Tá Shirley Tutty ag cur ranganna ar fáil sa gCrompán ar an gCeathrú Rua ag insint do dhaoine leis an ola Doterra a úsáid, is ola é seo atá iontach le pianta cnámha, strús agus go leor eile.
An spriocdháta d'iarratas do chomórtas náisiúnta Pan Cheilteach chun amhrán a roghnú le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann sa gcomórtas le bheith istigh roimh a cúig a chlog tráthnóna Dé hAoine ar an chéad lá de Fheabhra 2019.
Ag labhairt Pádraig Mac Conmara as Dumha Acha, a cuireadh i gcré na cille inniu bhí Pádraig ar an duine deireadh den ghrúpa a bhunaigh Banna Píob Dhumha Acha i 1947 agus bhí sé fhéin mar phíobaire sa mbanna ar feadh na mblianta.
Tá coiste Fhéile an tSrutháin ag eagrú feachtas bailiúcháin airgid 50/50 airgead tirim ar ais arís i mbliana agus beidh an chéad tarraingt acu ar an 25 Eanáir. Tá súil ag an gcoiste suas le deich nó dó dhéag do mhílte a bhailiú.
Beidh Seán trí bliana agus cheithre bliana agus cheithre scór ar an séú lá déag den mhí seo. Bhí sé seacht mbliana is leathchéad nuair a d'ól sé a chéad dheoch.
Matt Nolan - leabhar an "An Talamh Bán": Cáit Uí Shúilleabháin - Mír na Cartlainne.
57 min
About Ardtráthnóna
From the publisher's feed
Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil,…
tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil.