Nuacht Mhall

Nuacht Mhall

By Conradh na Gaeilge i LondainEducationLanguage Learning
Download on the App Store

All Nuacht Mhall episodes

  • 6 Nollaig 2025 (Maigh Eo)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an séú lá de mhí na Nollag. Is mise Oisín Mac Conamhna.

    I Stáit Aontaithe Mheiriceá Déardaoin, thug an tAimiréal Frank Bradley fianaise don Chomhdháil faoi dhá ionsaí a rinne Cabhlach Mheiriceá ar bhád a bhí ag iompar drugaí, de réir Washington, ar an dara lá de mhí Mheán Fómhair. Scaoil siad dhá dhiúracán ar an mbád ar dtús, a bhris as a chéile ina dhá chuid é,
    agus a mharaigh gach duine ar bord seachas beirt, a bhí fágtha, de réir cosúlachta, agus iad longbhriste sa raic. Ansin scaoil an Cabhlach dhá dhiúracán eile chun an bheirt údaí a mharú, agus d’éirigh leo. Is coir chogaidh é, agus sárú ar Choinbhinsiún na Ginéive, mairnéalaigh longbhriste a mharú. Ta sé ráite ag an rialtas le Uachtarán Trump go bhfuil cogadh ar siúl idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus na cairtéil atá ag iomportáil drugaí ann, acht is conspóideach an cogadh é, ó thaobh an dlí de, mar sin féin.

    I Sasana, tá fiche a hocht duine a bhí ar scoil le Nigel Farage i gColáiste Dulwich, Londain, tar éis a rá don nuachtán The Guardian go bhfaca siad bulaíocht chiníoch nó fhrith-sheimíteach uaidh ag an am sin. Dúirt Peter Ettedgui, stiúrthóir scannán mór le rá atá ina Ghiúdach, go raibh sé mar nós ag
    Farage a rá leis go raibh an ceart ag Hitler, nó a bheith ag siosarnach leis amhail is dá mbeadh gás nimhiúil ann. Dúirt Yinke Bankole gur thosaigh sé ar scoil ann nuair a raibh sé naoi mbliana d’aois, agus bhí Farage thart ar seacht déag, agus gur cuimhin leis Farage ag díriú a láimhe agus ag rá leis gur sin an bealach ar ais go dtí an Afraic. Dúirt comhscoláirí éagsúla gur chonaic siad Farage ag canadh “Gásaigh iad uilig”, nó ag
    mí-úsáid a chumhachta mar chinnire go ciníoch; agus dúirt roinnt comhscoláirí go bhfaca siad Farage ag caitheamh maslaí ciníocha go minic. Ghlac Farage páirt ollmhór i bhfeachtas an Bhreatimeachta, agus anois tá sé i gceannas ar an bpáirtí Reform UK, atá chun tosaigh ar leibhéil náisiúnta ar thart ar 30% sna
    phobalbreitheanna sa Ríocht Aontaithe. Dúirt Farage nár thug sé íde béil chiníoch d'aon ghnó riamh, agus nach ndearna sé iarracht dhíreach, dháiríre daoine a ghortú.

    Bhí tráthnóna mór ann in Áras Inis Gluaire i mBéal an Mhuirthead Dé hAoine, le tacaiocht mhór ón eagraíocht Gaeilge Iorrais, nuair a sheol Aire na Gaeltachta Dara Calleary an leabhar “Scéal Muirí Mhuigh Eo” le Breandán Mac Conamhna, foilsithe ag Mayo Books Press. Insíonn an leabhar scéal oidhreacht mhuirí an chontae ón gClochaois go dtí an lá áta inniu ann. Tá sé scríofa go hiomlán i gcanúint Iorrais, tuaisceart Mhuigh Eo, agus dár leis an údar, a rugadh i mBéal Deirg ar chósta thuaidh an chontae sa bhliain 1936, is é an chéad leabhar dá leithéid ar feadh seachtó bliain, ó tháinig an Caighdeán Oifigiúil an an bhfód. Do mhol an tAire an saothar, tábhacht na canúna, agus an leabhar
    mar bhrontannas Nollag; agus tar éis an seolta bhí béile agus ól, ceol, damhsa, amhránaíocht, caint agus craic.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    coir chogaidh - war crime

    mairnéalaigh longbhriste - shipwrecked sailors

    bulaíocht chiníoch nó fhrith-sheimíteach - racist or anti-semitic bullying

    d'aon ghnó - on purpose

    oidhreacht mhuirí - maritime heritage

    an Chlochaois - the Stone Age

    9 min
  • 29 Samhain 2025 (Baile Átha Cliath)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an naoú lá is fiche de mhí na Samhna. Is mise Liam Ó Brádaigh.

    Tá smacht curtha ag comhraiceoirí dóiteáin Hong Cong ar thine ollmhór i gcoimpléasc árasán inar maraíodh 128 duine ar a laghad agus inar gortaíodh 70 duine. Dúirt na póilíní gur dócha gurbh é gnólacht tógála "faillíoch go mór" a bhí ag úsáid ábhar neamhshábháilte ba chúis leis an tine. Agus Hong Cong ag streachailt leis an tine is measa sa chathair le breis agus 60 bliain, tá na céadta de chónaitheoirí an réigiúin tar éis obair dheonach a dhéanamh chun cabhrú leis na híospartaigh easáitithe. Tá thart ar 500 cónaitheoir scaipthe faoi láthair i naoi n-ionad tithíochta sealadacha.

    Tá Pam Hogg, an dearthóir faisin Albanach a chruthaigh stíleanna do réaltaí lena n-áirítear Rihanna agus Kate Moss, tar éis bháis, a d’fhógair a teaghlach. Tuigtear go raibh Hogg ina seascaidí, ach níor nocht sí a haois go poiblí riamh. Níor tugadh cúis an bháis ach oiread, ach dúirt a teaghlach gur mian leo "buíochas a ghabháil le foireann uile Ospís Naomh Seosamh, Hacnaí as an tacaíocht álainn a thug siad do Pamela ina laethanta deiridh". Ba cheoltóir í Hogg freisin agus thacaigh sí le Debbie Harry ó Blondie agus The Pogues, sular bhunaigh sí an banna, Doll.

    Díoladh uaireadóir póca óir a fuarthas ó lánúin scothaosta a cailleadh nuair a chuaigh an Titanic go tóin poill ar os cionn €2 mhilliún ag ceant. Ba é an tsuim is airde a íocadh riamh as cuimhneachán Titanic, a dúirt na ceantálaithe. Ba leis an bpaisinéir sa chéad ghrád Isidor Straus an t-uaireadóir óir 18 carat, a bádh nuair a bhuail an long cnoc oighir i mí Aibreáin 1912, rud a d’fhág 1,500 duine marbh. Léiríodh é féin agus a bhean chéile Ida i scannán mór le rá James Cameron, Titanic, sa bhliain 1997 mar an lánúin ag coinneáil le chéile agus an Titanic ag dul faoi.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    comhraiceoirí dóiteáin - firefighters

    faillíoch - negligent

    easáitithe - displaced

    uaireadóir póca - pocket watch

    ceant - auction

    paisinéir sa chéad ghrád - first class passenger

    5 min
  • 22 Samhain 2025 (Luimneach)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an dara lá is fiche de mhí na Sahmna. Is mise Sibéal Dempsey.

    Vótáil comhairle slándála na Náisiún Aontaithe i bhfabhar rún a thacaíonn le plean Donald Trump do Gaza. Tá roinnt gnéithe sa phlean, lena n-áirítear bunú Fórsa Cobhsaíochta Idirnáisiúnta, a bhfuil roinnt tíortha gan ainm tar éis tairiscint a bheith páirteach ann. Seachas an Rúis agus an tSín, a staon ón vóta, vótáil na tíortha eile go léir i bhfabhar an rúin. Dhiúltaigh Hamas dó, áfach, iad ag rá go gcruthaíonn sé páirtí eile sa choinbhleacht agus go bhforchuireann sé caomhnóireacht ar Stráice Gaza. Cruthaíodh comhlacht ar a dtugtar an Bord Síochána freisin, a bhfuil sé de chúram air maoirseacht a dhéanamh ar atógáil Gaza agus ar sheachadadh cabhrach daonnúla. Dúirt Trump gur “stairiúil” vóta na Comhairle Slándála agus meastar go mbeidh sé ina chathaoirleach ar an mBord Síochána.

    Chonacthas long spiaireachta Rúiseach amach ó chósta na hAlban an tseachtain seo, agus í ar a bealach i dtreo uiscí atá faoi smacht na hÉireann, agus geallann an Ríocht Aontaithe freagairt mhíleata dá n-aistreodh sí níos faide ó dheas. Is cosúil go bhfuil an long, ar a dtugtar an Yantar, in ann cur isteach ar cháblaí fomhuirí. Chonacthas an long ag seoladh síos Muir Éireann roimhe seo freisin, nuair a bhí long chabhlaigh agus aerárthach Éireannach á leanúint. Meastar an uair seo mar ardú céime, áfach, mar a fuarthas amach go raibh an long ag díriú léasair ar phíolótaí RAF a seoladh chun faireachas a dhéanamh. Ar an láimh eile, tá ambasáid na Rúise sa Ríocht Aontaithe tar éis cúiseamh a thabhairt do rialtas na Breataine as histéire mhíleata a chothú.

    Tá an tionscal ceoil ag agóidíocht níos mó i gcoinne na hintleachta saorga de réir mar a mhéadaíonn a húsáid sna meáin phríomhshrutha. Shroich rian na hintleachta saorga, walk my walk, uimhir a haon i gcairt díolacháin dhigiteacha fógraí sna Stáit Aontaithe. Fuair an t-ardán sruthaithe Deezer amach freisin go ngineann an intleacht shaorga thart ar tríocha a ceathair faoin gcéad d’uaslódálacha laethúla. Tá Paul McCartney ar dhuine de na ceoltóirí is déanaí atá ag teacht amach i mbun agóide agus rian beagnach go hiomlán ciúin eisithe aige. Tá sé seo mar chuid d'fheachtas níos leithne chun cosc a chur ar algartaim a oiliúint ar cheol atá ann cheana féin gan aon dleachtanna a íoc. I measc na gceoltóirí eile atá páirteach cheana féin tá Kate Bush agus na Pet Shop Boys.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    Fórsa Cobhsaíochta Idirnáisiúnta - International Stabilisation Force

    caomhnóireacht - guardianship

    long spiaireachta - spy ship

    histéire mhíleata - military hysteria

    sna meáin phríomhshrutha - in the mainstream media

    dleachtanna - royalties

    7 min
  • 15 Samhain 2025 (Tír Eoghain)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an cúigiú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail.

    Insealbhaíodh Catherine Connolly mar Uachtarán na hÉireann Dé Máirt, ag searmanas i Halla Naomh Pádráig taobh istigh de Chaisleán Bhaile Átha Cliath. Bhí gaolta agus cairde an Uachtaráin nua i láthair, chomh maith le ceannairí polaitiúla na hÉireann agus an triúr iarUachtarán a mhaireann, Mary Robinson, Mary McAleese agus Micheál D. Ó hUiginn. Cuireadh tús leis an ócáid le beannachtaí ó cheannairí na gcreideamh éagsúil sa tír agus ansin thug Connolly an mionn oifige as Gaeilge agus as Béarla. Ina hóráid luaigh sí na téamaí is tábhachtaí di ina téarma mar Uachtarán: an tsíocháin, neodracht na hÉireann, an ghéarchéim aeráide agus ról na Gaeilge i saol na hÉireann. Is í Connolly an deichiú hUachtarán i stair an stáit agus an tríú bean sa ról.

    Tá grúpa agóideoirí bundúchasacha i ndiaidh imshuí a chur ar an bhealach isteach go Comhdháil na bPáirtithe nó COP30, imeacht atá ar siúl in Belém i dtuaisceart na Brasaíle faoi láthair. Tá an lucht agóide ag iarraidh ar rialtas na Brasaíle stop láithreach a chur leis na tionscadail forbartha ar fad atá ag tarlú san Amasóin, lena n-áirítear mianadóireacht, lománaíocht, druileáil ola agus tógáil iarnróid nua. Cé go bhfuil an dífhoraoisiú tite 50% le trí bliana anuas, tá an tUachtarán Lula ag brath ar thacaíocht earnáil na talmhaíochta agus cáineadh é as neamhaird a thabhairt ar fhadhbanna móra a bhaineann leis an athrú aeráide.

    Bhí bua stairiúil ag foireann sacair na hÉireann oíche Déardaoin nuair a bhuaigh siad ar an Phortaingéil a dó a náid i Staid Aviva, toradh a tháinig aniar aduaidh ar lucht leanúna agus lucht anailíse sacair araon. Fuair Troy Parrott as Baile Átha Cliath dhá chúl sa chéad leath agus ansin sa dara leath tugadh cárta dearg do Cristiano Ronaldo, an chéad chárta dearg dá ghairm idirnáisiúnta i ndiaidh 226 cluiche. Bua mór a bhí ann do bhainisteoir fhoireann na hÉireann Heimir Hallgrímsson fosta. Bhí an tÍoslannach faoi bhrú i ndiaidh drochthorthaí go luath san fheachtas seo, lena n-áirítear cluiche a cailleadh i gcoinne na hAirméine. Ní thig leis na himreoirí ceiliúradh a dhéanamh go fóill, áfach. Le deis a bheith acu áit a bhaint amach i gCorn an Domhain i Meiriceá Thuaidh an bhliain seo chugainn, caithfidh siad an bua a fháil in aghaidh na hUngáire Dé Domhnaigh, cluiche a bheidh an-doiligh ar fad.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    mionn oifige - oath of office

    neodracht - neutrality

    lománaíocht - logging

    dífhoraoisiú - deforestation

    earnáil na talmhaíochta - the agricultural sector

    lucht leanúna agus lucht anailíse sacair - soccer fans and pundits


    7 min
  • 8 Samhain 2025 (Dún na nGall)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-ochtú lá de mhí na Samhna. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

    Dúirt saoránach Éireannach a sádh agus é ar an traein go Londain gur “an nádúr a bhí ann” nuair a chuaigh sé i mbealach an ionsaitheora le paisinéirí eile a chosaint. Goineadh deichniúr san eachtra foréigin ar an traein idir Doncaster, baile in oirthuaisceart Shasana, agus Stáisiún Chrosaire an Rí i Londain, oíche Dé Sathairn seo caite. Cuireadh na póilíní ar a n-airdeall faoin éigeandáil ar bord na traenach ag 7.40in an oíche sin. Ba é Stephen Crean, ar as Baile Átha Cliath í a mháthair agus ar as Ros Comáin é a athair, duine de na híospartaigh, in éineacht le Samir Zitouni, a rith i dtreo an ionsaitheora agus a thug aghaidh ar an chontúirt. Dúirt marthanóir an ionsaithe go raibh sí fíorbhuíoch de Crean as a chuid crógachta.

    Bhí an t-iománaí mór le rá DJ Carey os comhair na cúirte mar go ndearna sé calaois ar dhaoine nuair a lig sé air go raibh ailse air agus go raibh airgead de dhíth air ar son cóir leighis. Gearradh téarma príosúnachta 5 bliana go leith ar an iar-iomanaí clúiteach, a bhain cúig Chraobh na hÉireann ag imirt do Contae Chill Chainnigh. Ghlac sé beagnach €400,000 ó 22 duine agus níl ach €44,000 íoctha ar ais go dtí seo. Dúirt an Breitheamh Nolan go raibh sé “thar a bheith doiligh céard a bhí ina chúis leis” agus gur “tháinig Carey i dtír ar dhea-nádúr na ndaoine.” Chuala an chúirt nach raibh dochúlacht ann go bhfaighidh a chuid íospartach a n-airgead ar ais, ach gur inis do “leithscéal croíuíl, cneasta” a thabhairt d’achan íospartach. 

    Dúirt ‘máthair bhaistí’ na hintleachta saorga go bhfuil sí “bródúil as a bheith difriúil”, agus í an t-aon bhean amháin as seachtar ceannródaithe na hintleachta shaorga ar bronnadh duais inealltóireachta orthu Dé Céadaoin. Bhronn Rí na Ríochta Aontaithe Duais Inealltóireachta na Banríona Éilis ar an Ollamh Li agus seisear eile léi le linn searmanais ag Pálás Naomh Séamais. Is iad na daoine eile a fuair an onóir in éineacht léi ná an tOllamh Yoshua Begio, an Dochtúir Billy Dally, an Dochtúir Geoffrey Hinton, an tOllamh John Hopfield, bunadóir Nvidia Jensen Huang, agus príomheolaí na hintleachta saorga um Meta an Dochtúir Yann LeCun. Tá siad ag fáil aitheantas as a gcuid ról i bhfórbairt nua-mheaisínfhoglama, réimse atá mar bhonn faoin dul chun cinn sciobtha in intleacht shaorga. Dúirt an tOllamh Li, “Ar son na mban óg a bhfuil mé ag obair leofa agus glúinte na gcáilíní atá le teacht, ní miste liom glacadh leis an teideal seo”. 

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    saoránach - citizen

    éigeandáil - emergency

    calaois - fraud

    ailse - cancer

    máthair bhaistí - godmother

    intleacht shaorga - artificial intelligence

    7 min
  • 1 Samhain 2025 (An Clár)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an chéad lá de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

    Tá Spéirling Melissa tar éis scrios ollmhór a dhéanamh ar oileáin Mhuir Chairib an tseachtain seo, go háirithe in iardheisceart Iamáice. Bhí luas beagnach 300 ciliméadar san uair faoin ngála gaoithe nuair a tháinig sí i dtír agus í ina catagóir 5 ar dtús mar spéirling. Rinneadh go leor damáiste sa cheantar St Elizabeth agus anois tá cuid mhór den cheantar báite. Scriosadh tithe, botháin na mbocht go háirithe, agus ospidéil, agus tá níos mó ná leathmhilliún daoine gan cumhacht sa cheantar anois. Chuaigh an Spéirling ar aghaidh go Cúba agus Háítí ach ar an ndea-uair, tá neart na gaoithe laghdaithe anois. Fuair ceathrar bás in Iamáice le linn na stoirme agus tuairiscítear go bhfuil thart ar fiche duine marbh in Háítí mar gheall ar na tuilte.

    Maraíodh timpeall 100 duine agus gortaíodh 200 duine de bharr ionsaithe Iosrael in Gaza an tseachtain seo. Rinne fórsaí míleata Iosrael ionsaithe buamála ar Gaza Dé Máirt, in ainneoin an tsosa comhraic gur cheart a bheith i bhfeidhm sa cheantar le trí
    seachtaine anuas. De réir Rialtas Iosrael, sháraigh Hamas an sos comhraic nuair a maraíodh saighdiúir Iosraelach in ionsaí. D’éirigh le hUachtarán na Stát Aonaithe Donald Trump an plean síochána a chur le chéile cúpla seachtain ó shin nuair a chuir sé brú ar Netanyahu glacadh leis an bplean. Ach tá sé ráite aige anois go raibh an ceart ag na hIosraelaigh an ruathar aeir a dhéanamh an tseachtain seo agus nach raibh an sos comhraic i mbaol dá bharr. Is léir, áfach, nach bhfuil ach síocháin leochaileach i bhfeidhm sa Mheánoirthear go fóill.

    Tá Oireachtas na Samhna, an ócáid is mó i gcultúr na nGael, fé lán seoil i mBéal Feirste anois. Tá na himeachtaí siamsaíochta ar siúl ó Dé Céadaoin go dtí Dé Domhnaigh agus tarlóidh níos mó ná 200 ócáid éagsúla le linn na seachtaine, lena n-áirítear
    comórtais taibhealaíona, cheoil agus liteartha. Tá go leor polaiteoirí i láthair: tá an seanpholaiteoir Éamon Ó Cuív ina Uachtarán ar an Oireachtais, d’oscail Aire na Gaeltachta Dara Calleary an t-imeacht go hoifigiúil Dé Céadaoin agus bhí laoch nua na huaire, Uachtarán tofa na hÉireann Catherine Connolly, i láthair freisin. Fuair Connolly moladh ón leas a bhain sí as an nGaeilge le linn an toghcháin agus bhí na céadta ag iarraidh grianghraf a fháil léi. Tá sé oiriúnach go bhfuil an tOireachtas ag
    tarlú i mBéal Feirste toisc gurb as an gcathair é an Chéad Choiminisineir Gaeilge sa Tuaisceart, Pól Deeds, a ceapadh sa phost Dé Máirt. Is féidir an clár comórtais a fheiscint ar líne ar an suíomh antoireachtas.ie.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    spéirling - hurricane

    Muir Chairib - the Carribean Sea

    ionsaithe buamála - bombing attacks

    síocháin leochaileach - fragile peace

    taibhealaíona - performing arts

    Uachtarán tofa - President-elect

    8 min
  • 25 Deireadh Fómhair 2025 (Ard Mhacha)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.

    Bhí seacht déag duine le cur os comhair cúirte Déardaoin tar éis dhá oíche foréigin ag ionad lóistín Citywest i mBaile Átha Cliath. Gabhadh 24 duine san iomlán, cúigear ógánach ina measc, le linn na n-eachtraí, nuair a caitheadh diúracáin agus tinte ealaíne ar na gardaí. Gortaíodh triúr gardaí, agus tugadh beirt acu chuig an ospidéal. Bhí breis is trí chéad garda ar dualgas, lena n-áirítear aonad ord poiblí, marcaigh, agus tacaíocht ón aer. Bhí an gunna uisce ar fáil ach níor úsáideadh é. Scaoileadh na cúigear ógánach faoi Chlár Athstiúrtha Óige an Gharda Síochána, agus scaoileadh beirt fhear eile gan chúiseamh. Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh na hionsaithe “gránna agus brúidiúil”, agus go mbeidh freagra láidir ón gcóras ceartais. Thosaigh na hagóidí Dé Luain, tar éis d’fhear teacht os comhair cúirte maidir le líomhain faoi ionsaí gnéis. Tá imscrúdú leanúnach ar siúl ag na gardaí le daoine eile a aithint.

    Tharla eachtra stairiúil sa Séipéal Sistíneach an tseachtain seo, nuair a rinne Rí Séarlas III agus an Pápa Leo XIV urnaí le chéile – an chéad uair ó aimsir Anraí VIII a ndeachaigh monarc Briotanach agus Pápa Caitliceach i gcomh-urnú. Bhí Banríon Camilla i láthair, ina suí taobh leis an Rí gar don altóir. Dúirt cléir Anglacánach gur “leigheas ar an stair” a bhí sa nóiméad seo, agus gur comhartha é ar an chaidreamh níos dlúithe idir an dá eaglais. Bhronn an Pápa teideal “Bráthair Ríoga” ar an Rí ag Basilica Naomh Pól, agus mar mhalairt thug an Rí onóracha Briotanacha don Phápa, lena n-áirítear Cros Mór Ord Bath. Tharla an cruinniú seo le linn Bhliain Iubhaile na gCaitliceach, agus feictear é mar chéim mhór eile i dtreo cairdeas idir an Eaglais Chaitliceach agus an Comaoineach Anglacánach.

    Tá deireadh le tréimhse Mhichíl D. Ó hUiginn mar Uachtarán na hÉireann. Bhí sé ina Uachtarán ar feadh ceithre bliana déag agus tá an-mheas ag an phobal air fós. Bhí beirt iarrthóirí ag seasamh sa toghchán uachtaránachta, a tharla inné: Catherine Connolly, polaiteoir neamhspleách a bhfuil tacaíocht aici ó pháirtithe ar an eite chlé, agus Heather Humphreys, iarAire Rialtais a bhí ag rith don pháirtí Fine Gael. D'éirigh Jim Gavin as an rás tar éis scannal faoi chíos neamhíoctha.  De réir na bpobalbhreitheanna, is í Catherine Connolly a rachaidh go hÁras an Uachtaráin, ach tá súil le torthaí an toghcháin anocht. Beidh téarma seacht mbliana ag an bhuaiteoir. Is í an tUachtarán an ceann stáit agus cosnaíonn sí Bunreacht na hÉireann. Bíonn an tUachtarán ag labhairt leis an náisiún agus ag glacadh páirt in imeachtaí móra náisiúnta. 

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    Clár Athstiúrtha Óige - Youth Diversion Programme

    marcaigh - horse-riders

    urnaí - prayer

    an Comaoineach Anglacánach - the Anglican Communion

    neamhspleách - independent

    Bunreacht na hÉireann - the Constitution of Ireland

    7 min
  • 18 Deireadh Fómhair 2025 (An Dún)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.

    Tá an Teachta Dála Paul Murphy, ón pháirtí Pobal Seachas Brabús, ag agairt iarrthóir uachtaránachta Fhine Gael, Heather Humphreys, as clúmhilleadh. Baineann na himeachtaí, a thionscain Murphy inné, le ráitis a rinne Humphreys i ndíospóireacht ar an chlár This Week de chuid RTÉ Raidió 1 Dé Domhnaigh seo caite. Sheol Murphy litir dlíodóra chuig Humphreys mar gheall ar ráitis a rinne sí a bhain le ról Murphy in agóid i gcoinne táillí uisce i Ráth Miontáin, Tamhlacht i mBaile Átha Cliath i mí na Samhna 2014. Ba é Murphy duine de sheisear fear a cúisíodh as príosúnacht neamhdhleathach a dhéanamh ar an tánaiste Joan Burton agus a cúntóir Karen O’Connell ina ngluaisteán ar an 15ú de mhí na Samhna 2014. Fuair giúiré i gCúirt Choiriúil Chuarda Bhaile Átha Cliath an seisear neamhchiontach i ngach cúis in 2017. Dúirt Murphy nach raibh aon trácht le déanamh aige ar thionscnamh na n-imeachtaí clúmhillte faoi láthair.

    Tá Catherine Connolly go mór chun cinn sa rás don Áras, de réir na pobalbhreithe is déanaí. Dúirt 38% de dhaoine a ghlac páirt sa phobalbhreith Irish Times/Ipsos B&A go vótálfaidís don iarrthóir neamhspleách agus gan ach 20% ag tacú lena céilí comhraic Heather Humphreys, iarrthóir Fhine Gael. 5% a thug le fios go dtabharfaidís vóta céadrogha do Jim Gavin, an t-iarrthóir de chuid Fhianna Fáil a d’éirigh as an rás ach a bhfuil a ainm go fóill ar an pháipéar ballóide. Dá seasfadh na figiúirí sin lá na vótála, thoghfaí Catherine Connolly ar an chéad chomhaireamh. Agus gan ach seachtain fágtha go dtí go rachaidh daoine chuig na botháin vótála, deir 18% nach bhfuil a fhios acu cé léi a dtacóidh siad agus deir 6% eile go bhfuil rún acu a vóta a mhilleadh. Dúirt 12% nach bhfuil sé i gceist acu vóta a chaitheamh. Nuair a cuireadh ceist ar dhaoine cad é an tréith ba thábhachtaí dóibh a bheith ag iarrthóir, dúirt 3% gur “duine a labhraíonn Gaeilge” an tréith ba thábhachtaí. Dúirt 39% gurb é an rud ba thábhachtaí ná go mbeadh duine ann “a mbeadh cur chuige gníomhach acu agus a labhródh amach faoi chúrsaí”.

    Tá sé i gceist ag Leabharlann na Breataine cárta léitheoireachta an scríbhneora Éireannaigh nach maireann Oscar Wilde a atheisiúint, 130 bliain i ndiaidh don bhunchóip a bheith curtha ar ceal mar gheall ar a chiontú as “gníomh ró-mhígheanasach”. D'eisiaigh Leabharlann na Breataine an t-údar cáiliúil óna seomra léitheoireachta sa bhliain 1895 i ndiaidh dó a bheith cúisithe as caidrimh homaighnéasacha a bheith aige, cion coiriúil ag an am. Tabharfar an pas fisiciúil do gharmhac Wilde, Merlin Holland, Déardaoin ag ócáid speisialta sa Leabharlann ag imeacht a cheiliúrfaidh seoladh a leabhair dar teideal After Oscar, a dhéanann iniúchadh ar oidhreacht an scríbhneora i ndiaidh a bháis. Dúirt Holland: “Bhí Oscar i bpríosún Pentonville ar feadh trí seachtaine nuair a cuireadh a thicéad chuig Seomra Léitheoireachta Mhúsaem na Breataine ar ceal, mar sin ní bheadh a fhios aige faoi, rud a bhí go maith is dócha.”

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    clúmhilleadh - defamation

    neamhchiontach i ngach cúis - innocent of all charges

    céilí comhraic - competitor

    botháin vótála - voting booths

    gníomh ró-mhígheanasach - gross indecency

    garmhac - grandson

    6 min
  • 11 Deireadh Fómhair 2025 (Tiobraid Árann)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-aonú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gwyneth Nic Aidicín-Ní Loingsigh.

    Tá dóchas ann go mbeidh sos cogaidh buan in Gaza, tar éis vótáil ag an rialtas Iosraelach Dé hAoine chun beart sos cogaidh le Hamas a dhaingniú. Léiríonn an comhaontú céim a haon as plean fiche céim ó rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá chun deireadh a chur le cogadh Iosrael ar Gaza, a mharaigh breis is 67,000 Palaistíneach go dtí an pointe seo. Tá sonraí an bhirt iomláin fós doiléir agus deirtear go bhfuil easaontú mór idir Iosrael agus Hamas maidir leis an bplean tar éis dheireadh an chogaidh. Is iad eochairphointí céadchéim an bhirt ná tarraingt siar feadhna Iosrael go “pointe aontaithe”, cead isteach do 600 trucail cúnaimh gach lá, agus saoradh na ngiall agus na bpriosúnach ón dá thaobh. Thosaigh feadhna Iosrael ag tarraingt siar maidin Dé hAoine ach lean ionsaithe ar shibhialtaigh i rith na maidine, rud a chruthaigh éiginnteacht faoin mbeart.

    Tharraing Jim Gavin amach as an bhfeachtas uachtaránachta an deireadh seachtaine seo caite, toradh náireach d’Fhianna Fáil, agus anois tá coimhlint laistigh den pháirtí. Fógraíodh an nuacht tar éis conspóid a tháinig chun cinn sna laethanta roimhe, maidir le iarthionónta Gavin. D’íoc an tionónta €3,300 sa bhreis chuige, mar thoradh ar thimpiste bainc, 16 bliain ó shin, agus níor thug Gavin aisíocaíocht dó. Tar éis díospóireacht uachtaránachta inar ceistíodh Gavin faoin gconspóid, b’é tuairim sciar mór den phobal nach raibh sé ullamh don díospóireacht ná do ról an Uachtaráin fiú. Anois, agus beirt fágtha sa rás, tá an teannas ag ardú. Léiríonn torthaí na bpobalbhreitheanna is déanaí gurb í Catherine Connolly rogha na coitiantachta agus bearna mhór idir í agus Heather Humphreys, ach níl figiúirí cruinne ar fáil ó d’éirigh Jim Gavin as. Tarlóidh an toghchán ar an 24 de mhí Dheireadh Fómhair.

    In Éirinn, foilsíodh Búiséad 2026 le linn na seachtaine. Tá an Rialtas ag rá go bhfuil an plean nua ar son fheabhsú an gheilleagair ach tá cáineadh ón bhfreasúra, agus ó chuid mhór den phobal, a deir nach dtuigeann an rialtas cad atá ar siúl sa tír, gan aon chabhair don ghnáthdhuine sa phlean. Tá an laghdú cánach is mó ar fáil le haghaidh forbróirí, gan athrú ar bith ar an gcáin ioncaim. Gearradh an CBL don earnáil fáilteachais ó 13.5% go dtí 9%. Is bua é seo le haghaidh roinnt tithe tabhairne agus bialanna neamhspleácha. ach deirtear gurb iad na comhlachtaí móra na fíorbhuaiteoirí. Tá árdú 65c le teacht ar an íosphá, roinnt ardaithe ar íocaíochtaí leasa sóisialta, agus leanfaidh an creidmheas cánach cíosa, ach ní go leor le dul i ngleic leis an gcostas maireachtála. Tá an Bunioncam do na hEalaíona le bheith buan, tar éis triail ráthúil. Deir an Rialtas go bhfuil €36 milliún sa bhreis ag dul chuig an nGaeltacht agus chuig an nGaeilge ach deir an freasúra go bhfuil bréag i gceist, agus go bhfuil siad ag athfhógairt airgead a bhí leithdháilte cheana féin.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    sos cogaidh buan - permanent ceasefire

    conspóid - controversy

    rogha na coitiantachta - the favourite (to win)

    CBL don earnáil fáilteachais - VAT for the hospitality sector

    costas maireachtála - cost of living

    íosphá - minimim wage

    9 min
  • 4 Deireadh Fómhair 2025 (Gaillimh)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an ceathrú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.

    Tuairiscítear go ndeachaigh fórsaí míleata Iosrael ar bord chuile bhád sa gcabhlachán Sumud atá ag iarraidh soláthairtí fóirithinte a thabhairt isteach go Gaza. Is Éireannaigh iad seisear déag as thart ar 200 oibrí deonach atá gafa ag Iosrael Bhí an grúpa ilchultúrtha ag tabhairt cúnaimh, bia agus leigheas go Gaza nuair a stop fórsaí Iosrael iad, thart ar 80 ciliméadar ón gcladach in uiscí idirnáisiúnta. Bhí Greta Thunberg i measc na ndaoine a gabhadh, chomh maith leis an bhfuirseoir Tadhg Hickey agus an Seanadóir de chuid Shinn Féin, Chris Andrews Tharla agóidí ar fud an domhain nuair a cuireadh stop leis an misean agus cáineadh an eachtra go hidirnáisiúnta. Meastar go dtógfar na daoine a gabhadh go hIosrael agus go ndíbreofar iad. De réir tuairiscí oifigiúla, tá breis is 65,000 duine maraithe ag fórsaí Iosrael go dtí seo, ach is dócha go bhfuil an fíorfhigiúr i bhfad níos airde ná sin.

    I gcathair Dhoire, tá sé ráite ag an gcomhlacht foilsitheoireachta Cló Cholmcille go bhfuil díomá mhór orthu gur gá dóibh díospóireacht phoiblí faoin toghchán uachtaránachta a chur ar ceal. Bhí cuireadh curtha acu ar na hiarrthóirí don uachtaránacht chuig ócáid an tseachtain seo chugainn, ach ní bhfuair siad ach freagra amháin, ó Catherine Connolly, an t-aon chainteoir líofa Gaeilge sa rás. Cé nach raibh Connolly in ann freastal, chuaigh sí i dteagmháil leis an lucht eagraithe chun leithscéal a ghabháil. Níos suntasaí, dar le urlabhraí Chló Cholmcille, níl freagra ar bith faighte go fóill ó Heather Humphreys ná ó Jim Gavin. Dúirt Cló Cholmcille gur deis iontach a bhí ann chun todhchaí an oileáin ar fad a phlé, ach b'fhéidir nach raibh mórán measa orthu de bhrí nach féidir leo vótáil sa toghchán seo. Chuir Nuacht TG4 ceist ar oifig phreasa Heather Humphreys agus Jim Gavin cén fáth nár fhreagair siad an cuireadh, ach ní bhfuair na craoltóirí freagra ach an oiread.

    Fógraíodh maidin inné go bhfuil an scríbhneoir, craoltóir agus déantóir clár faisnéise, Manchán Magan, imithe ar shlí na fírinne. Cúig bliana le cois an leathchéid a bhí sé. Thug Manchán le fios in agallamh a rinne sé ar Raidió RTÉ an mhí seo caite go raibh sé ag fáil bháis le hailse a bhí scaipthe go dtí áiteacha go leor ina cholainn. Sa mbliain 1970 a tháinig an Maganach ar an saol agus tógadh i nDomhnach Broc i mBaile Átha Cliath é. Rinne sé céim sa Ghaeilge agus sa Dlí i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sular bhain sé aitheantas amach mar dhuine de cheannródaithe shéanra an chláir taistil i nGaeilge. Ní hamháin sin, ach labhair agus scríobh sé go machnamhach le linn a ghairme faoin mhiotaseolaíocht, faoin stair agus faoi chúrsaí teangeolaíochta na hÉireann, go háirithe i leabhair ar nós Thirty-Two Words for Field: Lost Words of the Irish landscape. Bhí sé le feiceáil le déanaí ar TG4 leis an tsraith Ag Triall ar an Tobar, atá fós ar fáil ar sheinnteoir TG4. Maireann a bhean chéile Aisling, a mháthair Cróine agus triúr eile dá theaghlach.

    *




    cabhlachán - flotilla

    soláthairtí fóirithinte - aid provisions

    fuirseoir - comedian

    urlabhraí - spokesperson

    déantóir clár faisnéise - documentary maker


    6 min