Ag cur síos ar Fhéilire Oidhreacht na nOileán 2019. Tá pictiúir éagsúla inti faoi dhaoine agus ceantar na nOileán. Beidh siad le fáil sna siopaí ag deireadh na seachtaine seo.
Tá leabhar curtha le chéile ag Cumann Stair Mhaigh Cuilinn. Tá stair inti faoi Mhaigh Cuilinn agus tá cuid di i nGaeilge, i mBéarla agus i bPolainnis. Beidh an leabhar
Ag cur síos ar na blianta a chaith sí ag obair i Scoil Náisiúnta Thír an Fhia agus i Scoil Náisiúnta Leitir Mealláin, nuair a bhíodh lá toghcháin ar siúl agus vótaí á gcaitheamh sna scoileanna.
Ag cur síos ar Harry Redknapp iarbhainisteoir Tottenham agus West Ham agus é tar éis "I am a Celebrity Get Me Out of Here" a bhuachtáil. Bhí an clár le feiceáil ar ITV agus bhí os cionn deich milliún duine ag breathnú ar gcraobh ceannais aréir. Is é Harry an duine is sinne fós a bhuach é agus é seachtú haon bliain.
Beidh Josie agus Delia chomh maith le roinnt daoine eile ag déanamh codladh amuigh, Dé Sathairn seo chugainn taobh amuigh do Shéipéal Leitir Móir. Is ar mhaithe le Cumann Símón na Gaillimhe atá siad ag bailiú airgead.
Tá Sibéal ag obair faoi láthair ar dhlúthdhiosca nua agus súil aice a bheith le seoladh i mí Meitheamh seo chugainn. Tá sí ag cur roinnt dá cuid amhráin ar Youtube faoi láthair. Tá sí ag freastal ar Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath agus í ag staidéar le bheith ina fisiteiripe.
Caitríona Ní Cheannabháin - "Music From the Mists": Aonghus Ó Laoi - Margadh na Nollag: Éanna Ó Cróinín - Rath Chairn: Áine Ní Thuathail - Duais ón gcomhlacht "Top Oil".
58 min
About Ardtráthnóna
From the publisher's feed
Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil,…
tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil.