Deis eile éisteacht leis an la mór a bhí againn i mí na Samhna anuraidh nuair a bhí seisiún iontach ceoil againn i stiúideo Dhoirí Beaga, seoladh Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair beo ar an chlár seo. Ar an lá céanna sheol Fidil a n-albam úr ar an chlár an lá céanna.
Bean a cheannaíonn éadaí dara láimhe agus a bhfuil leathanach iontach aici ar Instagram le taispeáint do dhaoine an dóigh a athúsáideann sí a cuid éadaí.
Ag inse dúinn faoina saol mar bhanríon drag, an smideadh, gléasadh agus feistis a bhaineann leis , a cúlra féin agus an dóigh a bhfuil sí ag iarraidh an Ghaeilge a chuir chun cinn.
Tá sraith fhíseáin beo á chraoladh ag Gael Linn achan seachtain, ‘Teach le Chéile’ an t-ainm atá ar an tsraith, áit ina mbogfar ó theach go teach achan seachtain.
Ta múinteoirí ag déanamh a ndícheall sa bhaile ag iarraidh ábhar scoile a chur ar fail do phaistí agus mar a chuala sibh o múinteoir Meg cúpla seachtain o shin, tá go leor múinteoirí ag cur ábhar ar fail ar line agus ar na meáin shóisialta, faoin t-ainm Gaeilge le chéile ar Instagram.
Cuirfear tús an seachtain seo chugainn le sraithe de Cheolchoirmeacha ar líne, Meitheal na mBan ina mbeidh mná páirteach óna gcuid tithe féin ar mhaithe le hairgead a chruinniú do dhaoine atá ag fulaingt de bharr foréigean baile.
Ag cur síos ar chlár teilifíse a bheas a chraoladh ar BBC 2 faoi Scéal Phobal Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste a bheas ag toiseacht oíche Luan seo chugainn.
10 min
About Bladhaire
From the publisher's feed
Clár siamsaíochta achan Déardaoin agus Aoine beo ó stiúideo Dhoirí Beaga. Beidh plé ar chúrsaí siamsaíochta, seisiúin cheoil beo sa stiúideo, trácht ar imeachtaí ar fud na tíre, agallaimh le haíonna…
ar fud an domhain, agus corr-phíosa spóirt freisin.