Tá Bríd óg ina Bainisteoir faoi oiliúint i gComahrchumann Rath Chairn ó mhí na Nollag. Rinne Bríd cur síos ar an obair atá ar siúl aici agus na rudaí a bhíonn ar siúl san Ionad Pobal.
Tá Michael Sheáin Seoighe ag ceiliúradh a lá breithe inniu agus é dhá scór agus cheithre bliana. Chuir sé síos ar na blianta a raibh sé ag obair leis an leoraí agus an chéad cheann a cheannaigh sé sa mbliain 1964 HIM741 agus d'íoc sé £2060 a d'íoc.
Ag cur síos ar an gclár faisnéise atá déanta faoi shaol Tony agus beidh sé le seoladh ag taispeáint i Temple Bar, Dé Sathairn ag haon a chlog, is é an tUachtarán Micheál D. Ó hUigín a bheidh dhá chuir i láthair.
Ag cur síos ar fheamainn agus an leas a bhaintí as fadó le cur ar fhataí agus glasraí. Rinne sí cur síos freisin ar na háiteacha in Éirinn a bhfuil cuairt tugtha aici orthu agus na háiteacha a chaitheadh sí cuairt a thabhairt orthu fós.
Is as Inis Oírr in Árainn d'Eibhlín agus tá sí ar thaithí oibre anseo i RTÉ Raidió na Gaeltachta go dtí mí na Bealtaine. Tá sí ag déanamh céim sa gCumarsáid agus sa nGaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh.
Tomhais: Dara Dudley - An tarraingt deire do 50/50 Féile an Daingin ar siúl Dé hAoine: Mír na Cartlainne - amhráin agus ceol le daoine éagsúla.
57 min
About Ardtráthnóna
From the publisher's feed
Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil,…
tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil.