jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/yd9d2fx2
Contact: [email protected]
Ukraine: bargaining begins with little hope.
An Úcráin: tús le margáil ach fíorbheagán dóchais.
A spokesman for Mariupol city council in southeastern Ukraine said three people, including a young girl, had been killed in a Russian Army artillery attack on a maternity and child hospital in the city yesterday.
Dúirt urlabhraí ó chomhairle cathrach Mariupol in oirdheisceart na hÚcráine gur maraíodh triúr, cailín óg ina measc, in ionsaí airtléire a rinne Arm na Rúise ar ospidéal máithreachais agus leanaí sa chathair inné.
The city council had previously indicated that seventeen people, some of whom were doctors, were injured when the Russians fired a rocket into the area.
Thug an chomhairle cathrach le fios roimhe seo gur donaíodh seacht nduine dhéag, ar dochtúirí cuid acu, nuair a scaoil na Rúisigh rois roicéad leis an áit.
Mariupol has been under intense siege by Russian forces for nine days and more than 1,200 civilians have been killed in the heavyweight since.
Tá Mariupol faoi dhianléigear ag fórsaí Rúiseacha le naoi lá agus áirítear barr ar 1,200 saoránach a bheith maraithe sa tromfháscadh ó shin.
The attack on the hospital has been criticized around the world and Ukrainian President Volodymyr Zelensky said it was a war crime.
Tá an t-ionsaí ar an ospidéal cáinte ar fud an domhain agus dúirt Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky gur coir chogaidh a bhí ann.
On the contrary, the Russians claimed that the story was "false news".
Os a choinne sin, mhaígh na Rúisigh gur "bréagnuacht" a bhí sa scéal.
Although the bombing site was once a maternity hospital, they said, it was occupied by Ukrainian soldiers and has long been their base.
Cé gur ospidéal máithreachais tráth den saol a bhí san áit a bhuamáil siad, a dúirt siad, bhí seilbh gafa ag saighdiúirí Úcránacha air agus ba bhunáit acusan é le fada.
It is understood that the United Nations is trying to establish the situation.
Tuigtear go bhfuil na Náisiúin Aontaithe ag iarraidh an scéal a chur le bonn.
Ukrainian and Russian foreign ministers are to meet in Turkey today with a view to getting the bargain between the two sides off to a proper start.
Tá airí gnóthaí eachtracha na hÚcráine agus na Rúise le teacht le chéile sa Tuirc inniu le súil tús ceart a chur leis an margáil idir an dá thaobh.
However, Ukrainians have indicated that they have little hope of significant progress at the meeting.
Ar a shon sin, thug na hUcránaigh le fios nach bhfuil mórán dóchais acu go ndéanfar dul chun cinn suntasach ag an gcruinniú.
As with the warfare, the British defense department reports that the distance with the Russians in Ukraine is not smooth.
Mar leis an gcogaíocht de, tuairiscíonn roinn cosanta na Breataine nach bhfuil réidhe an achair leis na Rúisigh san Úcráin.
The massive military escort of the Russians to the northwest of the capital Kiev is almost a week away, according to British intelligence, and the Ukrainians who oppose it are in the wheel.
Tá an tionlacan míleata ollmhór atá ag na Rúisigh siar ó thuaidh den phríomhchathair Cív nach mór ina stad le seachtain, dar le lucht faisnéise na Breataine, agus is eang sa roth na hÚcránaigh atá ag cur ina n-aghaidh.
They believe that the Russians will have to replace the soldiers being killed and wounded by soldiers from other battalions to reinforce the escort.
Creideann siad go mbeidh ar na Rúisigh saighdiuirí as cathláin eile a chur in áit na saighdiúirí atá á marú agus á ngortú leis an tionlacan a athneartú.
With regard to the economic recovery, more multinational companies - such as Nestlé, Philip Morris, Sony and Rio Tinto - have announced their withdrawal from R...