jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/yamlb949
Contact: [email protected]
€ 1 million spent on surgeons in Aran for 3 years.
€1 milliún caite ar dhochtúirí ionaid in Árainn le 3 bliana.
The Chief Executive of Comhar na Oileán says it is time for the Health Service Executive to ensure suitable conditions for the permanent employment of a doctor in the Aran Islands.
Deir Príomhfheidhmeannach Chomhar na Oileán go bhfuil sé in am ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte cúinsí oiriúnacha a chinntiú le gur féidir dochtúir a fhostú go buan istigh ar Oileáin Árann.
It was reported at a meeting of the Western Health Forum that the Health Service Executive (HSE) has paid up to € 1.6 million to private medical agencies for the provision of locums in the Connemara community over the past 4 years.
Tugadh le fios ag cruinniú d'Fhóram Sláinte an Iarthair go bhfuil suas le €1.6 milliún íoctha ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) le gníomhaireachtaí príobháideacha leighis le dochtúirí ionaid (locums) a bheith ar fáil ag pobal Chonamara le 4 bliana anuas.
The vast majority of this money was spent in Inis Oírr and Inis Meáin.
In Inis Oírr agus Inis Meáin a caitheadh tromlach mór an airgid sin.
Last month a representative from the Irish College of General Practitioners appeared before the Joint Oireachtas Committee on the Health Service calling for the establishment of a working group to review the matter.
An mhí seo caite bhí ionadaí ó Choláiste Dhochtúirí Teaghlaigh na h Éireann os comhair an Chomhchoiste Oireachtais ar an tSeirbhís Sláinte ag iarraidh go mbunofaí meitheal le athbhreithniú a dhéanamh ar an ábhar.
The College, which trains GPs, believes the country will need over 2,000 GPs over the next 10 years.
Creideann an Choláiste a chuireann oiliúint ar dhochtúirí teaghlaigh, go mbeidh os cionn 2,000 dochtúir teaghlaigh ag teastáil sa tír as seo go ceann 10 mbliana.
On 7Lá on TG4 last night, Councilor Dáithí Ó Cualáin, Fianna Fáil, shared the information that € 1.6 million had been spent since 2018.
Ar 7Lá ar TG4 aréir, roinn an Comhairleoir Dáithí Ó Cualáin, Fianna Fáil, an t-eolas gur €1.6 milliún a bhí caite ó 2018.
€ 1.1 million was spent on Inis Meáin and Inis Oirr in that area.
Caitheadh €1.1 milliún ar Inis Meáin agus Inis Oirr san achar sin.
Surrogate doctors from medical agencies are standing in the gap.
Dochtúiri ionaid earcaithe ó ghníomhaireachtaí leighis atá ag seasamh sa mbearna.
The post of permanent doctor for the islands has been advertised 6 times, unfilled.
6 huaire atá an post do dhochtúir buan do na hoileáin fógartha, gan líonadh.
€ 460,000 has been spent on substitute doctors in Clifden, but the Executive says it is currently in talks with a candidate following an interview process.
€460,000 atá caite ar dhochtúirí ionaid ar an gClochán, ach deir an Fheidhmeannnacht go bhfuil siad i mbun cainte faoi láthair le iarrthóir théis próiseas agallaimh.
In Oughterard, the post of GP has now been advertised 8 times, with no result.
In Uachtar Ard, tá post an dochtúra teaghlaigh fógraí 8 n-uaire anois ag an FSS, gan toradh.
Another doctor from the place who has been on duty in Oughterard for over 3 years, under a temporary contract under the General Medical Services Scheme, GMS.
Dochtúir eile as an áit atá i mbun dualgais in Uachtar Ard le breis is 3 bliana, faoi chonradh sealadach faoi Scéim na Seirbhísí Ginearálta Leighis, an GMS.
€ 20,000 has been spent on An Cheathrú Rua in the last 2 months.
€20,000 atá caite ar an gCeathrú Rua le 2 mhí anuas.
That vacancy was announced before Christmas but no one has been recruited yet.
Fógraíodh an folúntas sin roimh an Nollaig ach níl éinne earcaithe go fóill.