Nuacht Mhall

7 Meitheamh 2025 (An Dún)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an seachtú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.

Tá an suíomh UNESCO Sceilg Mhichíl, a bhfuil clú agus cáil air mar shampla de lonnaíocht luath-chreidimh, le hathoscailt aríst inniu, i ndiaidh conspóid dlí maidir le ceadúnais bháid a ghlacann daoine anonn agus anall ón oileán. Bíonn an t-oileán, a bhí ina shuíomh scannánaíochta sna scannáin Star Wars, druidte i rith an gheimridh, idir mí Mheán Fómhair agus mí Aibreáin. Osclaíonn an suíomh aríst don tréimhse úr samhraidh gach bliain i lár mhí na Bealtaine, ach tháinig moill ar an oscailt i mbliana mar gheall ar an chonspóid seo, inar ghlac dhá chomhlacht nar éirigh leo i gcomórtas d’oibreoirí báid éileamh dlíthiúil chuig an ardchúirt. Agus an cás seo beo, cuireadh bac ar aon oibreoir báid seirbhís a chur ar fáil chuig an oileán. Dúirt an tAire Norma Moriarty go bhfuil faoiseamh le mothú sa phobal i ndiaidh an chinnidh seo.  “Níl aon áibhéil faoin tionchar a bhí ag an chinneadh seo ar an cheantar. Bhí sé ríthábhachtach gur athosclaíodh an suíomh. Is é an príomháit turasóireachta sa cheantar é agus bhí gnólachtaí ag fulaingt mar gheall ar a dhúnadh,” a dúirt sí.

An tseachtain seo, chuir Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump cosc ar dhaoine ag taisteal ó thíortha eagsúla go dtí na Stáit Aontaithe. Chuir foireann an Tí Bháin síos ar an pholasaí seo mar “choscanna ciallmhara” a dhéanfadh Meiriceánaigh a chosaint ó eachtrannaigh chontúirteacha. Is é seo an dara huair a chuir an tUachtarán Trump cosc ar an taisteal. Agus é ina chéad téarma in 2017, chuir sé cosc ar an taisteal, agus tháinig éileamh dlíthiúil mar gheall air. Rinne an tUachtarán Biden é a aisghairm in 2021.  I measc na dtíortha a bhfuil tionchar ag an bheartas seo orthu ná an Afganastáin, Maenmar, Sead, Poblacht an Chongó, an Ghuine Mheánchiorclach, an Eiritré, Háítí, an Iaráin, an Libia, an tSomáil, an tSúdáin agus Éimin. Tá leathchosc tagtha ar thíortha eile mar chuid den bheartas seo, Tóga, Laos, Cúba agus Siarra Leon san áireamh. Shéan urlabhraí ón Teach Bhán gur beartas frith-Mhoslamach atá ann.

Tá Mark Shields, imreoir CLG le Contae Ard Mhacha agus buaiteoir Chraobh na hÉireann anuraidh, i ndiaidh a thaithí ar theacht amach mar dhuine aerach a roinnt go poiblí i ndiaidh deich mbliana ag imirt leis an chontae. I bhfíseán a roinneadh ag ócáid Bhróid a d'eagraigh Cumann na nImreoirí Gaelacha, rinne sé cur síos ar an dúshlán a bhí roimhe teacht amach i dtimpeallacht CLG atá faoi thionchar na bhfear. Mar sin féin, luaigh sé fosta an t-athrú dearfach atá tagtha ar an chultúr, agus thug le fíos go bhfuil dearcadh laistigh de ghrúpa Ard Mhacha agus laistigh den CLG níos tuisceanaí ná mar a bhí blianta ó shin. Aithníonn Shields go bhfuil athrú tagtha ar an teanga agus ar an tacaíocht laistigh den ghrúpa, agus go bhfuil comhoibritheoirí ag seasamh an fhóid le daoine aeracha ar bhealach nach raibh siad ariamh roimhe seo. Agus a scéal féin á roinnt, tá sé ag súil go gcuideoidh sé le himreoirí eile—fir, mná nó daoine neamh-dhénartha— béim a leagan ar a gcultúir féin agus a bheith tacaithe agus sábháilte. Chomh maith leis sin, chuir Shields béim ar an tábhacht atá le daoine iontaofa, cosúil lena dheirfiúr agus lena pháirtí féin, chun comhráite pearsanta a dhéanamh. 

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

lonnaíocht luath-chreidimh - early religious settlement

oibreoir báid - boat operator

eachtrannaigh chontúirteacha - dangerous foreigners

aisghairm - repeal

dearcadh - outlook

daoine neamh-dhénartha - non-binary people


...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
From Our Own Correspondent by BBC Radio 4

From Our Own Correspondent

368 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,333 Listeners

Documentary on One Podcast by RTÉ

Documentary on One Podcast

194 Listeners

Great Lives by BBC Radio 4

Great Lives

516 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

66 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

153 Listeners

The Irish Passport by The Irish Passport

The Irish Passport

332 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,799 Listeners

Off Menu with Ed Gamble and James Acaster by Plosive

Off Menu with Ed Gamble and James Acaster

2,768 Listeners

Shite Talk: An Irish History Podcast by HeadStuff Podcasts

Shite Talk: An Irish History Podcast

170 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

131 Listeners

heretics. by Andrew Gold

heretics.

613 Listeners

The Rest Is Entertainment by Goalhanger

The Rest Is Entertainment

937 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

16 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

5 Listeners