Tá an sobalchlár Ros na Rún ar Tg4 ar thóir tallann úr don 25ú sraith a chraolfar ar TG4 i bhFómhar na bliana 2020, éistigí le Marion agus beidh an t-eolas uilig agaibh.
Tá feachtas úr #LeChéile faoi stiúir Fhoras na Gaeilge, faoi lán seoil anois ar na meáin shóisialta. Mar chuid den fheachtas seo tá ábhar á sholáthair don phobal ar líne. An scéal ar fad ag Anna dúinn.
Bhí an grúpa Ye Vegabonds linn beo i stiúideo RTÉ Chorcaigh anuraidh agus iad ag seoladh a nalbam úr The Hairs Lament. Bhí bliain iontach acu ó shin agus an oiread gradam bainte amach acu. Deis eile éisteacht siar le gcuid ceoil beo anseo.
Is as Boston ó dhúchas é Seán ach tá cónaí ar anois i Nua Eabhrac, agus cuireann sé síos ar mar a d’fhoghlaim sé a chuid Gaeilge, agus a shaol mar cheoltóir agus ag teagasc.
Ag caint ar a albam úr Rain Dance, bhí dhá albam amuigh ag Shane Hennessy go dtí seo ceann i 2015 agus ceann i 2017 agus go leor ceolchoirmeacha móra déanta aige, ina measc ceolchoirm san Ceoláras Náisiúnta leis féin a bhí go hiomlán díolta amach
Ag cur síos ar a chuid oibre ar oileán Geirsí, sa Bhreatain, ait a bhfuil sé féin agus a dheartháir ag obair ar otharlann úr atá a thógáil ansin ag an córas Sláinte na Breataine an NHS.
16 min
About Bladhaire
From the publisher's feed
Clár siamsaíochta achan Déardaoin agus Aoine beo ó stiúideo Dhoirí Beaga. Beidh plé ar chúrsaí siamsaíochta, seisiúin cheoil beo sa stiúideo, trácht ar imeachtaí ar fud na tíre, agallaimh le haíonna…
ar fud an domhain, agus corr-phíosa spóirt freisin.