Nuacht Mhall

Nuacht Mhall

By Conradh na Gaeilge i LondainEducationLanguage Learning
Download on the App Store

All Nuacht Mhall episodes

  • 1 Márta 2025 (Maigh Eo)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an chéad lá de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna.

    Dé hAoine, bhí argóint mhór phoiblí idir Volodymyr Zelenskyy, Uachtarán na hÚcráine, ar thaobh amháin, agus Donald Trump agus J.D. Vance, Uachtarán agus Leas-Uachtaráin Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar an taobh eile, san Oifig Ubhchruthach sa Teach Bán in Washington. Bhí Zelenskyy ann chun comhaontú a shíniú le Trump chun bealach isteach ar acmhainní mianra na hÚcráine a thabhairt do na Stáit Aontaithe, acht d’imigh sé gan réiteach tar éis na raice. Thosaigh siad ag
    sáraíocht ar a chéile nuair a chuir Vance ina leith go raibh Zelenskyy ag cur dímheas orthu, agus chuaigh gach rud i gcúl ó shin; chuir Trump ina leith go raibh Zelenskyy ag dul sa seans leis an Tríú Cogadh Domhanda. Tharla an cruinniú i gcomhthéacs iarrachtaí Trump deireadh a chur leis an gcogadh
    san Úcráin ar théarmaí i bhfad níos fearr don Rúis ná a bhí ar intinn ag an iar-rialtas Meiriceánach.

    Tá Seachtain na Gaeilge ag tosnú inniu, agus leanfaidh sí ar aghaidh ar feadh seacht lá déag go dtí Lá Fhéile Pádraig. Beidh imeachtaí Gaelacha ar siúl ar fud na tíre agus ar fud an domhain. Is deis iontach í an Ghaeilge a labhairt agus a chleachtadh. Tharla an seoladh náisiúnta i mbaile Loch Garman Dé
    Sathairn seo caite, agus beidh Lá na gCiorcal Comhrá ar siúl ar fud na tíre Dé Céadaoin an dara lá déag, i measc go leor imeachtaí eile. Téigh ar líne go snag.ie le haghaidh tuilleadh eolais faoi Sheachtain na Gaeilge.

    Tá na cúig phláinéad chlasaiceacha le feiceáil sa spéir tráthnónta an deiridh seachtaine seo, chomh maith le hÚránas agus Neiptiún, an uair dheireanach roimh 2040 a mbeidh siad uilig le feiceáil le chéile. Tá Satarn go han-íseal i mbreo an chlapsholais, fiche nó tríocha nóiméad tar éis luí na gréine; tá
    Mearcair beagán níos airde, Veineas níos airde fós, agus an-gheal; agus níos faide sa spéir ó luí na gréine tá Iúpatar agus Mars, a bhfuil dath dearg soiléir air. Ní féidir Úránas agus Neiptiún a fheiceáil gan déshúiligh nó teileascóp, agus tá fíor na spéire glan de dhíth le haghaidh Satarn agus Mearcair, agus bheadh déshúiligh cuidiúil dóibh freisin. Tá na trí cinn eile éasca. Téigh ar line go www.skyandtelescope.com chun léarscáil díobh uilig a aimsiú, agus guíonn muid spéir ghlan ar gach duine.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phochraolta.

    *

    GLUAIS

    ubhchruthach - oval

    acmhainní mianra - mineral resources

    seoladh - launch

    breo an chlapsholais - the glow of twilight

    déshúiligh - binoculars

    fíor na spéire - horizon

    8 min
  • 22 Feabhra 2022 (Baile Átha Cliath)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an dara lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Liam Ó Brádaigh.

    Dé Domhnaigh, vótálfaidh muintir na Gearmáine i dtoghchán ríthábhachtach a chinnfidh treo na tíre do na ceithre bliana amach romhainn agus a mbeidh tionchar suntasach aige ar thodhchaí polaitiúil na hEorpa. De réir pobalbhreithe táthar ag súil go méadóidh an páirtí fíordheis Alternative for Germany a sciar vótaí go mór. Gheall na páirtithe eile, áfach, nach rachaidh siad i gcomhrialtas leis an AfD. Ciallaíonn an 'balla dóiteáin' seo nach dócha go mbeidh an AfD in áit ar bith ach sa Fhreasúra. Tar éis thorthaí iomlána an toghcháin, meastar go mbeidh caibidlíocht ar siúl go ceann roinnt seachtainí agus na páirtithe ag iarraidh comhrialtas a bhunú.

    Athraíodh saol ceathrar leanaí a rugadh dall mar gheall ar thriail thurgnamhach géinteiripe a d’fheabhsaigh a radharc. Dúirt an tOllamh James Bainbridge, máinlia na reitine ag Ospidéal Súl Moorfields, a chabhraigh leis an triail a stiúradh, go bhféadfadh an obráid seo difríocht mhór a dhéanamh d'fhorbairt na leanaí agus dá gcumas idirghníomhaithe le daoine eile. Cuireadh cóireáil ar shúil amháin an duine ar na leanaí (ar as na Stáit Aontaithe, an Tuirc agus an Túinéis iad) ar eagla go mbeadh aon éifeachtaí diúltacha ag an gcóireáil. Tugann na torthaí go dtí seo dóchas, áfach, go bhféadfadh buntáistí móra a bheith ag idirghabháil luath i gcoinníollacha súl géiniteacha óige.

    Nocht an Éigipt an chéad tuama ríoga ársa ó tugadh Tutankhamun chun solais níos mó ná céad bliain ó shin. Is leis an Rí Thutmose II an tuama, rí den 18ú ríora a mhair beagnach 3,500 bliain ó shin, a thángthas air in aice le Gleann na Ríthe in Luxor i ndeisceart na hÉigipte. Cé go dtugann réamhstaidéir le fios gur athraíodh a inneachar san am ársa, rud a d'fhág an tuama gan aon mhumaí ná seoda cosúil le fionnachtain Tutankhamun, dúirt an Aireacht seaniarsmaí go bhfuil an fionnachtain "ar cheann de na fionnachtana is suntasaí seandálaíochta le blianta beaga anuas".

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    balla dóiteáin - firewall

    caibidlíocht - negotiation

    dall - blind

    máinlia na reitine - retina surgeon

    ríora - dynasty

    fionnachtain - discovery

    5 min
  • 15 Feabhra 2025 (Luimneach)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniú an cúigiú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Sibéal Dempsey.

    Bhí Elon Musk le feiceáil go poiblí ag an Teach Bán an tseachtain seo, ina cháil mar cheannaire na roinne nua, Roinn Éifeachtacht an Rialtais. Dúirt sé go raibh oifigigh sa Ghníomhaireacht na Stát Aontaithe um Fhorbairt Idirnáisiúnta, ar a dtugtar USAID, i mbun calaoise trí ghlacadh le síntí láimhe. D’áitigh sé freisin go raibh a fhoireann trédhearcach maidir le hoifigigh éagsúla a bhaint de ranna rialtais. Ní faisnéis phoiblí é tuarastal Musk féin, chomh maith le fostaithe na roinne a bhainistíonn sé. Tháinig Musk go dtí an Teach Bán in éineacht lena mhac, X, chomh maith leis an Uachtarán Donald Trump, a shínigh ordú feidhmiúcháin an tseachtain seo á cheangal ar ghníomhaireachtaí comhoibriú le roinn Musk.

    Tá moltaí á mbreithniú chun rialú an chórais tithíochta in Éirinn a athrú. Go háirithe, d’fhéadfadh an margadh cíosa athrú ón gcóras reatha “crios brú cíosa” go córas nua “cíos tagartha”. Faoin gcóras nua, chinnfí méaduithe cíosa trí thithe áitiúla den cháilíocht chéanna a bhreithniú. D’áitigh an Taoiseach go bhfuil gá le timpeallacht polasaí níos seasmhaí chun infheistíocht phríobháideach a spreagadh. Fuarthas amach i dtuarascáil ón gCoimisiún Tithíochta, a foilsíodh anuraidh, go raibh roinnt saincheisteanna ann maidir leis an gcóras reatha lena n-áirítear neamhchomhlíonadh, agus an difríocht idir cíosanna tionóntaí reatha agus tionóntaí nua. Tá imní ann, áfach, go bhféadfadh cíosanna níos airde a bheith ag tionóntaí reatha mar thoradh ar an gcóras nua.

    Dhiúltaigh an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe dearbhú idirnáisiúnta ar AI a shíniú ag cruinniú mullaigh i bPáras an tseachtain seo. Geallann an ráiteas, atá sínithe ag go leor tíortha, lena n-áirítear an Fhrainc agus an tSín, cur chuige “oscailte”, “uilechuimsitheach”, agus “eiticiúil” chun an teicneolaíocht a fhorbairt. Dúirt rialtas na Ríochta Aontaithe nár síníodh é mar gheall ar imní faoi shlándáil náisiúnta agus rialachas domhanda. Dúirt LeasUachtarán na Stát Aontaithe, JD Vance, leis an gcruinniú mullaigh gur cheart tosaíocht a thabhairt do “bheartais AI ar son an fháis” thar shábháilteacht. Tagann sé seo tar éis na nuachta an tseachtain seo caite go bhfuil múnla AI cruthaithe ag comhlacht Síneach, DeepSeek, a tháirgeann aschur ar chostais níos ísle ná ChatGPT, a tháinig ó na Stáit Aontaithe.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    Roinn Éifeachtacht an Rialtais - Department of Government Efficiency

    síntí láimhe - kickbacks

    crios brú cíosa - rent pressure zone

    neamhchomhlíonadh - non-compliance

    cruinniú mullaigh - summit meeting

    aschur - output

    7 min
  • 8 Feabhra 2025 (Ard Mhacha)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-ochtú lá de mhí Feabhra.  Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.

    Rinne Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, ráiteas neamhghnáth maidir le "togáil" Gaza, nuair a bhuail sé le Príomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, le labhairt faoi chúrsaí síochána le Hamas. Dúirt Trump go dtógfadh Meiriceá smacht ar Gaza agus go gcabhrófaí leis an limistéar le fostaíocht agus tithíocht a chruthú. Mhínigh sé freisin gur chóir do na Palaistínigh imeacht go tíortha eile, amhail an Éigipt agus an Iordáin, rud a diúltaíodh go láidir sna tíortha seo. Ba mhaith le Trump go mbeadh Gaza ina "Riviera an Mheán-Oirthir," ach dhiúltaigh na Palaistínigh agus oifigigh Hamas go léir an plean go géar.  Dúirt an Tánaiste go bhfuil réiteach dhá stáit riachtanach do mhuintir na Palaistíne agus Iosrael, agus d'aithin sé a imní faoi mholadh Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, Gaza a "thógail". 

    Ba é Eanáir na bliana seo, an mhí seo caite, an mhí Eanáir is teo riamh ar an domhan, a deir eolaithe, rud a chuireann ceisteanna faoi luas an athraithe aeráide. Ceapadh go mbeadh Eanáir 2025 níos fuaire ná Eanáir 2024 mar gheall ar El Niño, ach bhris an mhí seo caite taifead Eanáir 2024. Tá téamh na cruinne ag tarlú mar gheall ar astaíochtaí gásanna ó ghníomhaíochtaí daonna, ach níl eolaithe cinnte céard a rinne an mhí seo caite chomh te. Leanann sé seo sraith de thaifid teochta níos airde ó lár 2023. "Táimid ag briseadh taifid toisc go bhfuil níos mó gásanna ceaptha teasa san atmaisféar," a dúirt Gavin Schmidt, stiúrthóir Institiúid Goddard de chuid NASA. "Táimid ag iarraidh tuiscint a fháil ar na cúiseanna beaga atá ann." Faoi láthair, tá an chuid is mó taighdeoirí fós ag súil go mbeidh 2025 beagán níos fuaire ná 2023 agus 2024.

    Tá Túr Grenfell i Londain, a scriosadh i dtine chraosach sa bhliain 2017, le bheith briste anuas. Maraíodh 72 duine sa tine, a scaip go gasta tríd an fhoirgneamh mar gheall ar chumhdach so-lasta. Tháinig fiosrúchán chun críche an mhí Mheán Fómhair seo caite, agus dúradh gur tháinig an tragóid as laigí ón rialtas. Dúirt an Leas-Phríomh-Aire Angela Rayner le hoidhreachtaí agus le teaghlaigh na n-iarrthóirí go bhfuil an cinneadh déanta ag an rialtas an foirgneamh a leagan chun talaimh. Beidh freagraí measctha ag an chinneadh seo. Tá roinnt daoine sa phobal sásta go mbeadh sé á bhaint síos. Ach tá daoine eile ag iarraidh go mairfeadh Túr Grenfell mar chuimhne ar an tragóid.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    ráiteas neamhghnách - extraordinary statement

    riachtanach - necessary

    luas an athraithe aeráide - the speed of climate change

    astaíochtaí gásanna - gas emissions

    tine chraosach - conflagration

    cumhdach so-lasta - flammable cladding



    7 min
  • 1 Feabhra 2025 (An Clár)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an chéad lá de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

    Tharla timpiste eitleáin in Washington oíche Dé Céadaoin nuair a bhuail eitleán paisinéirí le héileacaptar Black Hawk. Bhí an t-eitleán de chuid American Airlines ag teacht anuas chuig an rúidbhealach nuair a tharla an tuairt leis an héileacaptar. Thit an dá aerárthach isteach san abhainn Potomac agus cuireadh tús le misean cuardaigh agus tarrthála ar an bpointe. Mar sin féin, is cosúil nar tháinig duine ar bith de na 60 paisinéirí eitleáin nó den triúr saighdiúirí sa héileacaptar slán ón dtimpiste. Tá sé tagtha chun solais go raibh go leor scátálaithe fíoracha ar an eitleán ag teacht thar n-ais go Washington tar éis craobhchomórtais in Kansas. D’fhógair an Kremlin sa Rúis go raibh na hiarchuraidh domhanda Yevgenia Shishkova agus Vadim Naumov ar bord an eitleáin.

