Bíonn Noel ag éisteacht leis an clár Ardtráthnóna chuile lá thall in Arlington. Tá sé ós cionn dhá scóir bliain i Meiriceá ag obair le cúrsaí baincéireachta agus morgáistí.
Tá Ríona ina cónaí i Londain le ós cionn dhá scór bliain agus í ag obair mar chúntasóir. Labhair sí ar an gcruinniú a bhí i Wimbledon Dé hAoine seo caite le iarracht a dhéanamh Gaelscoil a oscailt i Londain.
Ag cur síos ar an leabhar a seoladh i gCora an Dola an tseachtain seo caite "The Stone Built Wells of Annaghdown Parish", leabhar í seo faoi thoibreacha beannaithe thimpeall Eanach Cuain agus tá sí le fáil le ceannacht ar shuíomh idirlíon "Cumann Oidhreachta Eanach Cuain" chomh maith le roinnt leabhra eile.
Eoin Durkin - Tigh Durkin 'An Siopa is Áisiúla sa tír': Johnny Shéamuis Ó Conghaile - Bóithre Chonamara: Mary John Tom Bhreathnach - An Angelus ar Cainéal RTÉ 1.
Tá sé deich mbliana ó d'athraigh an siopa "Tigh Dick" go dtí Costcutters agus chomh maith leis sin bronnadh an gradam "An Siopa is Áisiúla sa tír" (The Best convenient Store in the Country) orthu ag ócáid i mBaile Átha Cliath inné.
Tá dlúthdhiosca nua 'The Dublin Lasses' curtha ar an margadh ag Mary agus beirt cheoltóirí eile, Aoife O' Connor agus Majella O' Beirn. Rinne Mary cur síos ar an gceol agus ar na ceoltóirí atá ar an dlúthdhíosca, chomh maith leis an taisteal atá déanta aici ag casadh ceoil.
23 min
About Ardtráthnóna
From the publisher's feed
Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil,…
tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil.