gcuid den bhliain nua oraibh a chairde agus a chomrádaithe! Cuirfidh sé ola ar an chroí a chluinstean go raibh muid in éineacht a chéile le linn na Nollag. Ach, tholg beirt den triúr againn an víreas úd. Meas sibh cé a sheachain é?  Ar aon nós, seo ócáid le buaiceannaí na bliana groí a d'imigh tharainn a chomóradh agus na híosphointí a olagón. Seans go bhfuil cur amach agaibh ar an leagan amach ó phod chinn bhliana 2020. Aithneoidh sibh, mar sin, an iarracht a dhéanann muid idir ealaíontóirí ildánacha,is cheoltóirí atá mór linn a chur chun cinn. Grá mór agus bainigí ceol as <3

    38 min
  • Múinteoir le linn an Lae, Striapach le linn na Sheets - Sraith II Eip 1 Cuid 1

    Tá muid ag dúil go mór mór leis an cheann seo a chur in bhur gcluasa a chomrádaithe. Tá muid ar ais aríst le sraith úrnua agus lógó diamhar ón Diabhal é féin @_diabhal666_ .  Labhraíonn muid go mion ach go gealgháireach fá gach rud fán spéir a bhaineann leis an tús nua, bíodh sé ina phost nó ollscoil nua etc. agus bhí aoichainteoir seoigh linn @ItsTurlough  le hé seo uilig a chur fá chaibidil.

    44 min
  • Múinteoir le linn an Lae, Striapach le linn na Sheets - Sraith II Eip 1 Cuid 1

    Tá muid ag dúil go mór mór leis an cheann seo a chur in bhur gcluasa a chomrádaithe. Tá muid ar ais aríst le sraith úrnua agus lógó diamhar ón Diabhal é féin @_diabhal666_ .  Labhraíonn muid go mion ach go gealgháireach fá gach rud fán spéir a bhaineann leis an tús nua, bíodh sé ina phost nó ollscoil nua etc. agus bhí aoichainteoir seoigh linn @ItsTurlough  le hé seo uilig a chur fá chaibidil.

    53 min
  • Bliain ar an Aer |#15

    Catchup mór de dhíth agus Andrew ar ais ó Abu Dhabi. Giota spraoi agus muid uilig le chéile arís. Níor thuig muid a mhéad a chrónaigh muid an chraic! 






    16 min
  • An tSárshraith Eorpach - Scannal Saolta Sacair | #13

    An tseachtain seo bhí an gang ag plé peil sacair. Bhí Andrew ar seachrán ar feadh tamaill ach buíochas le dia tá sé ar ais agus níos rancásaí ná riamh! Dar ndóigh, bhí muid ag olagón fán chaipitileachas agus fán tSárshraith Eorpach ba ábhar mór conspóide le linn na seachtaine. 

      

    39 min
  • Cealchultúr: Ar Ceal nó Ar Athlá? | #12

    An bhfuil an chumhacht agat duine eile a chealú nó ar chóir duit sochar an amhrais a thabhairt dóibh?  

    Agus cealchultúr go mór i mbéal an phobail ar líne fá láthair, rinne Anna agus Cillian mionscrúdú ar an ábhar le fáil amach.  

    Fosta beidh neart craice, cúpla cluiche agus roghnóidh an dísreach slíomadóir na seachtaine (prick of the week)! 

    28 min
  • Réaltchomharthaí an Stoidiaca Cuid a hAon - An tIasc an tUisceadóir Agus an Leon | #11

    Tá an saol gann ar chreidimh a thugann léiriú macánta ar chastachtaí an nuashaoil  Téann Anna agus Andrew i ngleic le ceist na spioradáltachta agus déanann siad scagadh ar na réaltchomharthaí (Sea léigh sibh mar is ceart é). Fuasclaíonn siad an cheist: An leigheas nua - aimseartha ar an aindiachas iad nó an é nach bhfuil iontu ach cur i gcéill agus ábhar magaidh? Ó agus tá braon polaitíochta ann fosta ar ndóigh ;)

    34 min

About Nuall na nÓg

From the publisher's feed

Is podchraoladh úrnua Gaeilge é Nuall na nÓg