
Sign up to save your podcasts
Or


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an naoú lá déag de mhí Iúil. Is mise Oisín Mac Conamhna.
Tuairiscíodh sa Wall Street Journal gur scríobh Donald Trump litir bhreithlae ghraosta leath-thagairteach chuig Jeffrey Epstein, an t-airgeadaí agus péidifileach a chuir lámh ina bhás féin in 2019. Tá an tuairisc séanta ag Trump. Tá an-tacaíocht ag teoiricí comhcheilge faoi choireanna Epstein i measc lucht QAnon agus MAGA, dílseoirí Trump de ghnáth, agus anois tá an chonspóid ag éiri ina fhadhb pholaitiúil dó. Gheall Trump san fheachtas toghcháin go gcuirfeadh sé amach gach eolas faoi Epstein atá ag an rialtas, agus anois tá a chuid tacadóirí ag fanacht air. Dúirt Elon Musk ar X le linn troid mhór phoiblí le Trump an mhí seo caite go bhfuil Trump féin i gcomhaid Epstein.
Thosaigh tochailt agus dí-adhlacadh fóiréinseach choirp na leanaí atá curtha ar shuíomh an iar-árais máithreacha is leanaí i dTuaim an tseachtain seo. De réir taighde a rinne Catherine Corless, níl taifead adhlactha ag beagnach 800 leanbh a d’éag san áras idir 1925 agus 1961, nuair a raibh an t-áras i mbun oibre faoi na Siúracha Bon Secours, ar son Comhairle Contae na Gaillimhe. Dheimhnigh fiosrúchán ar an suíomh go bhfuil go leor cnámha leanaí ann i seanchóras séarachais an árais. Tá 5,000 meadar cearnógach sa suíomh, agus meastar go mbeidh an tochailt ar siúl go cionn dhá bhliain ar a laghad, ag iarraidh a fháil amach cé atá curtha ann.
Tá deireadh seachtaine mór spóirt ann faoi láthair. Inniu tá an chéad mhórchluiche de chamchuairt Leoin na Breataine agus na hÉireann ar siúl, i gcoinne na hAstrála i mBrisbane. I bPort Rois in Aontroim, tá Rory McIlroy agus Shane Lowry ag iarraidh an Chraobhchomórtas Oscailte Gailf a bhaint, den dara huair san áit chéanna i gcás Lowry, tar éis bua cáiliúil aige ann in 2019. Agus Dé Domhnaigh i bPáirc an Chrócaigh, beidh Corcaigh agus Tiobraid Árainn san iomaíocht le haghaidh Chraobh Iománaíochta na hÉireann. Bhí a mbua deireanach ag Tiobraid Árainn sa bhliain 2019 acht tá Corcaigh ag fanacht fiche bliain le Corn Mhic Cárthaigh a thabhairt abhaile leo.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
leath-thagairteach - innuendo-laden
teoiricí comhcheilge - conspiracy theories
iar-áras máithreacha is leanaí - former mother-and-baby home
taifead adhlactha - burial record
seanchóras séarachais - old sewerage system
an Chraobhchomórtas Oscailte Gailf - the Open (golf)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an dara lá déag de mhí Iúil. Is mise Liam Ó Brádaigh.
Tháinig na deartháireacha Gallagher ar ais le chéile an tseachtain seo don chéad ceolchoirm dá gcamchuairt aontaithe. Ba é seo an chéad léiriú ó Oasis ó scar an banna sé bliana déag ó shin. Sna blianta idir an dá linn, bhí achrann cáiliúil idir na deartháireacha Gallagher agus bhí amhras ann go mbeadh siad in ann seinm le chéile arís choíche. Ach an tseachtain seo, bhailigh sluaite díograiseacha le chéile chun an banna a fheiceáil agus chun canadh in éineacht le Wonderwall agus Don't Look Back in Anger. Cáineadh an chamchuairt roimhe seo as córas praghsála dinimiciúil a úsáid inar ardaíodh costas na dticéad de réir an éilimh. Aréir sheinn an grúpa os comhair lucht féachana de 80,000 duine i Manchain, an chéad sheó de chúig cinn ina mbaile dúchais, áit ar thosaigh an grúpa in 1991.
Beidh uachtar gréine saor in aisce ar fáil do chuairteoirí i bpáirceanna poiblí i gContae Chorcaí an samhradh seo. Tagann cur i bhfeidhm an tionscnaimh seo i ndiaidh do Chumann Ailse na hÉireann a rá go bhfuil riosca méadaithe ailse craicinn ann i measc teochtaí arda. Tuairiscítear gurb í an inacmhainneacht an phríomhchonstaic a chuireann cosc ar dhaoine uachtar gréine a chaitheamh. Beidh na dáileoirí grianscéithe ar fáil i bPáirc na Mara, Páirc Fitzgerald, Páirc Clashduv agus Páirc Meelick ó Luan. Tá foláireamh buí maidir le teocht ard i bhfeidhm do 14 chontae in Éirinn.
Cuirfear Taipéis Bayeux ar taispeáint sa Bhreatain tar éis tuairiscí gur aontaigh Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, cead a thabhairt don saothar ealaíne imeacht ón bhFrainc den chéad uair le 950 bliain. Léiríonn an taipéis, atá beagnach 70 méadar ar fhad, na himeachtaí a ba chúis le concas Normannach Shasana ag Liam Concar i gcoinne a chéile comhraic Harold, Iarla Wessex, agus a chríochnaíonn i gCath Hastings sa bhliain 1066. Mar mhalairt air sin, tabharfaidh Músaem na Breataine bailiúchán Sutton Hoo, fir fichille Lewis agus earraí eile ar iasacht don Fhrainc. Tháinig an fógra le linn chuairt Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron ar an Ríocht Aontaithe.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
camchuairt - tour
córas praghsála dinimiciúil - dynamic pricing system
ailse craicinn - skin cancer
dáileoirí grianscéithe - sunscreen dispensers
Liam Concar - William the Conqueror
malairt - exchange
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an cúigiú lá de mhí Iúil. Is mise Sibéal Dempsey.
Bhí féile Glastonbury ar siúl an deireadh seachtaine seo caite agus bhí conspóid ann don BBC dá bharr. Cé gur shocraigh an BBC roimh ré gan leagan beo de sheó Kneecap, an grúpa
rapcheoil Éireannach, a thaispeáint, bhí conspóid ann faoi ghrúpa eile, Bob Vylan. Chan amhránaí na beirte “bás don IDF” agus é ar an stáitse, agus cé gur cuireadh stiúrthóir
ginearálta an BBC ar an eolas ag an am, leanadh leis an léiriú a chraoladh. Chuir Bob Vylan ráiteas amach níos déanaí nach raibh siad “i bhfabhar bás Giúdach, Arabach ná aon chine nó grúpa eile. Táimid i bhfabhar díchóimeáil meaisín míleata foréigneach”. Níl an léiriú curtha ar fáil ar aon cheann de sheirbhísí ar éileamh an BBC agus tá na póilíní ag fiosrú anois é mar eachtra ord poiblí.
Tá “bille mór, álainn” Trump rite ag an Seanad, agus dúirt Trump gur “ceol dá chluasa” a bhí ann. Chuaigh triúr as caoga a trí Poblachtánach an tSeanaid i gcomhar leis na Daonlathaigh chun vótáil i gcoinne an phacáiste, a ritheadh caoga a haon-caoga tar éis don leas-uachtarán JD Vance an vóta comhscór a chaitheamh. Deirtear go dtacaíonn an bille le lucht an airgid trí laghduithe cánach, go maoineoidh sé an balla teorann, agus go méadóidh sé easnamh na Stát Aontaithe go trí thrilliún dollar sula dtiocfaidh deireadh le téarma Trump. Áirítear leis freisin laghduithe suntasacha maoinithe ar dhá chlár líontán sábhála: Medicaid, a sholáthraíonn cúram sláinte do Mheiriceánaigh bhochta agus faoi mhíchumas, agus an Clár Cúnaimh Cothú Forlíontach, a chabhraíonn le daoine earraí grósaera a íoc. Caithfear an bille a rith i dTeach na nIonadaithe anois, agus roinnt Poblachtánach sa seomra sin ag rá cheana féin nach dtacaíonn siad leis an leagan reatha.
Tá tonn teasa ollmhór ag scaipeadh ar fud na hEorpa agus teochtaí níos airde ná mar a taifeadadh roimhe seo i roinnt tíortha, lena n-áirítear an Spáinn agus an Phortaingéil. Shroich teochtaí daichead a sé pointe a sé celcius i gcuid den Phortaingéil, an teocht is airde riamh i mí an Mheithimh sa tír. Bhí tionchar mór ag na teochtaí, lena n-áirítear roinnt daoine ag fáil bháis, scoileanna ag dúnadh, agus srianta á gcur ar obair lasmuigh. Nascann saineolaithe minicíocht agus déine na dtonnta teasa seo le hathrú aeráide, agus iad ag tabhairt rabhadh go bhfuil siad ag éirí níos coitianta.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
conspóid - controversy
seirbhísí ar éileamh - on-demand services
líontán sábhála - safety net
earraí grósaera - groceries
tonn teasa - heatwave
minicíocht - frequency
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Niall ÓSiadhail.
Bhí bua gan choinne ag Zohran Mamdani i dtoghchán tosaigh an Pháirtí Dhaonlathaigh le haghaidh Mhéara Nua-Eabhrac DéMáirt, nuair a fuair sé an ceann is fearr ar iarghobharnóir Stát Nua-Eabhrac Andrew Cuomo. Reáchtálfar toghchán an mhéara féin i mí na Samhna agus meastar gur rogha na coitiantachta a bheidh in iarrthóir an Pháirtí Dhaonlathaigh. Bhí tacaíocht leithéidí Bernie Sanders agus Alexandria Ocasio-Cortez ag Mamdani, agus é ag gealladh polasaithe níos forásaí ná Cuomo, lena n-áirítear reo cíosanna agus busanna saor in aisce sa chathair. Anuas air sin, tá Cuomo luaite le roinnt líomhaintí faoi chiapadh gnéasach. Má éiríonn le Mamdani i mí na Samhna beidh sé ina chéad Mhéara Moslamach i gCathair Nua-Eabhrac.
Tháinig fear slán as foirgneamh a bhí trí thine i lár Bhaile Átha Cliath le linn na seachtaine, buíochas le tiománaí leoraí a pháirceáil a fheithicil faoi fhuinneog an tí ar Rae Granby in aice le Cearnóg Parnell. Chonaic Tomasz Zareba fear amháin ag léim amach as fuinneog thuas staighre agus é féin a ghortú ar an tsráid ach ansin thiomáin sé a leoraí taobh leis an fhoirgneamh le go mbeadh fear eile ábalta teacht anuas go sábháilte. I ndiaidh na heachtra, chuaigh Zareba ar ais ag obair, agus é ag seachadadh earraí go siopaí sa chathair. Cuireadh cóireáil ar sheachtar ar an láthair agus cuireadh triúr san ospidéal, ach ní fios go fóill cad é ba chúis leis an tine.
Tá féile cheoil Glastonbury ar siúl an deireadh seachtaine seo, agus thart fá dhá chéad míle duine ag teacht go Worthy Farm in Somerset in iardheisceart Shasana. Is iad The 1975, Neil Young agus Olivia Rodrigo príomhoirfidigh na féile, a d’eagraigh anfeirmeoir Michael Eavis den chéad uair sa bhliain 1970, agus tá roinnt ceoltóirí móra Éireannacha ag seinm fosta i mbliana, lena n-áirítear Kneecap, CMAT, Sprints agus Inhaler. Seachtain ó shin, dúirt Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Keir Starmer go gcreideann sé nár chóir go mbeadh ceolchoirm Kneecap á léiriúar an teilifís, ach tá sé ráite ag an lucht eagraithe go bhfuil fáilte rompu ag an fhéile. Beidh an chéad fhéile eile ar siúl sa bhliain 2027, ós rud é gur feirm dhéiríochta é Worthy Farm agus go mbíonn bliain ina bhán de dhíth ó am go ham.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
bua gan choinne - unexpected victory
rogha na coitiantachta - favourite
reo cíosanna - rent freeze
líomháintí faoi chiapadh gnéasach - allegations of sexual harassment
príomhoirfidigh - headliners
bliain ina bhán -fallow year
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.
Leanann an cogadh idir Iosrael agus an Iaráin ar aghaidh an tseachtain seo. Rinne fórsaí Iosrael tuilleadh ionsaithe aeir ar phríomhchathair na hIaráine, Tehran, dírithe ar oirthear na cathrach. Mhol Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, do mhuintir Tehran imeacht roimh an ionsaí, amhail is go raibh a fhios aige roimh ré. Tháinig cáineadh ó rialtas na Síne, agus iad ag rá go raibh Trump ag cur leis an teannas. Ionsaíodh cathracha eile fosta, lena n-áirítear Natanz, áit a bhfuil áiseanna núicléacha, agus Tabriz, áit a bhfuil bunáit aerfhórsa na hIaráine. D’ionsaigh fórsaí na hIaráine na cathracha Iosraelacha Tel Aviv agus Haifa le diúracáin agus dróin. D’fhág Trump cruinniú G7 i gCeanada go tobann, ach séanann sé go raibh sé ag iarraidh páirt a ghlacadh i gcainteanna síochána idir an dá thír.
Beidh babhta réamhcheathrú ceannais de Chraobh Shinsir Peile na hÉireann ag tarlú an deireadh seachtaine seo. Tá Baile Átha Cliath ag imirt i gcoinne Chorcaí i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna Dé Sathairn i gcluiche mór an deireadh seachtaine. Tarraingíodh na cluichí ar Morning Ireland ar RTÉ Raidió a hAon agus seo mar a tháinig siad amach: Dún na nGall v Lú, An Dún v Gaillimh, Ciarraí v An Cabhán, Baile Átha Cliath v Corcaigh. Beidh buntáiste baile ag Dún na nGall, An Dún, Baile Átha Cliath, agus Ciarraí, ós rud é gur tháinig siad sa dara háit ina ngrúpaí roimhe seo. Tá áit bainte amach ag buaiteoirí na ngrúpaí sin – Tír Eoghain, An Mhí, Muineachán, agus Ard Mhacha – sa bhabhta ceathrú ceannais cheana, agus beidh na foirne sin ag dul in iomaíocht le buaiteoirí na gcluichí an deireadh seachtaine seo.
Bhí Liam Óg Ó hAnnaidh, a bhfuil cáil níos fearr air mar an rapálaí Mo Chara as an ghrúpa Kneecap, os comhair na cúirte i Londain an tseachtain seo. Cúisíodh é maidir le dlí frithsceimhlitheoireachta – deirtear gur thaispeáin sé bratach a bhí ag tacú le Hezbollah ag ceolchoirm i Londain i mí na Samhna seo caite. Shéan sé na cúisimh ar fad. Deir Kneecap gur caitheadh an bhratach ar an stáitse agus go bhfuil na cúisimh ina n-iarracht an grúpa rapcheoil a chiúnú. Deir siad go bhfuil an dlí á úsáid chun bac a chur orthu ag taisteal agus ag labhairt. Tá Kneecap an-oscailte lena dtacaíocht don Phalaistín agus i gcoinne an chogaidh in Gaza. Bhí slua mór ag tacú leo taobh amuigh den chúirt i Londain Dé Céadaoin, agus ligeadh amach ar bannaí é. Déardaoin d'fhill siad ar Éirinn le haghaidh ceolchoirm mhór i bPáirc Fionnradhairc i mBaile Átha Cliath.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
áiseanna núicléacha - nuclear facilities
bunáit aerfhórsa - air force base
réamhcheathrú ceannais - preliminary quarter-final
ag dul in iomaíocht le - competing with
dlí frithsceimhlitheoireachta - anti-terrorism law
ar bannaí - on bail
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an 14ú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Niall Ó Cuileagáin.
Sheol Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump comhaltaí de Gharda Náisiúnta agus de mhuirshaighdiúirí na tíre go Los Angeles an tseachtain seo chun dul i ngleic leis na hagóidí sa chathair. Dúirt Gobharnóir an Stáit, Gavin Newsom, go raibh ordú Trump mídhleathach agus gur chruthaigh sé níos mó fadhbanna sa chathair. Caitheadh buidéil agus clocha le póilíní, cuireadh cairr trí thine, agus scaoil na póilíní piléir rubair leis an slua. Thosnaigh an clampar mar fhrithghníomhnú in aghaidh na
n-oifigeach inimirce atá ag déanamh ruathar ar inimircigh nach bhfuil na cáipéisí cuí acu. De réir Newsom, bhí Trump ag iarraidh géarchéim a chruthú lena ordú agus nach raibh an t-údarás aige an Garda Náisiúnta a sheoladh go dtí an Stát. Gheall sé go
dtabharfadh sé cás in éadan an Uachtaráin. Tá ordú cuirfiú i bhfeidhm sa chathair anois thar oíche.
Ghabh forsaí míleata Iosrael seilbh ar ghníomhaithe ar son na Palaistíne agus a luamh an ‘Madleen’ amach ó chósta Gaza maidin Dé Luain. Bhí na gníomhaithe ag iarraidh soláthairtí bia agus leighis a thabhairt go dtí an Stráice agus aird an domhain
a tharraingt ar an ngorta atá ar siúl ansan fé láthair. Bhí an gníomhaí aeráide Greta Thunberg ar an mbád, mar aon leis an bhFeisire de Pharlaimint na hEorpa, Rima Hassan. Ghabh na forsaí míleata seilbh ar an long in uiscí idirnáisiúnta, rud a cháin
Amnesty International go géar agus iad ag rá gur scrios forsaí Iosrael an dlí idirnáisiúnta. Dúirt an Tánaiste Simon Harris gur ábhar náireach é agus go raibh an domhan iomlán ag thabhairt neamhaird ar an ngéarchéim dhaonnúil in Gaza. Díbríodh Thunberg agus trí ghníomhaí eile thar n-ais chuig a dtíortha dúchais Dé Máirt; tá na gníomhaithe eile ag cur in aghaidh na n-orduithe díbeartha.
Tá an t-amhránaí agus cumadóir amhrán mór le rá Brian Wilson ar shlí na fírinne. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an bhanna ceoil, The Beach Boys, sna seascaidí agus bhí sé ina cheann feadhna ar an ngrúpa ó thaobh an cheoil de. Bhain The Beach
Boys cáil amach mar gheall ar a bhfoinn bhinne agus an nasc idir a gceol agus an cultúr surfála, rud atá le clos sna hamhráin ar nós “Surfin’ USA’, “Surfin’ Safari” agus “Surfer Girl”. Is é an t-albam “Pet Sounds” an ceirnín a bhfuil an cháil is mó air, agus,
de réir go leor daoine, is é an t-albam is fearr a taifeadadh riamh. D’fhulaing Wilson le fabhanna meabhairshláinte le linn a shaoil, agus de réir a chomhpháirtithe sa ghrúpa, mhéadaigh a úsáid drugaí, go háirithe LSD, a chuid fabhanna. Bhí blianta corracha aige sna seachtóidí agus sna hochtaidí, ach tháinig feabhas ar a shaol arís nuair a phós sé Melinda Ledbetter in 1995 agus chuaigh sé thar n-ais ar camchúirt. Fágann sé oidhreacht ollmhór ar an gceol agus ar an gcultúr den bhfichiú haois.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
muirshaighdiúirí - marines
frithghníomhú - reaction
luamh - yacht
soláthairtí bia agus leighis - provisions of food and medicine
ceann feadhna - leader
ar camchuairt - on tour
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an seachtú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.
Tá an suíomh UNESCO Sceilg Mhichíl, a bhfuil clú agus cáil air mar shampla de lonnaíocht luath-chreidimh, le hathoscailt aríst inniu, i ndiaidh conspóid dlí maidir le ceadúnais bháid a ghlacann daoine anonn agus anall ón oileán. Bíonn an t-oileán, a bhí ina shuíomh scannánaíochta sna scannáin Star Wars, druidte i rith an gheimridh, idir mí Mheán Fómhair agus mí Aibreáin. Osclaíonn an suíomh aríst don tréimhse úr samhraidh gach bliain i lár mhí na Bealtaine, ach tháinig moill ar an oscailt i mbliana mar gheall ar an chonspóid seo, inar ghlac dhá chomhlacht nar éirigh leo i gcomórtas d’oibreoirí báid éileamh dlíthiúil chuig an ardchúirt. Agus an cás seo beo, cuireadh bac ar aon oibreoir báid seirbhís a chur ar fáil chuig an oileán. Dúirt an tAire Norma Moriarty go bhfuil faoiseamh le mothú sa phobal i ndiaidh an chinnidh seo. “Níl aon áibhéil faoin tionchar a bhí ag an chinneadh seo ar an cheantar. Bhí sé ríthábhachtach gur athosclaíodh an suíomh. Is é an príomháit turasóireachta sa cheantar é agus bhí gnólachtaí ag fulaingt mar gheall ar a dhúnadh,” a dúirt sí.
An tseachtain seo, chuir Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump cosc ar dhaoine ag taisteal ó thíortha eagsúla go dtí na Stáit Aontaithe. Chuir foireann an Tí Bháin síos ar an pholasaí seo mar “choscanna ciallmhara” a dhéanfadh Meiriceánaigh a chosaint ó eachtrannaigh chontúirteacha. Is é seo an dara huair a chuir an tUachtarán Trump cosc ar an taisteal. Agus é ina chéad téarma in 2017, chuir sé cosc ar an taisteal, agus tháinig éileamh dlíthiúil mar gheall air. Rinne an tUachtarán Biden é a aisghairm in 2021. I measc na dtíortha a bhfuil tionchar ag an bheartas seo orthu ná an Afganastáin, Maenmar, Sead, Poblacht an Chongó, an Ghuine Mheánchiorclach, an Eiritré, Háítí, an Iaráin, an Libia, an tSomáil, an tSúdáin agus Éimin. Tá leathchosc tagtha ar thíortha eile mar chuid den bheartas seo, Tóga, Laos, Cúba agus Siarra Leon san áireamh. Shéan urlabhraí ón Teach Bhán gur beartas frith-Mhoslamach atá ann.
Tá Mark Shields, imreoir CLG le Contae Ard Mhacha agus buaiteoir Chraobh na hÉireann anuraidh, i ndiaidh a thaithí ar theacht amach mar dhuine aerach a roinnt go poiblí i ndiaidh deich mbliana ag imirt leis an chontae. I bhfíseán a roinneadh ag ócáid Bhróid a d'eagraigh Cumann na nImreoirí Gaelacha, rinne sé cur síos ar an dúshlán a bhí roimhe teacht amach i dtimpeallacht CLG atá faoi thionchar na bhfear. Mar sin féin, luaigh sé fosta an t-athrú dearfach atá tagtha ar an chultúr, agus thug le fíos go bhfuil dearcadh laistigh de ghrúpa Ard Mhacha agus laistigh den CLG níos tuisceanaí ná mar a bhí blianta ó shin. Aithníonn Shields go bhfuil athrú tagtha ar an teanga agus ar an tacaíocht laistigh den ghrúpa, agus go bhfuil comhoibritheoirí ag seasamh an fhóid le daoine aeracha ar bhealach nach raibh siad ariamh roimhe seo. Agus a scéal féin á roinnt, tá sé ag súil go gcuideoidh sé le himreoirí eile—fir, mná nó daoine neamh-dhénartha— béim a leagan ar a gcultúir féin agus a bheith tacaithe agus sábháilte. Chomh maith leis sin, chuir Shields béim ar an tábhacht atá le daoine iontaofa, cosúil lena dheirfiúr agus lena pháirtí féin, chun comhráite pearsanta a dhéanamh.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
lonnaíocht luath-chreidimh - early religious settlement
oibreoir báid - boat operator
eachtrannaigh chontúirteacha - dangerous foreigners
aisghairm - repeal
dearcadh - outlook
daoine neamh-dhénartha - non-binary people
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an t-aonú lá is tríocha de mhí na Bealtaine. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.
Leanann an t-uafás sa Phalaistín agus brú ar rialtais an domhain ag fás gach lá chun smachtbhannaí a chur ar Iosrael. Níl aon bhia ná cúnamh ag dul isteach go Gaza fós. Tá plean sos cogaidh ó Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi bhreithniú faoi láthair, den chéad uair ón sos cogaidh ar theip air i mí an Mhárta. Ghlac Iosrael
leis an bplean agus tá freagra foirmiúil fós le teacht ó Hamas ach dúirt urlabhraí nach ngeallann an beart sos cogaidh buan ná go leor soláthar cúnaimh. Sa Ríocht Aontaithe scríobh 828 saineolaí dlí litir chuig an bPríomh-Aire Keir Starmer ag lua go bhfuil cinedhíothú ag tarlú agus ag cur brú ar an rialtas úsáid a
bhaint as gach acmhainn atá ar fáil chun stop a chur leis. In Éirinn, cáineadh an rialtas as an easpa gníomh dleathúil i gcoinne Iosrael. Chuaigh bean as Gaillimh, Sophie Ní Choimín ar stailc ocrais le brú a chur orthu an Bille Críoch Faoi
Fhorghabháil a hachtú. I rith na seachtaine fuarthas ceadú sa Dáil cosc a chur ar iompórtáil ón Iosrael, ach baineann sé seo le táirgí amháin agus níl seirbhisí san áireamh, cé gurb iadsan a dhéanann an chuid is mó d’iomportáil ó Iosrael go hÉirinn.
Tháinig rialú ón gCúirt um Thrádáil Idirnáisiúnta sna Stáit Aontaithe Dé Céadaoin, ina ndúradh go bhfuil an chuid is mó de na táillí atá an tUachtarán Trump ag achtú neamhdhleathach. Ghlac an Chúirt Achomhairc Fheidearálaigh le hiarracht ó riarachán Trump sos sealadach a chur ar an rialú seo, agus
leanfaidh siad ag bailiú cánach don am seo. Tá sos curtha ar roinnt dualgas an riaracháin agus idirbheartaíocht trádála ar siúl, agus beidh an chéad éisteacht eile ar siúl ar an 5ú Meitheamh. Ceaptar go rachfaidh an cás go dtí an Chúirt Uachtarach. Dúirt Peter Navarro, comhairleoir trádála Trump, “fiú má chaillfimid (sa chúirt), déanfaimid iad (na táillí) i slí éígin eile.”
Tá chuid den sráidbhaile Blatten san Eilvéis scriosta tar éis intitim oighearshrutha Dé Céadaoin. Bhi 300 duine ina gcónaí sa sráidbhaile agus tharla aslonnú ar an 19ú lá de mhí na Bealtaine, bunaithe ar rabhadh geolaí faoi chobhsaíocht an oighearshrutha. Tá duine amháin ar iarraidh agus tá an-chuid tithe scriosta. Tá tacaíocht ó rialtas na hEilvéise, ag cinntiú go mbeidh daoine in ann filleadh ar a mbaile, nó an ceantar ar
a laghad. Toradh athrú aeráide an tubaiste seo, agus teochtaí ag ardú tá na oighearshruthanna agus talamh síorshioctha sa cheantar ag leá. Dúradh sa tuarascáil is déanaí ar shláinte na oighearshruthanna san Eilvéis go mbeidh siad go léir imithe laistigh de chéad bliain, mura gcoimeádfar ardú teocht domhanda laistigh de 1.5 céim, sprioc atá caillte cheana féin, dar le saineolaithe.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
soláthar cúnaimh - provision of aid
stailc ocrais - hunger strike
ag bailiú cánach - collecting tax
idirbheartaíocht trádála - trade negotiation
intitim oighearshrutha - glacier collapse
talamh síorshioctha - permafrost
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an ceathrú lá fichead de mhí na Bealtaine. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.
Tá gorta faoi lán seoil in Gaza. Tá sé fógartha ag ceannaire gnóthaí daonnúla na Náisiún Aontaithe, Stephen Fletcher, go bhféadfadh 14,000 páiste bás a fháil mura gcuirtear bia ar fáil dóibh láithreach. In ainneoin cáineadh forleathan ón bpobal idirnáisiúnta, níor cheadaigh Iosrael ach naoi leoraí cúnaimh isteach i nGaza, cé go bhfuil níos mó ná 2.3 milliún duine ocrach le beagnach trí mhí. I dteachtaireacht físe ar na meáin shóisialta, dúirt Príomh-aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, go bhfuil Iosrael chun smacht a fháil ar Gaza ar fad. Mar gheall ar an ngéarchéim atá ag dul in olcas, cháin Príomh-aire na Ríochta Aontaithe, Keir Starmer, Iosrael agus é ag labhairt os comhair na parlaiminte níos luaithe sa tseachtain. Bíodh sin mar atá, sheachain sé úsáid a bhaint as na focail ‘glanadh eitneach’ nó ‘cinedhíothú’, agus níor gheall sé ach oiread go stopfadh sé ag díol arm le hIosrael.
Tá fáilte curtha ag Gaeilgeoirí i dTuaisceart na hÉireann roimh an gcinneadh tuairim is 100 comhartha dhátheangacha a chur suas i gContae an Dúin agus i gContae Ard Mhacha. Cé go raibh polaiteoirí Aontachtacha ina choinne le sé bliana, tá sé deimhnithe anois ag an dá chomhairle contae go mbeidh na comharthaí le feiceáil go luath. Leanann sé seo le polasaí na gcomhairlí contae an Ghaeilge a chur chun cinn. Úsáidtear comharthaí dátheangacha cheana féin ar fhoirgnimh údaráis áitiúil sna ceantair seo. Tagann an scéal seo ag an am céanna go bhfuil mic léinn ag Ollscoil na Banríona agus Ollscoil Uladh ag éileamh comharthaí Gaeilge ar an gcampas.
Tá painéal imreoirí roghnaithe ag bainisteoir fhoireann sacair ban na hÉireann, Carla Ward, don dá chluiche dheireanacha i Sraith na Náisiún. Imreofar an chéad chluiche in aghaidh na Tuirce thall in Iostanbúl an deireadh seachtaine seo chugainn, agus beidh siad ar ais sa bhaile an tseachtain dár gcionn in aghaidh na Slóivéine i gCorcaigh. Má tá seans ar bith acu críochnú ar bharr an ghrúpa, caithfidh siad an dá chluiche a bhuachaint. Tá Erin Healy, tosaí le Adelaide United san Astráil, ar an bpainéal den chéad uair riamh, chomh maith le Louise Quinn sula n-éireoidh sí as sacar gairmiúil go hiomlán. Go n-éirí go geal leis an mbeirt acu, agus leis an bhfoireann uilig.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
gorta - famine
gnóthaí daonnúla - humanitarian affairs
glanadh eitneach - ethnic cleansing
cinedhíothú - genocide
foirgnimh údaráis áitiúil - local authority buildings
gairmiúil - professional
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an seachtú lá déag de mhí na Bealtaine. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.
Cuireadh breith ar neamhní tar éis fianaise nua ADN a léiriú, agus 38 bliain caite ag fear i ngéibheann i gcás dúnmharaithe mná. Fuarthas Peter Sullivan ciontach sa bhliain 1986 maidir le dúnmharú Diane Sindall, bean óg a ndearnadh tromionsaí gnéasach uirthi agus í ag siúl abhaile tar éis seal ag obair i mbeár. Dé réir ráiteas a léigh a dhlíodóir, dúirt an tUasal Ó Sullivan “níl fearg orm, nílim searbh”. Agus í ag labhairt i ndiaidh na héisteachta, dúirt deirfiúr Sullivan, Kim Smith, “nach raibh an bua ag éinne” agus chuir sí comhbhá in iúl do mhuintir Iníon Uí Sindall.
Rinne Médecins San Frontières cáineadh ar Iosrael maidir le “tubaiste dhaonnúil d’aon ghnó” a chruthú agus chuir an carthanas iomardú ar Iosrael faoi chuidiú coinníollach ar easáitiú éigeantach na bPalaistíneach a chothú. “Tá muid inár bhfinnéithe, lom láithreach, ag cruthaíocht coinníollacha le deireadh a chur le saol na bPalaistíneach in Gaza,” a dhearbhaigh an charthúnacht leighis MSF. “Tá ifreann ar talamh cruthaithe in Gaza do na Palaistínigh.” Chuir Iosrael imshuí i bhfeidhm ar Gaza ar an 2 Márta nuair a theip ar chainteanna a bhí dírithe ar fad a chur le sos cogaidh agus Iosrael tar éis tús a chur le hionsaithe ar Gaza arís.
Mac léinn as Baile Átha Cliath a bhí i gceannas ar fhoireann ó Ollscoil Cambridge a fuair an bua i gceann de na comórtais is measúla agus ina bhfuil an iomaíocht is géire ar an teilifís. B’é Oscar Despard a bhí ina chaptaen ar fhoireann Choláiste Chríost in Cambridge, nuair a thug siad an lá leo i gcluiche ceannais University Challenge oíche Dé Luain seo a chuaigh thart. Dálta ilchumasach a bhí ann, de réir a iarphríomhoide, Edith Byrne, agus bhí sé go mór mór gnóthach i ndíospóireachtaí trí Ghaeilge, trí Bhéarla, agus trí Fhraincis, agus é ar meánscoil. Ba mhian a chroí é páirt a ghlacadh sa tráth na gceist cáiliúil, ar a mbíodh sé ag amharc lena mháthair le linn a óige.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
breith - verdict
tromionsaí gnéasach - serious sexual assault
iomardú - reprimand
easáitiú éigeantach - obligatory displacement
finnéithe - witnesses
ilchumasach - multitalented