Ag labhairt ar an leabhar 'An Talamh Bán' a chur sé fhéin le chéile. Labhair sé ar cé chomh maith is atá ag éirigh leis an leabhar agus ar na háiteacha atá sí le díol.
Liam O' Hara - Tá dlúthdhiosca nua amuigh ag Liam dár ainm "Up Sligo". Is ceoltóir agus amhránaí den scoth é Liam. Is as Sligeach ó dhúchas é, chaith roinnt blianta i Londain Shasana áit ar chas sé lena bhean céile Bríd Ní Fhátharta ón gCeathrú Rua. I 1972 shocraigh siad síos ar an gCeathrú Rua agus bhí ceathrar mac acu agus iníon amháin.
Gearóid Ó Céilleachair, Máirín Uí Ghionnáin, Michealín Feeney, Pádraig Ó Fearghaill, Michael Neachtain agus P.J. Ó hIarnáin - Ag cur isteach ar freagra na tomhaise a bhí ar an gclár.
Tá an comhlacht carranna "Motor Park" a bhí i nGaillimh le blianta tógtha ar láimh anois ag an gComhlacht Shields le tamall anuas. Tá Peadar ag obair don chomhlacht agus rinne sé cur síos ar na carranna a dhíolann siad agus na cuide is mó a mbíonn éileamh orthu.
Tomás Mac Eoin ag casadh Dhá Lá Dhéag na Nollag. John Mhaidhcí Ó Gallchóir - Guí beanachtaí na Nollag. Versa de Oíche Chiúin le Micheál Ó Beaglaíoch. Tommy Phaddy Mac Diarmada ag cur síos ar Oíche Nollag. Eilín Ní Chearna ag casadh an amhráin "Le Coinnle na Nollag".
Eileen Ní Choisdealbha - Áras Mhic Dara 40 bliain ar an bhfód: An tAth. Gearóid Ó Gríofa agus Nóra Uí Dhubháin - Dinnéar na seandaoine agus raifil: Paddy Beatty - Féilire Oidhreacht na nOileán 2019.
Tá Áras Mhic Dara ar an gCeathrú Rua a ceiliúradh dhá scór bliain ar an bhfód inniu. Tá 32 duine san Áras agus tá duine amháin acu sin ann ó d'oscail na doirse i 1978 sin é Máirtín Ó Dúbháin as an Trá Bháin.
17 min
About Ardtráthnóna
From the publisher's feed
Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil,…
tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil.