Ag cur síos ar an seó "Music From the Mists" seó speisialta don Nollaig a bhéas ar siúl ar an Satharn, 15 Nollaig in Óstán Theach an Stáisiún sa gClochán.
Ag labhairt faoi go mbeidh leabhar Matt Nolan "An Talamh Bán" a lainseáil in Áras Pobail Rath Chairn tráthnóna Dé Domhnaigh seo chugainn. Bhí Éanna ag rá freisin go bhfuil Bríd Óg Ní Chonaire ceaptha ina hOifigeach Feidhmeannach i gComharchumann Rath Cairn.
Ag cur síos ar margadh na Nollag atá le bheith i gComhar Chuigéal Dé Domhnaigh seo chugainn. Beidh crann Nollag dhá lasadh agus dhá bheannú ag an Athair Eddie Bhearthla tráthnóna Dé Domhnaigh ag a cúig a chlog.
Thug an comhlacht, Top Oil duais de luach €100 ola don chlár agus rinne Áine an tarraingt ar an gclár. Is í Caoimhe Ní Chathasaigh as Muighnis a bhuach an duais.
John Bhaba Jeaic Ó Conghaile - Darach Ó Catháin: Clíona Ní Ghallchóir - cailín Gaelach 2018: Mairéad Mhic Dhonnacha - ceolchoirm Na Casaidigh: Mír na Cartlainne - Micilín Tomáis Sáile, nach maireann.
Ag labhairt faoi nach bhfuil daoine sásta i gceantar na nOileán faoi láthair mar gheall ar an áit a bhfuil leacht in ómós do Dharach Ó Catháin ar an Máimín i Leitir Móir. Tá bosca de chinéal éigin agus rudaí a bhaineann le uisce curtha suas díreach lena thaobh.
Is í Clíona cailín Gaelach chomórtas peile na Gaeltachta 2018. Tá sí ag freastal ar Choláiste na hOllscoile Gaillimh. Tá amhrán nua ag Clíona "Dónal Mac Aodh" a chum Eilín Ní Bhaoill thart ar deich mbliana fichead ó shin, is faoi chúrsaí grá agus an imirce atá an t-amhrán.
Ag cur síos ar an gceolchoirm leis Na Casaidigh atá le bheith ar siúl in Áras Pobail Rath Chairn san oíche, Dé hAoine ar mhaithe le airgead a bhailiú le caoi a chur ar Shéipéal Naomh
Mír na Cartlainne 14/04/1981- I mír na cartlainne an lae inniu tá Maidhc P. Ó Conaola i mbun comhrá le Micilín Thomáis Saile, nach maireann. Labhair sé ar a chuid filíochta, na hamhráin a chum sé agus chas sé roinnt acu chomh maith.
An tEaspag Fiontán Ó Monacháin - Faoistin: Noel Murphy - Dhá scór bliain i Meiriceá.
1 hr
About Ardtráthnóna
From the publisher's feed
Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil,…
tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil.