Raidió Rí-Rá

Raidió Rí-Rá

By Raidió Rí-RáArtsMusic
Download on the App Store

Raidió Rí-Rá episodes

  • Adolescence

    Ní fhéadfaimis an ceann seo a fhágaint ar lár. Déanann Aisling agus Emma plé ar an mionsraith is rathúla ar Netflix , Adolescence. Pléitear ábhair níos troime san eagrán seo.

    34 min
  • Small Town, Big Story le hEvanne Kilgallon

    Labhraíonn aisteoir agus scríbhneoir Evanne Kilgallon faoina taithí ag obair le Chris O'Dowd ar sraith nua ar Sky TV, a gairm mar chruthaitheoir lánaimseartha, ócáidí Off Topic, agus físeáin fheisteas an lae ar TikTok!

    18 min
  • ”I Was There” - Ceolchoirmeacha Íocónacha le Ruth Hodder

    Labhraíonn an poibleoir agus bainisteoir ceoil Ruth Hodder linn faoi phodchraoladh na Tenth Man mar gheall ar cheolchoirmeacha íocónacha Éireannacha agus an gá le hionaid bheaga ceoil.


    Sa tsraith "I Was There" fiosraítear ceolchoirmeacha Bob Marley, The Cranberries, agus Nirvana anseo in Éirinn. Tá an podchraoladh ar fáil ar Spotify, Apple, agus gach áit eile a mbíonn podchraoltaí.

    26 min
  • Bops & Flops 2024

    Féachann Jade, Emma & Aisling siar ar 2024 agus ar na halbaim & amhráin a sheas amach. Roineann Ruairí Egan ón bpodchraoladh Léim Thart a thuairimí linn chomh maith!


    Lean Raidió Rí-Rá ar na meáin shóisialta @raidiorira

    1 hr 7 min
  • Small Things Like These

    Chuaigh na gals chun na pictiúrlainne d'eagrán na seachtaine seo chun Small Things Like These a fheiscint, scannán bunaithe ar leabhar a scríobh Claire Keegan le Cillian Murphy sa phríomhról.


    Bí i dteagmháil ag @raidiorira ar na meáin shóisialta!



    32 min
  • Súil Amháin - athPhORT

    San eagrán seo, déanann Aisling & Emma plé ar chéad albam Súil Amháin agus cad is Big Spailpín Energy ann?


    Lean Raidió Rí-Rá ar na meáin shóisialta ar fad @raidiorira

    34 min
  • RÓIS - MO LÉAN

    San eagrán seo déanann Emma, Jade & Aisling plé ar an albam 'MO LÉAN' le RÓIS. Nuair a deirim 'plé', fangirling don gcuid is mó a bhí ar siúl againn!


    Cad a cheapann tú fhéin faoin albam? Roinn do thuairim linn ar na meáin shóisialta ar fad @RaidioRiRa

    38 min
  • Scannán Kneecap & Fine Art

    Tá clú & cáil dhomhanda bainte amach ag Kneecap i mbliana, rapálaithe ó Bhéal Feirste a thosnaigh ag cruthú ceoil i 2017.

    San eagrán seo, roineann Jade, Aisling & Emma a dtuairimí faoi scannán Kneecap agus an t-albam is déanaí uathu 'Fine Art'.

    Roinn bhur dtuairimí linn ar na meáin shóisialta @raidiorira.

    46 min

About Raidió Rí-Rá

From the publisher's feed

Podchraoladh de chuid Raidió Rí-Rá ina dtugaimid léirmheas ar albaim, scannáin, leabhair agus a thuilleadh ná é atá go mór i mbéal an phobail Ghaeilge.

Faigh cupán tae nó gloine fíona, lig do…