Craoladh an cheád agallamh a chloisfear ar an ochtú Nollaig 1991. Píosa cainte atá ann a rinne Learaí Ó Féinneadha as na Forthaí Maola i mBearna, sula dtabharfaidh muid cluais do bhean as ceantar na bhForbacha ó dhúchas ach a chaith an chuid is mó dhá saol i Sasana, sin í Máire Bn. Uí Neachtain, agallamh a craoladh i Mí Feabhra 1992.
Bhí Pádraic ag cur síos ar an bhfeachtas bailiúchán airgid atá ar siúl faoi láthair do Regina Duffy as Cathair na Mart atá ag fanacht le cóir leighis a fháil thall i Nua Eabhrach do Ailse intinne atá uirtha. Múinteoir scoile í Regina a fuair ailse brollaigh i 2011 agus d'éirigh léi a throid ach i 2016 tháinig sé ar ais san intinn.
Tá séipéal Chill Ainnín ag comóradh leathchéad bliain oscailte ar an dara lá Feabhra agus beidh ócáid agus teacht le chéile acu ar an tríú Feabhra i Séipéál Chill Ainnín.
Mír na Cartlainne - Colm Ó Mealóid as Camus. Comhrá a bhí ag Máirtín le Colm sa mbliain 1998 agus é ag cur síos ar an saol i gCamus agus nuair a d'aistrigh sé agus a mhuintir go Co. na Mí sa mbliain 1956 agus chuir siad fúthu i nDoire Lugáin.
21 min
About Ardtráthnóna
From the publisher's feed
Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil,…
tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil.