Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Is é seo Blúirín Nuachta an lae inniu ó Pharlaimint na hEorpa. Bí ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú sa Pharlaimint taobh istigh de thrí nóiméad gach lá ó Luan go hAoine.Is féidir éisteacht le tuille... more
FAQs about Blúiríní Nuachta:How many episodes does Blúiríní Nuachta have?The podcast currently has 680 episodes available.
October 22, 2025Blúiríní Nuachta – 22/10/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Tá seisiún iomlánach na Parlaiminte ar siúl. Plé idir na Feisirí agus an Coimisinéir Šuica faoi ról an Aontais i dtacaíocht leis an bpróiseas síochána sa Mheánoirthear; pléann an Pharlaimint rialacha in aghaidh trustaí le Leas-Uachtarán an Choimisiúin Ribera; agus déanann na Coistí um Fhostaíocht agus um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne athbhreithniú ar a dtuarascáil ar an mbearna cúraim inscne....more4minPlay
October 21, 2025Blúiríní Nuachta – 21/10/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: tá seisiún iomlánach na Parlaiminte ar siúl; na Feisirí ag féachaint chun cinn ar chruinniú mullaigh an Aontais i nDeireadh Fómhair; fógróidh an tUachtarán Roberta Metsola buaiteoir Dhuais Sakharov 2025 um Shaoirse Smaointeoireachta; líomhaintí spiaireachta ón Ungáir....more2minPlay
October 20, 2025Blúiríní Nuachta – 20/10/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: tagann na Feisirí agus rialtais an Aontais ar chomhaontú faoi Chlár nua um an Tionscal Cosanta Eorpach, dar luach €1.5 billiún; tá na Feisirí leis an gcomhaontú síochána sa Mheánoirthear agus ról an Aontais ann a phlé; tá an Pharlaimint le rialacha nua an Aontais do cheadúnais tiomána a fhaomhadh....more3minPlay
October 17, 2025Blúiríní Nuachta – 17/10/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: éilíonn an Coiste um an Margadh Inmheánach sa Pharlaimint rialacha níos déine de chuid an Aontais chun mionaoisigh a choimeád slán ar líne; agus na Feisirí ag teacht le chéile in Strasbourg, déanann an Pharlaimint comóradh ar an Lá Idirnáisiúnta um Dhíothú na Bochtaineachta; pléifidh na Feisirí bagairtí domhanda do dhlíodóirí agus cuirfidh siad fáilte roimh chonradh nua ó Chomhairle na hEorpa chun lucht an dlí a chosaint....more2minPlay
October 16, 2025Blúiríní Nuachta – 16/10/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Ullmhaíonn na Feisirí an chéad seisiún iomlánach eile le príomhvótaí ar shábháilteacht ar bhóithre, truailliú plaisteach agus rialacha measúnaithe ceimiceán; in Strasbourg, pléifidh an Pharlaimint an staid sa tSeirbia, allmhairí fuinnimh na Rúise, fíneáil Google agus clár oibre 2026 an Choimisiúin; tugann na Feisirí cuairt ar Bheirlín le linn an Chruinnithe Mullaigh Dhomhanda Sláinte chun Plean Sáraithe Ailse na hEorpa a chur chun cinn....more2minPlay
October 15, 2025Blúiríní Nuachta – 15/10/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Leag na Feisirí a línte dearga amach do chearta aerphaisinéirí; tá an Pharlaimint ag beartú na rialacha inbhuanaitheachta do chuideachtaí a shimpliú; vótálann na coistí ar dheireadh a chur le hallmhairí fuinnimh ón Rúis....more3minPlay
October 14, 2025Blúiríní Nuachta – 14/10/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Iarrann coistí na Parlaiminte go ndéanfaí gníomhaíocht chun bearnaí pá agus pinsin idir na hinscní a dhúnadh; Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais a shlógadh chun tacú leis an Spáinn agus leis an bhFrainc mar fhreagairt ar thuilte agus ar chioclóin; déanann an Coiste um Shaoirsí Sibhialta comóradh ar 40 bliain de Chomhaontú Schengen, ar cloch choirnéil de lánpháirtiú na hEorpa é....more3minPlay
October 13, 2025Blúiríní Nuachta – 13/10/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Tá Parlaimint na hEorpa ag iarradh go dtabharfadh an tAontas freagairt aontaithe láidir ar sháruithe na Rúise ar aerspás an Aontais; pléann an Coiste Comhshaoil gníomhaíocht maidir le hathléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus oiriúnú don athrú sin; agus is é Mí Feasachta na hAilse Cíche atá ann....more3minPlay
October 10, 2025Blúiríní Nuachta – 10/10/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Glacann an Pharlaimint rialacha nua chun feirmeoireacht AE a shimpliú agus chun rómhaorlathas a laghdú d’fheirmeoirí; tacaíonn Feisirí le conarthaí níos láidre agus téarmaí trádála níos cothroime d’fheirmeoirí AE; iarann Príomh-Aire na Graonlainne go mbeadh comhpháirtíocht níos doimhne ann leis an Aontas....more4minPlay
October 09, 2025Blúiríní Nuachta – 09/10/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: leanann an chéad seisiún iomlánach de Pharlaimint na hEorpa i mí Dheireadh Fómhair ar aghaidh. Pléann na Feisirí sáruithe aerspáis ag dróin Rúiseacha agus freagairt AE; tugann Príomh-Aire Lucsamburg, Luc Frieden, aitheasc don Pharlaimint le linn na díospóireachta ‘Seo í an Eoraip’; fógraítear na cúig scannán ainmnithe do Ghradam Lucht Féachana LUX 2026....more4minPlay
FAQs about Blúiríní Nuachta:How many episodes does Blúiríní Nuachta have?The podcast currently has 680 episodes available.