Raidió Rí-Rá

Raidió Rí-Rá

By Raidió Rí-RáArtsMusic
Download on the App Store

Raidió Rí-Rá episodes

  • Electric Picnic 2026 - Siúl Siar

    Agus seachtain caite théis na féíle, tar ar Choinne Chultúir le Jade ⁊ Emma le léirmheas a fháil ar Electric Picnic 2026.

    Idir buachphointí, íosphointí ⁊ mianta na bliana seo chugainn- tá neart le plé againn san eagrán seo!

     

    Éist le Raidió Rí-Rá ar rrr.ie, ar D.A.B nó ar an aip- am ar bith, áit ar bith.

    32 min
  • Lón Machnaimh le Laoighseach Ní Choistealbha

    Ar eagrán an lae inniu labhair Aisling leis an bhfile, scríbheneoir agus an scoláire Laoighseach Ní Choistealbha. Tá eagrán filíochta Laoighseach 'Mainistir na Feola' ainmnithe do ghradam Uí Shúilleabháin Oireachtas na Samhna 2026, an t-aon bhean agus an t-aon file ar an ngearrliosta. Seo an dara cnuasach uaithi agus bhíomar chomh sástá a bheith in ann an gradam agus a saothar trí chéile a phlé léi ar Lón Machnaimh.

    28 min
  • An mbeidh an Ghaeilge ag na Oscars arís?

    Ar eagrán na seachtaine seo labhair Aisling le Damian McCann, stiúrathóir agus comhscríbhneoir an scannáin Aontas atá roghnaithe ag IFTA le hionadaíocht a dhéanamh ar Eireann ag na hOscars.

     

    Is féidir féachaint ar Aontas saor in aisce ar sheinnteoir TG4.

    17 min
  • Lón Machnaimh: Dornaclaíocht & Oidhreacht Katie Taylor

    Tá an tír ar fad ag ullmhú do throid deireanach Katie Taylor an deireadh seachtaine seo, agus theastaigh uainn labhairt faoi le Adam Mac Con Midhe, a dhéanann ranganna dornálaíochta trí Ghaeilge i dTamhlacht. Labhair sé liom faoina ghnó fhéin, na buntáistí a fhaigheann sé ón ndornálaíocht agus an oidhreacht a bheidh fágtha i ndiaidh Katie Taylor.

     

    Lean Adam ag @dornaclaiocht

    15 min
  • Lón Machnaimh: The Last Gaeltacht le Ryan Carlin

    Labhair Aisling leis an gcruthaitheoir Ryan Carlin faoin fhíschluiche atá á chruthú aige darb ainm The Last Gaeltacht, ina bhfuil ar charachtair an Ghaeltacht dheireanach sa tír a shábháil ó lucht an Bhéarla.

     

    Níl an cluiche ar fáil go fóill ach is féidir é a réamhshábháil ar Steam.

    6 min
  • Lón Machnaimh: Amhrán na Laoch

    Tá comórtas cumadóireachta amhrán Gaeilge á reáchtáil mar chuid de Mhí Cheoil na hÉireann arís i mbliana, le tacaíocht ó An Post, Gael Linn, Hot Press agus Cumann Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann.

     

    Is é Dé hAoine, an 18 Meán Fómhair 2026, an dáta deiridh le haghaidh iontrálacha agus labhair Aisling le Críostóir Mac Afraidh faoin gcomórtas agus na duaiseanna atá ar fáil do na buaiteoirí.

    6 min
  • Coinne Chultúir: Breith suas agus cuimhní na bhféilte

    Tá Emma, Aisling agus Jade ar ais sa stiúideo le chéile!

    Breith suas linn agus muid ag déanamh plé ar an nuacht is déanaí i saol an cheoil agus ag cuimhneamh siar ar scéalta na bhféilte ceoil thar na blianta!

    Labhrímid faoin scannán nua 'Tony', ré nua Fontaines D.C., comh maith le buachphointí ⁊ ceachtanna foghlamtha ag na bhféilte ceoil.

    Éist le Raidió Rí-Rá ar rrr.ie, ar D.A.B agus ar an aip

    36 min
  • Coinne Chultúir: Achoimre ar ATN, saol gan Instagram agus The Backrooms

    Tar ar Choinne Chultúir le Jade ⁊ Aisling!

     

    San eagrán seo insíonn Jade dúinn faoi conas mar a bhí All Together Now agus faighimid uasdátú ó Aisling maidir le conas atá ag eirí leí gan Instagram na laethanta seo... i measc neart eile!

     

    Éist le Raidió Rí-Rá ar rrr.ie, ar D.A.B ⁊ ar an aip xoxoxo

    35 min
  • Scileanna Caillte le Common Knowledge

    Is é an sprioc atá ag Common Knowledge ná cuid de na scileanna dúchasacha atá caillte againn a mhúineadh don chéad ghúin eile, le muinín a chothú agus comhoibriú a spreagadh. Reachtálann siad cúrsaí deireadh seachtaine ar bhunscileanna tógála agus inbhuanaitheachta chomh maith le meithleacha agus seisiúin ceoil.

     

    Beidh féile ar siúl acu an deireadh seachtaine seo i gContae an Chláir darb ainm Rekindle, le ceolchoimreancha, ceardlanna agus seisiúin eolais, agus an chuid is mó de saor in aisce.

     

    Is féidir gach eolas a fháil ag www.ourcommonknowledge.org nó ar a leathanach Instagram @common_k_

    19 min

About Raidió Rí-Rá

From the publisher's feed

Podchraoladh de chuid Raidió Rí-Rá ina dtugaimid léirmheas ar albaim, scannáin, leabhair agus a thuilleadh ná é atá go mór i mbéal an phobail Ghaeilge.

Faigh cupán tae nó gloine fíona, lig do…