
Sign up to save your podcasts
Or


Bhí deis ag Jade suí síos agus labhairt leis an gceoltóir agus ealaíontóir Blue Niall ar choinne chultúir na seachtaine, idir cúrsaí ceoil go ceist an choilíneachais is beag ábhar nár chlúdaigh siad.
Táimid ag dul ó thuaidh ar eagrán na seachtaine seo go baile beag gaelach i gcontae Dhoire darb ainm Carn Tóchair. Seans nár chuala cuid agaibh faoin mbaile seo cheana, ach le déanaí mhol coiste Oireachtais na Gaeilge go mbeadh sé ina pholasaí ag an Rialtas múnla Charn Tóchair a leanúint chun ceantair ‘Ghaeltachta’ a fhorbairt i ngach contae sa tír taobh istigh de 20 bliain. Siar i 1992, bunaíodh Coiste Forbartha Charn Tóchair le dul i ngleic le bánú an cheantair. Theastaigh uathu pobal tuaithe inbhuanaithe a chruthú, le daoine folláine, sona agus muiníneacha. Agus é sin ar fad a dhénamah trí Ghaeilge. Breis is 30 bliain ar aghaidh, tá an áit faoi bhláth. Labhair Aisling le Clíodhna Ní Mhianáin le tuilleadh a fhoghlaim faoin bpobal álainn seo agus le cúis a ratha a fhiosrú.
An bhfuil ardán meán sóisialta Gaeilge uait? Gan IS? Gan fógraí? Sin atá i gceist le Cogar! Labhair Aisling le cruthatheoir na haipe, Rónán Ó Laoire, ar eagrán na seachtaine seo.
I ndiaidh na gcíréabacha lofa a thit amach i mBéal Feirste an tseachtain seo caite, theastaigh ó fhoireann RRR solas a leagadh ar cheoltóirí Éireannacha le dath a chuireann go mór lenár gcultúr,le ceol agus le hanam na tíre seo.
Ceol luaite san eagrán:
Nasc le hairgead a dheonú do na daoine a bhí buailte ag na círéabacha: https://chuffed.org/project/185445-support-people-and-groups-impacted-by-racist-attacks
Ar eagrán na seachtaine seo labhair Aisling le Conchúr Ó Giollagán faoin dtorga Eorpach Fosterlang atá ag iarraidh pobail mhionteangacha na hEorpa a chumasú agus a neartú le go bhfásfaidh said agus go mbeidh siad an fhód a sheasamh i gcoinne mórtheangacha an domhain sa todhchaí. Is féidir leatsa cabhrú lena gcuid oibre tríd an suirbhé Gaeilge a líonadh isteach atá ar fáil anseo: https://odk.al.uw.edu.pl/-/single/JbgcKEOaVC3FOQGaO112EcuTxAGPtg4?st=UZok4!e2jWBIoKud9KZDihGStKAYEAbYI2fhrZgsBlBGQk7QFZTa3C8m9OV8ioRL
Tá mí an bhróid bualite linn agus labhair Aisling le baill Aerach Aiteach Gaelach faoi na himeachtaí a bheidh ar siúl acu i gcaitheamh na míosa idir bál agus comhdháil. Is féidir ticéad a fháil do na himeachtaí atá luaite ar https://www.aerachaiteachgaelach.net/
Is féidir tacú le Raidió Rí-Rá trí sinn a leanúint ar na meáin shóisialta.
Pléann Emma & Aisling cuid de na gigeanna a sheas amach dóibh le déanaí agus tugann siad léirmheas iomlán ar chéad albam Rua Rí 'Tell Your Mother I Saved Your Life'.
Cuimhní Fhéile na Gealaí agus iad ag ceiliúradh 10 mbliana ar an bhfód le Caoimhe Ní Chathail agus éisteoirí Raidió Rí-Rá.
Gradaim NÓS 2026, Duffy ag filleadh ar ais, ceol nua Charli XCX agus ... Drake (AKA IceMan)
Tar ar choinne chultúir na seachtaine seo le hEmma, Aisling agus Jade! Tamall ó a bhíomar triúir istigh ar an gcoinne libh, ⁊ neart le plé ...
-
Is féidir éisteacht le Raidió Rí-Rá ar rrr.ie, ar an aip ⁊ ar D.A.B am ar bith, áit ar bith!
Eagrán fíor speisialta le hAisling ⁊ Jade an tseachtain seo!
Bígí linn ⁊ muid ag déanamh plé ar albam nua KNEECAP ó thús go deireadh. Bhí an-craic againn leis an gcean seo ...
Is féidir éisteacht le Raidió Rí-Rá ar rrr.ie, ar D.A.B ⁊ ar an aip
Bígí linn ar instagram ⁊ TikTok @raidiorira
From the publisher's feed