Fógraíodh buaiteoir gradaim Ghlór na nGael ar an 4.00 tráthnóna, linn tá Frances ó Sheomra na Nuachta agus beirt de na príomh bhuaiteoirí, Ciarán Mac Giolla Bhéin, ó Chultúrlann Mac Adam Ó Fiach, Béal Feirste agus Aimee Ní Chonaig ball de chumann Gaelach ó Ollscoil na nÉireann Gaillimh.
Tá Ciana amuigh i Minnesota Mheiriceá faoi láthair agus í ag obair mar Chomhairleoir. Tá aithne ag lucht spórt na hÉireann ar ainm Ciana Ní Churraoin as Cois Fharraige mar gheall ar an méid atá bainte amach aici agus í ag imirt le foireann láithríodh láimhe na hÉireann ach d’imir sí dá contae sa pheil agus sa chamógaíocht fosta.
Bhí Gabriel le bheith ag seinm ag Coachella i California i mbliana leis an ghrúpa The Murder Capital. Tá Coachella ar cheann de na féilte ceoil is mó ar an domhain, agus suas le céad míle ag freastal ar achan lá den fhéile.
Bean atá ag obair mar shíciatraí comhairleach in Otharlann an Royal i mBéal Feirste, ag inse faoina cuid oibre in am covid19, a ceangal leis an Ghaeltacht i nDún na nGall agus caidé mar atá an saol faoi láthair.
13 min
About Bladhaire
From the publisher's feed
Clár siamsaíochta achan Déardaoin agus Aoine beo ó stiúideo Dhoirí Beaga. Beidh plé ar chúrsaí siamsaíochta, seisiúin cheoil beo sa stiúideo, trácht ar imeachtaí ar fud na tíre, agallaimh le haíonna…
ar fud an domhain, agus corr-phíosa spóirt freisin.