jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/yddvuowv
Contact: [email protected]
"Courage, identity, racial pride" to be celebrated by RTÉ RnaG.
"Misneach, féiniúlacht, mórtas cine" le ceiliúradh ag RTÉ RnaG.
RTÉ Raidió na Gaeltachta will be in its fiftieth anniversary tomorrow the 2nd of April and a special concert will be held tomorrow evening to commemorate the golden jubilee.
Leathchéad bliain ar an bhfód a bheas RTÉ Raidió na Gaeltachta amárach an 2 Aibreán agus reáchtáilfear coirm cheoil speisialta tráthnóna amárach leis an iubhaile órga a chomóradh.
The concert will feature the RTÉ Orchestra and well - known traditional musicians - Altan, Iarla Ó Lionáird, Steve Cooney, Muireann Nic Amhlaoibh and Cór Chúil Aodha.
Beidh Ceolfhoireann RTÉ agus ceoltóirí traidisiúnta aitheanta páirteach sa cheolchoirm - Altan, Iarla Ó Lionáird, Steve Cooney, Muireann Nic Amhlaoibh agus Cór Chúil Aodha ina measc.
The main themes of the event, which will be broadcast live on the station and seen online, are "courage, identity and racial pride", the RnaG press release said.
Is iad "misneach, féiniúlacht agus mórtas cine" príomh-théamaí na hócáide a chraolfar beo ar an stáisiún agus a bheas le feiceáil ar líne, a dúradh i bpreasráiteas RnaG.
The press release added that "[it] will commemorate the battle fought for a radio service for the people of the Gaeltacht, celebrate the establishment and history of the service since then, and the central role that Raidió na Gaeltachta plays in promoting and in the promotion of language and culture for half a century ...
Dúradh sa phreasráiteas leis "[go d]tabharfar chun cuimhne an cath a troideadh chun seirbhís raidió a fháil do mhuintir na Gaeltachta, déanfar ceiliúradh ar bhunú agus ar stair na seirbhíse ó shin, agus ar an ról lárnach atá ag Raidió na Gaeltachta i gcothú agus i gcur chun cinn na teanga agus an chultúir le leathchéad bliain ...
. "
."
The first programs aired on Raidió na Gaeltachta Easter Sunday, 2 April 1972.
Chuaigh na chéad chláir amach ar Raidió na Gaeltachta Domnhach Cásca, 2 Aibreán 1972.
The station was established as a result of the Gaeltacht Civil Rights Movement's campaign, which demanded a daily radio service in its own language for the Gaeltacht and Irish language community.
Bunaíodh an stáisiún de thoradh feachtais Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, a d'éiligh seirbhís laethúil raidió ina dteanga féin do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.
It is said that the new radio service created a connection between the Gaeltacht areas throughout the country and allowed them to get to know each other and understand each other 's dialects.
Deirtear gur chruthaigh an tseirbhís raidió nua nasc idir na ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre agus gur cheadaigh sé dóibh aithne a chur ar a chéile agus tuiscint a fháil ar chanúintí a chéile.
RTÉ Director General Dee Forbes said in a press release that RnaG "provides an essential local, national and international news service for Irish speakers throughout the country and the world.
Dúirt Príomh-Stiúrthóir RTÉ Dee Forbes sa phreasráiteas go soláthraíonn RnaG "seirbhís riachtanach nuachta áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta do chainteoirí Gaeilge ar fud na tíre agus ar fud an domhain.
They provide a platform for the indigenous arts, indigenous games and our language, and we are indebted to them for their work in preserving and promoting the language. "
Tugann siad ardán do na healaíona dúchasacha, do na cluichí dúchasacha agus d’ár dteanga, agus tá muid go mór faoi chomaoin acu as a gcuid oibre leis an teanga a chaomhnú agus a chur chun cinn."
In the same press release, the Leader of RTÉ. Praised Gearóid Mac Donncha " who works there,