Peigí Ní Chualáin agus Seathrún Ó Tuairisg -Rinneadh ualach mór d’ábhar cartlainne le linn na 24 bliain a reáchtáladh Féile an Phléaráca. Beidh taispeántas de chuid den ábhar cartlainne seo á sheoladh ar an Satharn ag 3 chlog in Ionad an Phiarsaigh, Ros Muc agus fáilte roimh an pobal ag an ócáid
Bhí athair Micheál, Maitiú ag ceiliúradh a lá breithe Dé hAoine seo caite agus céad bliain d'aois slánaithe aige, rugadh Maitiú lá Bríde 1919 agus bhí teacht le chéile aige fhéin, a chlann agus na comharsan sa mbaile Dé hAoine seo caite. Fuair sé seic breá de €2,540 agus litir álainn ón Uachtarán.
Pádraic Ó hÉanacháin - Bailiúchán Regina Duffy: Niall Mac Giolla Bháin - Obair ar an gCeathrú Rua sna caogadaí: Damien Ó Dónaill - Tuairisciú ó sochraide na fir óga a maraíodh i dtimpist bóthair i nDún na nGall.
Ag cur síos ar an bhfeachtas airgid atá ar siúl le hairgead a bhailiú d'Regina Duffy as Co. Mhaigh Eo, a bhfuil ailse ag dul di agus a chuaigh do Nua Eabhrac le cóir leighis a fháil thall ansin.
Bhí Niall ag múineadh scoile Teic siar sna caogadaí. Rinne sé cur síos ar an saol a bhí aige an t-am sin agus é ina chónaí anseo i gConamara. Cheannaigh sé rothair Tigh Mháirtín Bán i 1955 ar cheithre phunt déag. Chaith sé chúig bhliana déag ag múineadh ríomhairí do na phríosúnaigh i bpríosún Phort Laoise freisin.
Bhí aintín le Bríd “Máire Uí Chatháin” ag ceiliúradh a lá breithe inné agus í céad bliain do aois. Beidh ceiliúradh mór acu Dé Sathairn le Aifreann sa teach agus teacht le chéile ina dhiaidh in Óstán an Bhroadhaven i mBéal a Mhuirthead.
20 min
About Ardtráthnóna
From the publisher's feed
Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil,…
tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil.