jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
http://tinyurl.com/y2lash4u
FOCLÓIR: Sainmhíniú - definition, géarchéim - crisis, deis - opportunity, moladh - recommendation, mic léinn - students, tairiscintí - offers, buntáistí - advantages, cothromaíocht - balance, ráig - outbreak, gairmeacha - professions, brú airgeadais - financial pressure.
College progress year.
Bliain um dhul chun cinn an Choláiste.
Crisis is defined as 'a state of paramount importance for change'.
Is é an sainmhíniú a thugtar ar ghéarchéim ná ‘stát rí-thábhachtach cinnte as a gcaithfidh athrú teacht’.
We are in a crisis now because the Leaving Cert has had to be canceled.
Tá géarchéim againn anois toisc gur caitheadh an Ardteist a chur ar ceal.
It means that students who were preparing to take the exams will be given an estimate of their points.
Ciallaíonn sé go dtabharfar meastachán ar a gcuid pointí do mhic léinn a bhí ag ullmhú chun na scrúduithe a dhéanamh.
While a good process is to be used, not everyone will be happy with the estimate.
Cé go bhfuiltear chun próiseas maith a úsáid, ní bheidh gach aon duine sásta leis an meastachán.
Whatever happens, the old system will not be used this year.
Cibé rud a tharlóidh, ní úsáidfear an sean chóras i mbliana.
The result is that the crisis gives us a chance to try something different this year, even if it only lasted one year.
Is é an toradh atá ar sin ná go dtugann an ghéarchéim deis dúinn rud éigin difriúil a thriail i mbliana, fiú amháin más rud é nach maireadh sé ach bliain amháin.
My recommendation is that the Leaving Certificate results should not be used to allocate places to students for higher education courses as is usually the case.
Is é an moladh atá agam ná nach mbainfí úsáid as torthaí na hardteistiméireachta chun áiteanna a dháileadh amach ar na mic léinn do na cúrsaí ardoideachais mar a déantar de ghnáth.
After completing their secondary schooling, students could spend a year at a local institute of technology.
Tar éis do na daltaí a dtréimhse meánscolaíochta a chríochnú d’fhéadfaidís bliain a chaitheamh in institiúid áitiúil teicneolaíochta.
Offers may be made at the end of this year for college degree and other career courses.
D’fhéadfaí tairiscintí a dhéanamh ag deireadh na bliana seo maidir le cúrsaí céime sa choláiste agus cúrsaí gairme eile.
This system is successful in community colleges in the United States.
Éiríonn leis an gcóras seo i coláistí pobail sna Stáit Aontaithe.
There are also many benefits to having students live at home for another year.
Tá a lán buntáistí chomh maith ann má bhíonn na daltaí ag maireachtaint sa bhaile ar feadh bliana eile.
This year they could focus on one of the following groups.
Sa bhliain seo d’fhéadfaidís díriú ar cheann de na grúpaí seo a leanas.
Analytical group: Mathematics, Physics, Chemistry, etc. Arts Group: Irish, English, Art, Music, History, etc. Applied group: Social Studies, Business, Economics, etc.
An grúpa Anailíseach: Matamaitic, Fisic, Ceimic, agus araile Grúpa na hEalaíona: Gaeilge, Béarla, Ealaín, Ceol, Stair, agus araile An grúpa Feidhmeach: Staidéar Sóisialta, Gnó, Eacnamaíocht, agus araile.
This would give secondary schools a chance to focus more on the right basic education, instead of spending too much time on 'getting points'.
Thabharfadh sé seo seans do na meánscoileanna díriú níos mó ar oideachas ceart bunúsach, in ionad an iomarca ama a chaitheamh ar ‘phointí a fháil’.
It would also help to: 1.
Chomh maith leis sin chabhródh sé chun: 1.
Creating a balance between schools, regions and between rural / urban areas, as well as between disadvantaged areas and affluent areas.
Cothromaíocht a chruthú idir scoileanna,