Bríd Mhic Dhonnch- (Bríd Johnny Joe Pheaitsín Mac Donncha) - Agallamh a rinne Máirtín le Bríd ag Féile Sheáin ac' Dhonncha a bhí ar siúl in Áth Eascrach i mí Dheireadh Fómhair sa mbliain 2012. Bhí Bríd ag ceiliúradh a lá breithe inné bhí sí nócha bliain d'aois.
Tá féilire 2019 curtha i gcló ag Ionad Oidhreachta na nOileán an tseachtain seo agus iad le díol sna siopaí thimpeall an cheantair. Is sean phictiúr ó thimpeall Chonamara atá sa bhFéilire.
Beidh ócáid ar siúl san oíche amárach in Ivy House, i gCaisleán an Bharraigh ina mbronnfar Gradam Thogra Mhaigh Eo ar an gCruitire Laoise Kelly agus an file Louis de Paor.
Tá amhrán nua cumtha ag Seán dar ainm "Bowce". Rinne Seán cur síos ar roinnt de na hamhráin atá scríofa aige le blianta agus ar an mbanna ceoil Maimín Cajun Band a bhíodh aige.
Ag cur síos ar an asal speisialta, Harriet atá thar cionn ag casadh opera. Tá cliú agus cáil ar an Domhain anois ar Harriet agus bhí ITV thiar sa Tuairín go luath ar maidin inniu agus iad ag taifead an t-asal agus é ag casadh opera dhóibh.
Labhair Máirtín le Micheál Ó Conghaile, as Muiceanach a fuair an chéad áit ag Féile na Mí agus Colm Jimmy Ó Curraoin a fuair an dara háit agus Eilís Ní Riordáin a fuair a tríú áit.
33 min
About Ardtráthnóna
From the publisher's feed
Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil,…
tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil.