jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
http://tinyurl.com/yynymyr5
The Overseas King.
An Rí Thar Sáile.
It is not known where he is, the king overseas.
Ní fios cá bhfuil sé, an rí thar sáile.
It is true that King Juan Carlos Alfonso Victor Maria de Borbón y Borbón fled Spain last week, where he himself was not expelled.
Is amhlaidh gur theich an Rí Juan Carlos Alfonso Victor Maria de Borbón y Borbón ón Spáinn an tseachtain seo caite, sa chás is nár cuireadh an díbirt féin air.
But I have! I would walk by the beach at the weekend alone and alone to meet a mermaid or, if I had a hard time, a pretty cow - milking girl.
Ach tá’s agamsa! Bhíos ag siúl cois imeall na trá ag an deireadh seachtaine go huaigneach is mé liom féin ag coinne casadh le maighdean mhara nó, dá mbéarfadh crua orm, cailín deas crúite na bó.
That did not happen, however, but this tall spanner saw men walking with his granddaughter who had his arm around her com.
Níor mhar sin a tharla, áfach, ach go bhfaca an spanlóir ard fir seo ag siúl lena ghariníon a raibh a lámh timpeall ar a com aige.
I would not have given him any particular attention if it had not been for a perfectly polished Lamborghini Venano car with dark windows and a 1492 number plate on our back.
Ní thabharfainn aon suntas faoi leith dó murach go raibh gluaisteán breá snasta Lamborghini Venano a raibh na fuinneoga dorcha agus uimhirphláta 1492 air lenár n-ais.
I thought I had already seen it on the pages of 'Goodbye' and 'Lucre' magazines, but I couldn't be sure.
Mheasas go bhfaca cheana é ar leathanaigh na n-irisí ‘Goodbye’ agus ‘Lucre’, ach ní fhéadfainn deimhin a dhéanamh dem dhóigh.
It is more a dignified slender gentleman (other than that suspicion in his eyes) who walks in the early hours of the morning.
Is mó fear uasal caol dínitiúil (seachas an t-amhras sin ina shúile) a ghabhann ag coisíocht i moiche na maidne.
I also wondered how his hand was around the waist of his granddaughter, but that her hand was deeply embedded in his wallet.
B’ait liom, leis, an tslí a raibh a lámh timpeall ar chom na gariníne aige, ach go raibh a lámh sise sáite go domhain ina vallait.
When I felt that the king was on his guard I put together a burbon and a hapsbuggar and thought I might have had a trout, or an octopus, or a shellfish of some sort.
Nuair a d’airigh mé go raibh an rí ar a choimeád chuireas búrbon agus hapsbuggar le chéile agus cheapas go mb’fhéidir go raibh breac agam, nó ochtapas, nó sloigéisc de shaghas éigin.
However, I had to dig deep into the mind looking for a firmer assurance than that.
Mar sin féin, b’éigean dom romhar go domhain san intinn ag lorg dearbhaithe ba dhaingne ná sin.
It is thought of as follows: already the king of León, Aragon, the Two Sicily, Jerusalem, Granada, gap, gap, gap, Corsica, Murcia, the East and West Indies, not to mention the Islands and Mainland of the Great Sea, as well as to be Duke of Austria and Assistant to Flanders, and no doubt Roussillon and Lord of Biscay and Molina.
Smaoinítear mar seo air: cheana féin is é rí León, Aragóint, an Dá Shicil, Iarúiseiléim, Granada, bearna, bearna, bearna, Corsica, Murcia, na nIndiacha Thoir agus Thiar, gan trácht ar Oileáin agus ar Mhórthír na Farraige Móire, maille le bheith ina Ardiúc ar an Ostair agus ina Chúnta ar Fhlóndras, agus gan amhras Roussillon agus ina Thiarna ar an mBioscáin agus ar Mholina.
I say to myself naively, yes, if yes, if they don't know where it is, who am I to locate it?
Arsa mise liom féin go saonta, sea, má sea, mura bhfuil a fhios acu siúd cá bhfuil sé, cé mise lena mhalairt a shuíomh?
There was only the slightest part, no doubt.
Ní raibh ansin ach an chaolchuid, gan amhras.
Excluding Spain,