
Sign up to save your podcasts
Or


Tháinig Aisling Moran isteach go dtí an stúideó le labhairt faoin albam nua a bheidh á eisiúnt aici ar an 3ú Deireadh Fómhair sa Fumbally i mBaile Átha Cliath.
Is féidir ticéid a fháil ar leathanach Instagram Aisling @ceol_aisling
Éist le Raidió Rí-Rá ar an aip, ar DAB agus ar líne ag www.rrr.ie
Bhí gig Airneán ar siúl againn aréir in Small Changes in Ínse Chór le Aisling Moran, And he, the fool & Rónán Ó Snodaigh. Seo chugaibh blaiseadh de!
Beidh an chéad oíche Airneán eile ar siúl i mí Dheireadh Fómhair i mBóthar na gCloch mar chuid d'Fhéile Splanc. Coimeád súil ar Eventbrite & Instagram RRR
Tá an loch is mó in Éirinn, Loch nEathach, á phlúchadh ag algaí gormghlasa. Tubaiste thimpeallachta é, an loch a bhfuil na mílte ag brath air ag fáil bháis os comhair ár gcuid súl.
Bígí páirteach san fheachtas @saveloughneagh
Agóid ar siúl lasmuigh de Chnoc an Anfa ar an 26 Meán Fómhair
Tá Gaeloideachas ag eagrú Comhdháil na Luathbhlianta a mbeidh ar siúl ar 17 Deireadh Fómhair in Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne, Baile Átha Luain. 'Ag fí na teanga' an téama atá ar an gcomhdháil agus labhair Nuala Ní Chonláin agus Katie Ní Riain faoi le hAisling ar eagrán an lae inniu.
Labhair Aisling le Nell Ní Chíobháin ó @anam_nutrition maidir leis an leigheas atá ar fáil sa bhia, conas gur féidir linn oibriú lenár hormóin agus conas an córas imdhíonach a neartú le linn an gheimhridh.
Is féidir gach eolas faoi sheirbhísí Nell a fháil ar Instagram ag @anam_nutrition nó trí ríomhphost a sheoladh chuici ag [email protected].
Tá scéim nua seolta ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, an Roinn Chultúir agus Fáilte Ireland darb ainm Dublin By Dusk agus mar chuid den scéim beidh imeachtaí ar siúl agus roinnt áiteanna ag fanacht oscailte níos déanaí mar a bhíonn siad oscailte de ghnáth an Déardaoin deireanach de ghach mí. Ar Choinne Chultúir na seachtaine seo chun é sin a phlé tá Caoimhe Seoige ó Fháilte Ireland.
San eagrán Coinne Chultúir seo, labhraíonn Jade agus Aisling faoi chuile rud a thit amach idir Macklemore agus Ed Sheeran.
Má tá tuairim agat féin ar mhaith leat a roinnt, roinn linn é ar Instagram @raidiorira
Is féidir éisteacht le Raidió Rí-Rá ar rrr.ie, ar D.A.B nó ar an aip
Labhair Aisling le baill an Kabin Crew, Aaron & Liadh Crew faoin dtogra nua atá ar bun acu leis An Post darb ainm Ag Baint Feabhais Amach.
Labhraíonn an t-aisteoir Evanne Kilgallon faoin dráma nua Saoirse atá á léiriú ag Dublin Fringe Festival, faoina cleachtas ealaíne, agus faoin tábhacht a bhaineann le spraoi sa lá atá inniu ann.
Labhair Aisling le Clodagh Ní Mhuirí ó Ghaeloideachas maidir leis an mol nua atá seolta acu darb ainm 'Irish for Parents', a thacóidh le tuismitheoirí atá ag iarraidh cabhrú lena bpáistí agus iad ag foghlaim na Gaeilge nó le tuismitheoirí atá ag iarraidh a bpáistí a thógaint trí Ghaeilge.
https://irishforparents.ie/
From the publisher's feed