Ag cur síos ar an méid a bhíonn ar siúl acu in Ionad Léinn Cheilteach, bhí ceardlann sean-nóis ar siúl ann an tseachtain seo caite. Chaith Gisbert tréimhse ag foghlaim Gaeilge ar an gCeathrú Rua.
Sa bpíosa seo cloiseann muid comhrá a rinne Henry Toole le Hans Hartmann as an nGearmáin sa mbliain 1964 agus é ag cur síos ar an lá a ndeachaigh sé go dtí an Tóstal i nGaillimh.
Arndt Wigger, Feilictas Payk, Tom Kannmacher, Maraka, Angelika Belz agus Sylvia - Bhí Máirtín sa nGearmáin an tseachtain seo caite áit a raibh ceardlann amhráin ar an sean-nós in Ionad na Léinn Ceilteach sa nGearmáin.
Beidh Nóibhéine ag tosnú i gCill Chiaráin, Dé Luain an 11 Feabhra go dtí Dé Máirt an 19 Feabhra agus beidh sagairt difriúil ag freastal ar an Nóibhéine chuile lá. Labhair sí ar an turas go Medjugorje ar an 12 Meán Fómhair seo chugainn.
Ag labhairt faoi go bhfuil na h-amhráin fógraithe anois atá le bheith i gcomórtas náisiúnta Pan Cheilteach atá le bheith ar siúl i Visual agus Amharclann GB Shaw i gCeatharlach ar an Satharn 23 Márta.
Lorcán Woods - tréimhse a chaith sé i gConamara: Mír na Cartlainne - Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha, nach maireann ag aithris a chéad píosa filíocht a chum sé "Fógra agus Freagra a thug sé air".
Bhí Lorcán ag teacht go Conamara ina óige bhí sé ina ghaeilgeoir Tigh Pheadar Sheáin Mhaitiú ar an gCeathrú Rua agus chaith sé tamall ar saoire Tigh Khate Mháirtín Mhicil sa Doirín Darach.
Mír na Cartlainne - Johnny Chóil Mhaidhc, nach maireann ag aithris an chéad phíos filíocht a chum sé ariamh
15 min
About Ardtráthnóna
From the publisher's feed
Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil,…
tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil.