jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/y6wo2exw
Contact: [email protected]
"Russians inhabited by a well-organized Ukrainian crowd".
"Rúisigh curtha ina gcónaí ag slua dea-eagair na hÚcráine".
Western intelligence services claim that Russian military forces are continuing to bomb cities and kill people in Ukraine that they are not advancing as they should.
Tá sé á mhaíomh ag seirbhísí faisnéise thíortha an Iarthair siúd is go bhfuil fórsaí míleata na Rúise ag leanacht orthu ag tuairgneáil bailte móra agus ag marú daoine san Úcráin nach bhfuil siad ag dul chun tosaigh mar ba mhian leo.
Informants say the Russians have been undergoing a truly slow movement since they launched a quadrilateral attack on Ukraine three weeks ago.
Deir lucht faisnéise gur gluaiseacht fíormhall atá faoi na Rúisigh ó rinne siad ionsaí ceithrebheannach ar an Úcráin trí seachtaine ó shin.
They consider the Ukrainian forces to be a well - organized mob to oppose the enemy, to maintain the battle, and are unlikely to surrender any day.
Dar leo gur slua dea-eagair iad na fórsaí Úcránacha atá ag cur in aghaidh an namhad, go bhfuil siad ag cothú an chatha agus nach cosúil go ngéillfidh siad lá ar bith feasta.
The Ukrainian capital, Kiev, remains a stronghold of the Ukrainians after parts of it were constantly and vigorously bombarded and left in ruins by the Russians.
Tá an phríomhchathair Cív fós ina dún daingean ag na hÚcránaigh i ndiaidh go bhfuil codanna di á mbombardú go seasta agus go tréan agus fágtha ina mionspruáin ag na Rúsigh.
The humanitarian crisis in the southeastern city of Mariupol, where the public is under severe siege by the Russian Army, is more severe than in any other member of Ukraine.
Is géire ná in aon bhall eile den Úcráin an ghéarchéim daonnachta i gcathair Mariupol in oirdheisceart na tíre, mar a bhfuil an pobal faoi dhianléiger ag Arm na Rúise.
The Russians reportedly fired artillery at a theater in the city where women and children were sheltered and most of it was destroyed.
Tuairiscítear gur scaoil na Rúisigh airtléire le hamharclann sa chathair mar a raibh mná agus leanaí ar foscadh agus gur scriosadh an chuid is mó di.
Fortunately, a city mayor's spokesman said, the room or rooms where the people were sheltered stood despite the bombing.
Ar ámharaí an tsaoil, a dúirt urlabhraí mhéara na cathrach, sheas an seomra nó na seomraí ina raibh na daoine ar foscadh ainneoin na buamála.
However, some people were said to have been injured or killed.
Mar sin féin, dúradh gur donaíodh nó gur maraíodh roinnt daoine.
The Russians denied that they had not released the theater.
Shéan na Rúisigh nár scaoil siad leis an amharclann.
In northern Ukraine, 53 civilians are reported to have been killed in the city of Chernihiv in twenty - four hours.
I dtuaisceart na hÚcráine, tuairiscítear gur maraíodh 53 sibhialtach i gcathair Chernihiv le ceithre huaire fichead.
More than three million people have fled Ukraine and the number of casualties - both civilians and soldiers - since the start of the war has not been counted.
Tá os cionn trí mhilliún duine teite as an Úcráin agus níl aon áireamh beacht ar an méid atá maraithe - idir shibhialtaigh agus shaighdiúirí - ó thús na cogaíochta.
However, it is claimed that progress has been made in peace talks between the two sides.
Ar a shon sin, maítear go bhfuil dul chun cinn déanta i gcainteanna síochána idir an dá thaobh.
Humanitarian, military and political issues are being sifted through the talks, it is said.
Ceisteanna daonnachta, míleata agus polaitiúla atá á gcriathrú sna cainteanna, a deirtear.
As with politics, there is talk of Ukraine's future neutral status, as do Austria and Sweden.