Tá siopa nua oscailte ag Máirtín Seoighe i gCorr na Móna agus is féidir earraí ar nós, Quads, Sábh Slabhrach, Iomaire Léana a fháil ann chomh maith le díosail.
Beidh seomra na Nollag ag oscailt i siopa, Tigh Niolás Ó Conchubhair, Dé Sathairn seo chugainn agus tá fáilte mhór roimh chuile dhuine a theacht ar an lá.
Bhí Seosamh ag rá go bhfuil sé in am ag Oireachtas na Samhna a laghdú le é a chosaint ó shlua callánach Béarlóirí Steip. Dúirt sé gurb í an Ghaeilge bunchloch an Oireachtais agus go gcaithfear labhairt na Gaeilge a choinneáil slán ann.
Ag labhairt faoi Fhéile na Mí, atá ar siúl an deireadh seachtaine seo. Beidh comórtaisí go leor ann, beidh comórtas amhránaíocht ar an sean-nós, damhsa agus comórtas bodhrán.
Ciara O'Connor agus Zara Ní Chionnaigh - Máistreacht Nua Chumarsáide in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh: Nada Ní Churraoin - Comórtas damhsa an Oireachtais.
Tá Ciara agus Zara ag freastal ar chúrsa Máistreacht Nua Chumarsáide in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá an bheirt acu ar thaithí oibre anseo sa Raidió dhá lá san tseachtain go dtí deireadh na bliana.
D'éirigh le Nada an chéad áit a bhaint amach ag an gcomórtas damhsa a bhí ar siúl ag Oireachtas na Samhna, i gCill Áirne i mbliana. Tá Nada ag freastal ar Ollscoil Chorcaigh faoi láthair agus í ag déanamh céim sa gceol agus san nGaeilge.
Tá ócáid le bheith i mBéal a Mhuirthead amárach áit a mbeidh plaic dhá nochta ansin in onóir na saighdiúir as ceantar Iorrais a maraíodh sa gcéad chogadh Domhanda, caoga trí ar fad a bhása sa cogadh agus bhí sean uncail le Catherine ar dhuine acu.
11 min
About Ardtráthnóna
From the publisher's feed
Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil,…
tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil.