Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos Fearr

Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos Fearr

By Parlaimint na hEorpaNewsGovernmentPolitics
Download on the App Store

Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos Fearr episodes

  • An Domhan a Shábháil: Comhaontú Pháras

    Is conradh idirnáisiúnta atá ceangailteach ó thaobh dlí é Comhaontú Pháras a glacadh ag COP21 – Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide – in 2015.

    Tá sé mar aidhm leis an téamh domhanda a thabhairt faoi bhun 2 °C, nó 1.5 °C más féidir, i gcomparáid leis na leibhéil réamhthionsclaíocha.

    Tugtar gach tír ar domhan le chéile ina ngealltanas roinnt astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Dhaingnigh an tAontas Eorpach Comhaontú Pháras in 2016, a chuir i gcroílár a bheartais aeráide é.

    6 min
  • Compás iomaíochais don Aontas

    I mí Eanáir 2025, chuir an Coimisiún an Compás Iomaíochais i láthair. Is é seo an chéad mhórthionscnamh de dhara téarma Ursula von der Leyen mar Uachtarán an Choimisiúin. Tugann an Compás creat straitéiseach soiléir chun obair an Choimisiúin a shainiú. Leagann sé amach an tslí a mbeidh an Eoraip in ann a bheith ina háit ina ndéanfar teicneolaíochtaí na todhchaí, seirbhísí agus táirgí glana a dhearadh, a mhonarú agus a chur ar an margadh, agus aeráidneodracht á baint amach ag an am céanna.

    7 min
  • Foraoisí ársa na hEorpa a chosaint do na glúine atá le teacht
    Tá foraoisí príomhúla seanfháis san Aontas tearc, beag agus briste suas. Is ionann iad agus faoi bhun 3% de limistéar foraoise iomlán na hEorpa. Is éiceachórais nádúrtha gan lot iad, inar beag comhartha tionchair dhaonna agus ina bhfuil rath ar an bhfiadhúlra leis na céadta bliain. Tá príomhról ag na foraoisí seo chun bithéagsúlacht a chaomhnú, carbón a ionsú agus a stóráil, fionnuisce a sholáthar, dálaí aeráide áitiúla a rialú agus daoine a choimeád sláintiúil. Tá go leor speiceas atá i mbaol ina gcónaí iontu chomh maith.

    Ní ar na Ballstáit amháin atá an fhreagracht foraoisí na hEorpa a chosaint. Is gealltanas comhroinnte é ar leibhéal an Aontais. Tá Parlaimint na hEorpa i gceartlár na n-iarrachtaí seo chun seasamh le foraoisí príomhúla seanfháis.

    10 min
  • Cosaint leanaí san Aontas Eorpach
    Tá cosaint leanaí agus a chur ar a gcumas saol níos sábháilte, níos sláintiúla agus níos sona a chaitheamh ar na freagrachtaí is mó atá ar an tsochaí. Trína reachtaíocht, tá an tAontas ag obair chun a chinntiú go gcosnaítear leanaí i ndomhan an lae inniu atá ag athrú de shíor.
    10 min
  • Gné inscne na n-éileamh ar thearmann san Aontas
    Fuair an tAontas níos mó ná 513,000 iarratas ar thearmann sa chéad leath den bhliain 2024. Is mná agus cailíní iad aon trian d’iarrthóirí tearmainn. Tugtar aird ar chúrsaí inscne i gcóras tearmainn an Aontais, agus tá Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh tar éis foréigean inscne-bhunaithe a aithint mar fhorais don tearmann. In ainneoin an dul chun cinn sin, is gá tuilleadh iarrachta chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhíonn ag mná agus cailíní ó thaobh chearta an duine de agus iad ag plé le nósanna imeachta tearmainn.
    7 min
  • An Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte: céannacht dhigiteach daoine a chosaint
    Déantar an Lá le haghaidh Idirlíon níos sábháilte a cheiliúradh ar fud an domhain gach Feabhra. Cuireadh tús leis in 2004 mar chuid de chéad phlean an Aontais le haghaidh idirlíon níos sábháilte, agus is cuid anois é de thionscnamh domhanda chun feasacht faoi shábháilteacht ar líne a mhúscailt. An téama atá ag an imeacht bliantúil ná ‘Ag gníomhú le chéile ar son idirlíon níos fearr’. Spreagann sé daoine chun teacht le chéile ar mhaithe leis an idirlíon a dhéanamh níos sábháilte agus níos fearr do chách.
    8 min
  • Cur amú bia san Aontas Eorpach: dúshláin agus cuspóirí

    Tá ar a laghad billiún béile de bhia inite á gcur amú gach lá i dteaghlaigh ar fud an domhain. Is leor sin chun béile amháin in aghaidh an lae a chur ar fáil do gach duine aonair atá thíos leis an ocras ar fud an domhain. Nuair a chaithimid bia amach, cuirtear an fuinneamh agus na hacmhainní ar fad a úsáideadh chun é a réiteach amú freisin. Mar sin, imrítear tionchar ar an gcomhshaol, mar shampla astaíochtaí gás ceaptha teasa, ach ní chuireann an bia cothú ar fáil do dhuine ar bith. Dá bhrí sin, tá sé mar aidhm le beartais bainistithe dramhaíola an Aontais an tionchar atá ag cur amú bia ar an gcomhshaol agus ar an tsláinte a laghdú.

    8 min
  • I dtreo ‘cór gníomhaíochta aeráide’ don aos óg san Eoraip
    Is mian le beirt as gach triúr ógánach san Eoraip cur leis an aistriú glas ina bpoist. Níl na scileanna glasa ag 45% d’Eorpaigh óga chun é sin a dhéanamh, áfach. Ba cheart go mbeadh na scileanna agus an t-eolas ábhartha ag an aos óg chun gníomhú ar son na haeráide. Is é a bheadh i scéim ‘cathracha glasa Erasmus’ ná obair dheonach agus cúrsaí oiliúna íoctha a sholáthar do dhaoine óga i dtionscadail ghlasa áitiúla.
    8 min

About Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos Fearr

From the publisher's feed

Tionscnaimh nua le haghaidh Aontas Eorpach feabhsaithe