Tá Sonaí, Risteárd agus an criú uilig ón 'Stíl Mar a Bhí' ag tabhairt a n'aghaidh ar Áras Chois Fharraige inniu, agus iad ag casadh ceoil, amhráin agus ag damhsa don na áithritheoirí agus do fhoireann an Áras.
Beidh teacht le chéile ag club Amhránaíochta Acla anocht agus chuile Dé Céadaoin as seo amach i dTeach Ted ar an gCaiseal. Beidh siad ag díriú ar amhráin Ghaeilge Acla agus Mhaigh Eo chomh maith le roinnt amhráin Bhéarla.
Ag cur síos ar amhrán na Trá Báine agus ar na leaganacha diffrúil atá ann. Is í Bríd Ní Mháille deirfiúr leis na deartháireacha a bádh a chum an t-amhrán thall i Meiriceá.
Tá €459,000 ceadaithe ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Michael Ring do scéimeanna píolótach a bhaineann le teicneolaíocht digiteach, tá €50,000 dhó sin le fáil ag togra Staire agus Bhéaloideas Iorrais i gContae Mhaigh Eo.
Tá coiste Féile Pan Cheilteach ag lorg amhrán Gaeilge nua-chumtha do chomórtas idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2019. Beidh an Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2019 ar siúl i gCeatharlach ar an 23 Márta agus le bheith páirteach sa gcomórtas tá agat go dtí an chéad lá do Fheabhra.
17 min
About Ardtráthnóna
From the publisher's feed
Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil,…
tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil.