
Sign up to save your podcasts
Or


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an seachtú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna.
Dé hAoine i Londain, caitheadh amach an cás i gcoinne Liam Óg Ó hAnnaidh, ball den ghrúpa ceoil Kneecap. Cuireadh ina leith gur thug sé tacaíocht d’eagraíocht thoirmiscthe, nuair a tháinig físeán de cheolchoirm a rinne an grúpa i Londain i mí na Samhna 2024 chun aird na bpóilíní, tar éis dóibh a ndlúthpháirtíocht le muintir na Palaistíne a chur in iúl ag an bhféile Coachella sna Stáit Aontaithe i mí Aibreáin. Dúirt an Príomh-Bhreitheamh Paul Goldspring go raibh an cúiseamh neamhdhleathach, mar níor thug an tArd-Aighne agus an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí a gcead dó dul ar aghaidh laistigh de sé mhí, agus bhí an cead a thug siad lá thar am. Dúirt Ó hAnnaidh nach raibh an cás faoi sceimhlitheoireacht, acht faoi Gaza. Bhí Blinne Ní Ghrálaigh KC, abhcóide Chonradh na Gaeilge i Londain i gcás leacht cuimhneacháin Margaret Keane, ina fhoireann cosanta.
D’fhoilsigh an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt anailís costais is tairbhe ar an mBunioncam do na hEalaíona, a shocraigh gur as gach euro a caitheadh, cruthaíodh €1.39 de thairbhí sóisialta agus eacnamaíochta. Thosaigh an scéim píolóta in 2022, agus ó shin tá 2000 ealaíontóirí ag fáil €325 in
aghaidh an tseachtain, chun deis a thabhairt dóibh díriú isteach ar a n-obair chruthaitheach. Tá an scéim chun críochnú i mí Feabhra 2026, acht tá an rialtas ag obair ar cheann nua, a bheidh mar chuid de Bhuiséad 2026.
Foilsíodh staidéar faoi bhlaosc de Homo longi, an speiceas de daoine ársa ar a thugtar na “Deiniseóbhaigh”, san irisleabhar “Science” an tseachtain seo. D’aimsíodh an blaosc in Yunxian sa tSín, agus de réir na hanailíse, tá sé thart ar mhilliún bliain d’aois. Tá an iontaise brúite go dona, acht bhí na heolaithe in ann é a scannáil, an dífhoirmiú a bhaint de go digiteach, agus priontáil thríthoiseach a dhéanamh de cheann ceartaithe, a chruthaíonn gur Deiniseóbhach a bhí i gceist. Tá an fhionnachtain tábhachtach, má tá sé dátaithe i gceart, mar tá an blaosc i bhfad níos sine ná gach iontaise eile de chuid na nDeiniseóbhach a aimsíodh cheana; agus léiríonn sé an fhéidearthacht go bhfuil ár speiceas fhéin, Homo sapiens, i bhfad níos sine ná a ceapadh cheana freisin. Agus tá oidhreacht na nDeiniseóbhach inár measc go fóill; mar atá cúpla faoin gcéad de DNA Néandartálach i ngach duine ar domhan seachas na hAfraicigh fho-Shaháracha, tá cúpla faoin gcéad de DNA Deiniseóbhach fós i ndaoine éagsúla in oirdheisceart na hÁise agus ar oileáin an Aigéin Chiúin.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
eagraíocht thoirmiscthe - proscribed organisation
Príomh-Bhreitheamh - Chief Justice
Ard-Aighne - Attorney-General
Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí - Director of Public Prosecutions
anailís costais is tairbhe - cost-benefit analysis
Bunioncam do na hEalaíona - Basic Income for the Arts
blaosc - skull
Deiniseóbhach - Denisovan
Afraicigh fho-Shaháracha - sub-Saharan Africans
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an fichiú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh.
Tá go leor daoine sa tionscal scannánaíochta agus níos faide i gcéin ag tabhairt ómós do Robert Redford, a fuair bás Dé Máirt. Tháinig an t-aisteoir agus stiúrthóir aitheanta chun cinn i róil scannán lena n-áirítear The Sting (a bhuaigh sé a chéad Oscar ina leith in 1973) Butch Cassidy and the Sundance Kid agus The Way We Were. Bhunaigh sé féile scannán Sundance freisin, agus chuidigh sé le scannánóirí neamhspleácha Meiriceánacha a chothú agus a chur chun cinn, lena n-áirítear Chloé Zhao, Quentin Tarantino, agus Richard Linklater. Chomh maith lena chuid oibre scannánaíochta, bhí cáil ar Redford as a dhíograis don ghníomhaíocht chomhshaoil.
Rinne Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald Trump, a dhara cuairt stáit ar an Ríocht Aontaithe an tseachtain seo. I gCaisleán Windsor, tionóladh ceann de na searmanais mhíleata is mó i gcuimhne na ndaoine do cheannaire eachtrach ar cuairt. Lasmuigh den chaisleán, áfach, mháirseáil na mílte agóideoir chun cur i gcoinne na cuairte. Bhí comharthaí ag roinnt agóideoirí a raibh manaí scríofa orthu, lena n-áirítear “ní hea don chiníochas”, “ní hea do Trump” agus “stop ag armáil Iosrael”. Ag preasagallamh leis an bPríomh-Aire, Keir Starmer, dúirt Trump nach raibh sé i bhfabhar pleananna na Ríochta Aontaithe stát Palaistíneach a aithint agus mhol sé úsáid fórsa míleata chun cosc a chur ar inimircigh teacht isteach sa tír.
Tá sampla neamhchoitianta de shéadchomhartha deasghnátha ón gCré-Umhaois aimsithe ar Oileán Acla i gContae Mhaigh Eo. Bhí an t-ailíniú cloiche i bhfolach ag crainn ársa a leagadh síos le linn Stoirm Éowyn níos luaithe i mbliana. Rinneadh an fhionnachtain le linn turas seandálaíochta le mic léinn Mheiriceánacha ar cuairt ó Ollscoil Notre Dame in Indiana. Bhí na mic léinn ar thréimhse thar lear in Ollscoil na Gaillimhe agus i Mainistir Choill Mhór. Tá raidhse séadchomharthaí agus dúnta réamhstairiúla ar Oileán Acla ach tá an suíomh Cré-Umhaoise seo atá ag breathnú amach ar Chuan Mó ar cheann de na cinn is suntasaí.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
gníomhaíocht chomhshaoil - environmental activism
preasagallamh - press conference
séadchomhartha deasghnátha - ritual monument
an Chré-Umhaois - the Bronze Age
fionnachtain - discovery
dúnta réamhstairiúla - prehistoric forts
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an dara lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Sibéal Dempsey.
Tá roinnt daoine mór le rá ceangailte le Jeffrey Epstein an tseachtain seo tar éis don Choiste Maoirseachta Tí íomhánna a fháil ó dhlíodóirí Epstein de leabhar gearrthóg a bronnadh ar Epstein ar a chaogadú breithlá. Tá grianghraif, sceitsí agus litreacha ó chairde sa litir. Ba chuid de seo litir a scríobh Donald Trump chuig Epstein inar ghuigh sé breithlá sona dó. Tá an nóta breithlae i líníocht de chorp mná noichte. Shéan Donald Trump é roimhe seo, agus leanann sé ar aghaidh á shéanadh an tseachtain seo. Tá Bill Clinton liostaithe i rannóg na "gcairde" den leabhar agus deirtear gur thagair ambasadóir reatha na Ríochta Aontaithe chuig na Stáit Aontaithe, Peter Mandelson, d'Epstein mar "mo chara is fearr" ina litir féin. San iomlán, ainmnítear thart ar chéad caoga duine sa leabhar, lena n-áirítear pearsana poiblí eile ón saol acadúil agus ón dlí.
D’éirigh Angela Rayner as a post mar leas-phríomhaire na Ríochta Aontaithe Dé hAoine seo caite tar éis scannal a bhain lena híocaíocht dleachta stampa. Tar éis di éirí as, lena n-áirítear a héirí as a post mar Aire Tithíochta, d’fhógair an príomh-aire atheagar na comh-aireachta. Mar thoradh air sin, tá trí cinn de na ceithre phríomhoifig stáit i seilbh mná den chéad uair. Beidh ochtó ainmniúchán ag teastáil ó iarrthóirí don phost leas-phríomhaire faoin Déardaoin, agus tá tuairimíocht ann faoi roinnt daoine aonair lena n-áirítear Emily Thornberry agus Bridget Phillipson, an Rúnaí Oideachais reatha. Idir an dá linn, tá spéis cláraithe ag breis is seacht gcéad caoga míle duine i bpáirtí nua a sheol Jeremy Corbyn agus Zara Sultana, Your Party.
Tá léirmheasanna den scoth faighte ag séasúr Éireannach den chlár teilifíse réaltachta The Traitors tar éis dó dul isteach sa dara seachtain den tsraith. Is í Siobhán McSweeney, a bhain clú agus cáil amach mar an Deirfiúr Michael sa chlár grinn Derry Girls, a chuireann an seó i láthair agus leanann sé grúpa iomaitheoirí ar a dtugtar "an lucht dílis" agus iad ag iarraidh a dhéanamh amach cé hiad na "fealltóirí". Tá ball den Gharda Síochána ina fhealltóir ar an gclár, agus tá caidreamh rúnda athair-mac ann freisin. Ós rud é go bhfuil stíl faoi leith ag an saincheadúnas dá eipeasóidí, déantar an seó a scannánú i gCaisleán Shláine agus timpeall air.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
leabhar gearrthóg - scrapbook
sceitsí - sketches
leas-phríomhaire - deputy prime minister
atheagar na comh-aireachta - cabinet reshuffle
léirmheasanna - reviews
an lucht dílis - the faithful
fealltóirí - traitors
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an séú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.
Tharla drochthimpiste ar an iarnród cáblach i Liospóin Dé Céadaoin. Maraíodh seisear déag agus gortaíodh duine is fiche eile ar an Elevador da Glória i lár na cathrach, a iompraíonn turasóirí agus muintir na háite idir cearnóg lárnach, Praça dos Restauradores, agus Bairro Alto, ceantar eile a bhfuil siamsaíocht oíche ann. Bhí daoine ó thíortha éagsúla i measc na n-othar gortaithe, lena n-áirítear an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Eilvéis, Ceanada, an Chóiré Theas, Maracó agus Rinn Verde. Deir an Roinn Gnóthaí Eachtracha nach bhfuil aon saoránach Éireannach i measc na dtaismeach. Tharla an timpiste mar gur bhris an cábla agus gur sciorr an carr den rian. D’fhógair an rialtas sa Phortaingéil Lá Náisiúnta Dobróin agus tá fiosrúchán ar siúl.
Tá Conor McGregor tar éis físeán a phostáil lasmuigh d'Fhoirgnimh an Rialtais, ag impí ar dhaoine dul i dteagmháil lena gcomhairleoirí contae chun tacú leis mar iarrthóir uachtaránachta. Chun a bheith ar an mbosca ballóide, caithfidh sé ceithre údarás áitiúla nó 20 ball den Oireachtas a fháil lena thaobh. Osclóidh fuinneog na n-ainmniúchán amárach agus caithfear iad a chur isteach roimh an cheathrú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. I bhfíseán dhá nóiméad go leith, luaigh sé Forógra na Saoirse agus rinne sé comhartha na croise ag an deireadh. I mí na Samhna anuraidh, d’aimsigh giúiré i dtriail shibhialta go ndearna McGregor ionsaí gnéis ar Nikita Hand in 2018, agus tugadh damáistí beagnach €250,000 di. Chaill sé a achomharc sa chás i mí Iúil i mbliana.
Tá sé ráite ag Donald Trump, Uachtarán na Stát Aontaithe, go mb’fhéidir go gcuirfeadh sé comhaontuithe trádála ar ceal má deir an Chúirt Uachtarach go raibh na taraifí a thug sé isteach neamhdhleathach. Rialaigh cúirt achomhairc le déanaí nach raibh údarás aige na taraifí a ghearradh gan cead na Comhdhála. Deir Trump go bhfuil muinín aige go rialóidh an Chúirt Uachtarach ina fhabhar, ach d’admhaigh sé go mbeadh caillteanas mór ann dá gcaillfeadh sé. Mhaígh sé freisin go raibh an tAontas Eorpach ag íoc “beagnach trilliún dollar” leis na Stáit Aontaithe, cé gur i ndáiríre is iad lucht iompórtála Meiriceánach a íocann na taraifí sin. Rinne an Seanadóir Mitch McConnell comparáid idir polasaithe Trump maidir leis an gheilleagar agus gnóthaí eachtracha agus polasaithe na naoi déag tríochaidí, agus é ag rá gurb é seo "an tréimhse is contúirtí ó roimh an Dara Cogadh Domhanda".
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
iarnród cáblach - funicular
taismeach - casualty
bosca ballóide - ballot box
comhartha na croise - the sign of the cross
comhaontuithe trádála - trade agreements
gnóthaí eachtracha - foreign affairs
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an tríochadú lá de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Siadhail.
Tá ambasadóir na hÉireann i ndiaidh dul i dteagmháil leis na húdaráis i mBeirlín faoi ionsaí ar agóideoir Éireannach i bpríomhchathair na Gearmáine Déardaoin. Rinneadh físeáin agus pictiúir de Kitty O'Brien go forleathan ar na meáin shóisialta agus í mbun agóide le Irish Bloc Berlin, grúpa a sheasann i gcoinne an chinedhíothaithe sa Phalaistín. Sna físeáin, tá póilíní Gearmánacha le feiceáil agus iad ag cur brú ar an lucht agóide. Léirítear gur bhuail póilín amháin dorn sa tsrón ar an bhean Éireannach aríst agus aríst eile. Fágadh í le lámh bhriste agus aghaidh lán fola. Ní hé seo an chéad choimhlint idir póilíní agus agóideoirí síochánta i mBeirlín. Cuireadh cosc ar theangacha cé is moite den Ghearmáinis agus den Bhéarla ag agóidí anuraidh, agus gabhadh fear amháin i mí Aibreáin a bhí ag labhairt Gaeilge.
Tá an truailliú i Loch nEathach níos measa ná riamh. Tá blás algach le feiceáil ar dhromchla an locha, sloda glas a dhéanann dochar do bheathra uisceach. Tá cosc ar iascaireacht le haghaidh eascann, tionscal traidisiúnta an cheantair, agus chonacthas eascanna amuigh as an uisce agus iad ag sleamhnú ar bharr an bhláis algaigh. Tarlaíonn an truailliú seo mar gheall ar an leibhéal ard fosfair agus nítrigine sa loch, a ritheann isteach ó fheirmeacha timpeall an locha. Tá grinneall agus bruacha Loch nEathach i seilbh Iarla Shaftesbury, Nicholas Ashley-Cooper, ach níl mórán déanta aigesean ná ag polaiteoirí Thuaisceart Éireann in ainneoin éilimh mhuintir na háite.
Tá an fhéile cheoil is mó in Éirinn, an Electric Picnic, ar siúl an deireadh seachtaine seo. Tá thart fá 80,000 duine ag freastal ar an fhéile sa tSráidbhaile i gContae Laoise, ina bhfuil roinnt stáitsí ceoil agus puball grinn. I measc na gceoltóirí mór le rá tá Hozier, Chappell Roan, Fatboy Slim, Kneecap agus Kings of Leon. Anuas air sin, tá níos mó Gaeilge ná riamh ag an fhéile i mbliana, lena n-áirítear dhá stáitse Gaeilge, an Puball Gaeilge agus an Chollchoill, agus láthair speisialta Gaeltachta sa láthair champála. Ar an drochuair, tháinig deireadh leis an aimsir thirim inné agus beidh lucht na féile fliuch go leor. Tá an fhéile díolta amach le tamall.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
agóideoir - protestor
blás algach - algal bloom
beathra uisceach - aquatic life
eascann - eel
puball grinn - comedy tent
an Chollchoill - the Hazelwood
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an 23ú lá de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Cuileagáin.
Tharla cruinniú mullaigh idir Uachtarán na Stát Aonaithe Donald Trump agus Uachtarán na Rúise Vladimir Putin in Alasca Dé hAoine an tseachtain seo caite inar phléadar an cogadh san Úcráin agus na roghanna atá ann chun deireadh a chur leis.
Cuireadh an cairpéad dearg amach do Putin agus, i ndiaidh an chruinnithe, dúirt Trump nach raibh gá le sos comhraic agus go mbeadh sé ag iarraidh comhaontú síochána a dhéanamh ina ionad san. Spreag an ráiteas san imní i measc ceannairí Eorpacha agus go háirithe san Úcráin, ar eagla go mbeadh orthu talamh sa Donbas a ghéilleadh don Rúis. Chuaigh Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky agus roinnt ceannairí Eorpacha go dtí an Teach Bán Dé Luain chun an plean a phlé le Trump. Dúirt Trump go bhfuil sé ag iarraidh cruinniú mullaigh a shocrú anois idir Zelensky agus Putin ach níl aon rud beartaithe go fóill.
Tá fórsaí míleata Iosrael tar éis 60,000 saighdiúir cúltaca a ghairm chun seirbhíse agus iad ag tosnú le hionsaí nua ar Chathair Gaza in ainneoin an cháinte idirnáisiúnta. Maíonn na hIosraelaigh go bhfuil siad ag iarraidh deireadh a chur le Hamas leis an ionsaí so ach tá eagraíochtaí daonnúla ag tabhairt rabhadh go bhfuil ar Phalaistínigh teitheadh ón gcathair agus go bhfuil sé mar sprioc ag na hIosraelaigh an chathair a bhánú. Tá forghabháil Iosrael, agus aon mhéadú sna hionsaithe, mídhleathach de réir an dlí idirnáisiúnta. Cháin Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Antonio Guterres, na forbairtí is déanaí agus d’impigh sé ar Iosrael agus Hamas teacht ar sos comhraic. Mhol sé d'Iosrael na forbairtí lonnaíochta nua sa Bhruach Thiar a stopadh chomh maith. Scoiltfeadh an lonnaíocht mhídhleathach seo an Bruach Thiar ó Iarúsailéim Thoir agus bheadh sé ana-dheacair réiteach dhá stát a fháil dá bharr. Chomh maith leis sin, dhearbhaigh eagraíocht a bhfuil tacaíocht na Náisiún Aontaithe aici go bhfuil gorta ar siúl go hoifigiúil in Gaza anois.
Tá an duais liteartha Polari curtha ar ceal tar éis conspóide leis an údar Éireannach John Boyne. Is duais í a cheiliúrann litríocht LADTA an duais Polari ach tharraing sí conspóid nuair a ainmníodh John Boyne dá leabhar Earth. Tá cáil ar Boyne mar gheall ar a leabhar The Boy in the Striped Pyjamas ach spreag sé cáineadh géar le déanaí de bharr a chuid tuairimí faoi dhaoine trasinscneacha. Scríobh Boyne alt san Irish Independent cúpla seachtain ó shin inar thug sé tacaíocht don údar achrannach J.K. Rowling agus a seasamh i gcoinne cearta trasinscneacha. Tharraing go leor údair eile amach as an bhfadliosta mar gheall ar ainmniúchán Boyne, chomh maith le beirt mholtóirí. D’fhógair Polari go gcuirfí an duais ar ceal i mbliana mar gheall ar an gconspóid agus go ndéanfaidís iarracht níos mó moltóirí trasinscneacha a chur ar an bpainéal as so amach. Chuir Boyne ráiteas amach inar sheas sé lena thuairimí agus inar mhaígh sé go bhfuair sé bulaíocht mhillteanach le linn na conspóide.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
cruinniú mullaigh - summit meeting
comhaontú síochána - peace agreement
forghabháil - usurpation
lonnaíocht mhídhleathach - illegal settlement
achrannach - controversial
moltóirí - judges
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniú an séú la déag de mhí Lúnasa. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh.
D’fhógair iarrthóir uachtaránachta Fíne Gael, Mairéad McGuinness, ar an Déardaoin go bhfuil sí ag tarraingt amach as an bhfeachtas Uachtaránach. Dúradh nach cinneadh éasca ab ea ann ach tar éis tréimhse san ospidéal go bhfuil a sláinte curtha chun tús aici. I ráiteas an pháirtí tugadh tacaíocht di agus dúradh go mbuailfidh Comhairle Feidhmiúcháin Fíne Gael le chéile go luath leis an gcéad chéim eile a phleanáil, ach níl sé soiléir cé eile a rithfidh dóibh. Tá an TD Neamhspleách Catherine Connolly ó Ghaillimh Thiar ag báiliú tacaíocht ar an eite chlé, an t-aon iarrthóir anois tar éis feachtas a lainseáil agus leis an tacaíocht atá de dhíth chun ainmniúchán a bhaint amach. Níl sé soiléir an gcuirfidh Fianna Fáil iarrthóir ar aghaidh, tá plé inmheánach fós ar siúl ag Sinn Féin agus tá roinnt ainmneacha neamhspleácha sa chomhrá ach níl aon iarrthóir láidir le feiceáil fós. Críochnóidh téarma Mhichíl D. Uí hUigínn ar an 11 Samhain tar éis 14 bliain in oifig. Is dócha go mbeidh lá an toghcháin ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair.
Maraíodh ceathrar iriseoirí de chuid Al Jazeera in ionsaí beartaithe Iosraelach an tseachtain seo caite. Maraíodh seachtar san iomlán nuair a bhuail drón Iosraelach pobal lasmuigh d’ospidéal al-Shifa i gcathair Gaza a bhí ag tabhairt dídeán do na meáin. Maraíodh beirt chomhfhreagraithe; Anas al-Sharif agus Mohammed Qreiqeh, agus beirt cheamaradóirí; Ibrahim Zaher agus Mohammed Noufal. Bhí cáil ar Anas al-Sharif go háirithe mar ghuth láídir ó thús an chogaidh a chuir an fhírinne faoin uafás atá á dhéanamh ag Iosrael i nGaza ar stáitse domhanda. Is é an cogadh seo an cogadh is marfaí d’iriseoirí riamh, agus beagnach 270 iriseoir agus oibrí na meáin maraithe ag Iosreal ón 7 Deireadh Fomhair 2023. Sin níos mó ná gach iriseoir a maraíodh i ngach cogadh mór ón gCogadh Cathartha i Stáit Aontaithe Mheiriceá go dtí an lá atá inniú ann, curtha le chéile.
Bhuaigh Gaillimh Cluiche Ceannais Camógaíochta na hÉireann an bhliain seo, tar éis cluiche drámatúil in aghaidh Chorcaí. Baineadh an bua amach ag an nóiméad deireanach le pointe ó Carrie Dolan, captaen na foirne, cúpla nóiméad tar éis cúl ó Chorcaigh a chuir an dá fhoireann ar comhscór. Is bua sceitimíneach é seo do Ghaillimh - bhuaigh Corcaigh an bhliain seo caite ina gcoinne arís agus bhí “three in a row” á lorg acu i mbliana. Seo an cúigiú bua den chomórtas do Ghaillimh, an triú ceann faoi bhainistiú Cathal Murray.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
iarrthóir uachtaránachta - presidential candidate
Comhairle Feidhmiúcháin - Executive Council
comhfhreagraithe - correspondents
ceamaradóirí - camera operators
comhscór - even scores, draw
bua sceitimíneach - exciting win
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an naoú lá de mhí Lúnasa. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.
Dé Domhnaigh, fuadaíodh bean as Éirinn i Háítí agus seachtar eile in éineacht léi, leanbh trí bliana d’aois ina measc. Is í Gena Heraty, atá ina stiúrthóir i ndílleachtlann in aice le príomhchathair Háítí, Port-au-Prince, agus ar as Cathair na Mart i gContae Mhaigh Eo ó dhúchas di, an bhean a fuadaíodh. Bronnadh roinnt gradam ar an stiúrthóir dílleachtlainne ar son a cuid obair dhaonnúil, Gradam Dínit an Duine um Oireachtais san áireamh. D’agair an Taoiseach Micheál Martin leis an dream a d’fhuadaigh an tÉireannach í a scaoileadh saor agus dhearbhaigh an tAire Gnóthaí Eachtracha, an Tánaiste Simon Harris, go raibh “dianiarrachtaí leanúnacha” ar siúl lena fuascailt a bhaint amach.
Tháinig borradh mór faoin táirgeadh plaistigh sa chéad bliain a chuaigh thart, agus cé gur táirge míorúilteach é i roinnt cásanna, is cúis tromluí é i gcás an truaillithe. In 2022, tháinig tíortha ar chomhaontú a bhí ina cheangal de réir dlí, le dramhaíl plaistigh agus ceimiceáin dhíobhálacha a bhaineann le plaisteacha ar leith a laghdú, ach tar éis dhá bhliain níl an conradh réitithe go fóill. Dé Máirt, bhuail na tíortha domhanda le chéile arís ag comhdháil na Náisiún Aontaithe in Geneva, ag cur tús le seisiún atá ag iarraidh an comhaontú a chríochnú, téacs an chomhaontú a fhormheas, agus é a chur os comhair Chomhdháil Taidhleoireachta na Lánchumhachtach sula nglacfaí leis.
Tá Fleadh Cheoil na Éireann faoi lánseol i Loch Garman don darna bhliain: níos mó ná seachtain lán de cheol, amhránaíocht agus damhsa, agus buaicphointe na bliana do na taibheoirí. Tá réimse imeachtaí Gaeilge le fáil ag an Fhleadh fosta, idir cheol beo, scéalaíocht, TG4, stair, siamsóirí sráide, agus neart eile, ó Seachtain na Gaeilge, agus tá seans ag daoine an Ghaeilge a labhairt agus a chluinstin go nádúrtha sa spás cultúrtha seo. Críochnaíonn na comórtais agus na taispeántais Dé Domhnaigh, 10 Lúnasa agus tá na craoltaí le feiceáil ar TG4, beo agus le sruthú. Fógraíodh anuraidh go mbeidh Fleadh Cheoil na Éireann ag tarlú i mBéal Feirste den chéad uair in 2026, agus den darna huair sa Tuaisceart.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
dílleachtlann - orphanage
obair dhaonnúil - humanitarian work
táirgeadh plaistigh - production of plastic
ina cheangal de réir dlí - legally binding
buaicphointe - climax
siamsóirí sráide - street entertainers
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an dara lá de mhí Lúnasa. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.
Tá sé fógartha ag gníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe go bhfuil 20,000 páiste tugtha isteach i Stráice Gaza le haghaidh cúram éigeandála agus iad ag fulaingt de bharr easpa bia. Tuairiscíodh freisin go bhfuil méadú suntasach ar an líon páistí áta ag fáil bháis agus an t-ocras ina chúis leis. Tá níos mó ná 1,000 Palaistíneach maraithe ag fórsaí Iosrael ó dheireadh mhí na Bealtaine nuair a bhí na híospartaigh ag iarraidh bia a fháil ag ionaid a bhí á reáchtáil ag Iosrael agus na Stáit Aontaithe. Fiú gan na hionsaithe, dar le breathnóirí, ní leor na hionaid chun dul i ngleic leis an ngorta áta le feiceáil ar an talamh. Muna gcuirtear uisce glan, bia ceart agus cúram leighis ar fáil, leanfaidh líon na marbh os cionn na 60,000 bás a tuairiscíodh cheana féin. Tá sé ráite ag tíortha lena n-áirítear Ceanada, an Fhrainc, an Astráil, an Nua-Shéalainn agus an Ríocht Aontaithe go bhfuil siad ag smaoineamh ar aitheantas oifigiúil a thabhairt don Pháilistín, chun brú a chur ar Iosrael stop a chur leis an gcogadh.
Ag cruinniú speisialta an tseachtain seo, thug rialtais na hÉireann a cheadú do mhaoiniú úr seacht gcéad milliún chun a thuilleadh tithíocht shóisialta agus acmhainní a sholáthar. Is maoiniú breise é seo anuas ar an airgead a fograíodh le déanaí sa leagan nua den phlean forbartha náisiúnta. Chomh maith leis sin, chun an mheánaicme a shásamh, tá tús curtha ag an rialtais le proiseás comhairliúcháin faoi rialacha pleanála a bhaineann le tithe mórscála. Amach anseo, ní bheidh gá cead pleanála a fháil má chloíonn úinéirí le rialacháin áirithe, mar shampla, má tá gairdín mór go leor ann.
Is chun na Ríochta atá Corn Sam Mhig Uighir ag dul i ndiaidh an bhua chuimsithigh a fuair Ciarraí in aghaidh Dhún na nGall i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann. Bhí deich bpointe idir an dá fhoireann ag an bhfheadóg dheireanach, le cúl agus sé pointe is fiche scóráilte ag an Ríocht agus naoi bpointe déag scóráilte ag na fir ón iarthuaisceart. Mar a thuar go leor tráchtairí, bhí an tionchar ba láidre ag David Clifford, go háirithe sa chéad leath, nuair a d'aimsigh sé trí scor dhá phointe chun Ciarraí a chur i gceannas go compordach. Ach cé go raibh Clifford ina laoch, ní raibh sé ina aonar. Ba é a dheartháir Paudie a bhí ina cheannaire i lár na páirce agus threoraigh sé ionsaithe Chiarraí ar bhealach nárbh fhéidir le cosantóirí Dhún na nGall déileáil leis. In ainneoin taispeántas cróga ó Michael Murphy, a fuair ocht bpointe ar an lá, bhí lúth na ngéag caillte ag a fhoireann faoin am a scóráil Joe O'Connor an t-aon chúl den chluiche sa nóiméad deireanach. Tá naoi chraobh is tríocha buaite ag Ciarraí i stair an chomórtais anois.
*
gníomhaireacht - agency
ag fulaingt de bharr easpa bia - suffering from starvation
maoiniú breise - extra funding
proiseás comhairliúcháin - consultation process
lúth na ngéag - swiftness of limbs
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an séú lá is fiche de mhí iúil. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Fuair an t-amhránaí rac-cheoil Ozzy Osbourne bás Dé Máirt an tseachtain seo, agus é 76 bhliain d'aois. As Birmingham ó dhúchas, tá sé curtha síos dá bhanna ceoil Black Sabbath gurb iadsan a chruthaigh an seánra miotal trom, a bhuíochas le hamhráin ar nós Iron Man agus Paranoid. Níos lú ná trí seachtaine ó shin, rinne Osbourne, a thug an t-ainm “Prince of Darkness” air féin, ceolchoirm dheireanach le slán a fhágáil ina bhaile dúchais, agus cuid mhaith de na ceoltóirí a spreag sé féin ar an ardán leis, Metallica agus Guns n’ Roses ina measc. I ráiteas, dúirt a theaghlach: "Is le níos mó bróin ná mar is féidir le focail a chur in iúl go gcaithfimid a thuairisciú gur bhásaigh ár n-Ozzy Osbourne grámhar ar maidin. Bhí sé lena theaghlach." Níor shonraigh siad cúis bháis, ach bhí sraith fadhbanna sláinte ag an réalta agus diagnóisíodh go raibh galar Parkinson air in 2019. Dheimhnigh urlabhraí thar ceann an teaghlaigh gur bhásaigh Osbourne sa Ríocht Aontaithe.
Tá cáineadh géar déanta ar an Rialtas as gan aon tagairt in aon chor a dhéanamh d’infheistíocht sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht san athbhreithniú ar an Phlean Forbartha Náisiúnta a foilsíodh inné. Tá táblaí sa phlean ina ndéantar briseadh síos ar €102.4 billiún den airgead atá geallta a dháileadh ar na ranna rialtais éagsúla ach níl an Ghaeltacht luaite fiú i dteideal na Roinne a bhfuil an cúram sin uirthi. An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail atá déanta den Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta sa phlean. An t-aon áit a bhfuil an focal Gaeltacht luaite sa phlean nua ná i bhfonóta faoi aistriú cumhachtaí ranna éagsúla i ndiaidh an toghcháin dheireanaigh. Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge gur údar náire a bhí san "easpa measa” a léirítear don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa phlean, a foilsíodh i mBéarla amháin. “Beimid ag obair linn idir seo agus an Buiséad lena chinntiú go bhfaigheann an teanga an sciar atá ag dul di agus go gcuirfear mar shampla maoiniú ceart ar leataobh do thithíocht sa Ghaeltacht,” arsa Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn.
Maraíodh bean ina 40idí agus beirt pháistí, buachaill agus cailín, i lámhach i gContae Fhear Manach Dé Céadaoin. Ba iad máthair agus a beirt pháistí íospartaigh an ionsaithe gunna i nDroichead Mhig Uidhir. Tá fear - atá ina bhall den teaghlach céanna - á chóireáil fá choinne gortuithe tromchúiseacha in Ospidéal Ríoga Victoria i mBéal Feirste. Dúirt ceannasaí póilíní an cheantair le tuairisceoirí go raibh an t-imscrúdú ag céim luath, ach go mbeadh amhras faoi dhúnmharú triarach agus iarracht féinmharaithe "ina líne fiosrúcháin amháin". Dúirt an Ceannfort Robert McGowan ag preasagallamh go bhfuil tús curtha ag Seirbhís Póilíní Thuaisceart Éireann (PSNI) le himscrúdú dúnmharaithe agus go bhfuil siad "ag obair go gasta" chun na himthosca a chinneadh.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
miotal trom - heavy metal
cúis bháis - cause of death
Plean Forbartha Náisiúnta - National Development Plan
easpa measa - lack of respect
lámhach - shooting
na himthosca - the circumstances