    Tharla ócáidí comórtha ar fud an domhain dosna daoine a fuair bás agus a mhair tríd an Uileloscadh an tseachtain seo. Bhí an ócáid is mó ar siúl sa champa géibhinn in Auschwitz sa Pholainn. Saoradh an campa sin ar an 27 Eanáir 1945 agus mar gheall
    air sin, bíonn Lá Comórtha an Uileloiscthe ar siúl ar an lá sin gach bliain. Fuair sé mhilliún Giúdach bás san Uileloscadh, chomh maith le daoine de mhionlaigh eitneacha eile, mar thoradh ar na coireanna in aghaidh na daonnachta déanta ag na Naitsithe le linn an Dara Cogadh Domhanda. D’fhreastail an Taoiseach Micheál Martin ar an ócáid in Auschwitz agus réachtáladh ócáid chuimhneacháin i mBaile Átha Cliath chomh maith inar thug an tUachtarán Michael D. Higgins óráid. Tharraing a óráid conspóid, áfach, nuair a rinne sé tagairt don scrios in Gaza faoi láthair.

    Baineadh croitheadh as rialtas Mheiriceá agus as na comhlachtaí in Silicon Valley an tseachtain seo nuair a eisíodh samhail Intleachta Saorga nua sa tSín darb ainm DeepSeek. Is bota cómhrá é DeepSeek, cosúil le ChatGPT, agus tá saineolaithe ana-thógtha leis an dteicneolaíocht. Chuaigh an aip go barr na liostaí íoslódála, rud a chuir imní ar cheannairí teicneolaíochta i Meiriceá, toisc gur mhaígh DeepSeek gur
    chruthaíodar an tsamhail go saor i comparáid le samhlacha Meiriceánacha ar nós OpenAI. Tá DeepSeek níos saoire mar ní úsáideann sé mórán sliseanna agus de bhrí na nuachta san, chaill an comhlacht sliseanna, Nvidia, $600 milliún Dé Luain
    – an caillteanas margaidh is mó i stair na Stát Aontaithe. Léirigh an tUachtarán Trump a imní faoin dteicneolaíocht bíodh is gur cheiliúir rialtas na Síne an aip nua. Ach is léir nach bhfuil an Intleacht Shaorga so saor ón mbolscaireacht: nuair a chuir an BBC ceist air faoi na heachtraí i gCearnóg Tiananmen sa bhliain 1989, dúirt DeepSeek nach raibh sé ábalta an cheist a fhreagairt.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an aip ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    aerárthach - aircraft

    scátálaithe fíoracha - figure skaters

    an Uileloscadh - the Holocaust

    coireanna in aghaidh na daonnachta - crimes against humanity

    samhail - prototype

    sliseanna - (computer) chips

    7 min
  • 25 Eanáir 2025 (Luimneach)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Aoife Ní Bhraoin.

    Taifeadadh an ghaoth ba láidre riamh in Éirinn le linn Stoirm Éowyn inné. Ag Ceann Mhása i gConamara taifeadadh meánluas de 135km/h agus séideán amháin de 183km/h go luath maidin Dé hAoine. Bhí rabhadh dearg gaoithe i bhfeidhm ar fud an oileáin go dtí meán lae, agus moladh go láidir do dhaoine fanacht sa bhaile agus gan dul amach le linn na stoirme. Ar cheann de na stoirmeacha ba mheasa a bhuail Éire ó tharla Oíche na Gaoithe Móire sa bhliain 1839, d'fhág Stoirm Éowyn na mílte gan leictreachas, go háirithe ar an gcósta thiar. Scriosadh an "Air Dome" de chuid Chumann Lúthchleas Gael Chonnacht agus rinneadh a lán damáiste eile timpeall na tíre. 

    Toghadh Micheál Martin ina Thaoiseach faoi dheireadh Déardaoin tar éis cúpla lá d'argóintí agus an Dáil ina cíor thuathail. Tharla na fadhbanna nuair a fógraíodh go gcuirfí an Dáil ar fionraí go ceann coicíse agus nuair a tugadh am cainte an Fhreasúra do ghrúpa Teachtaí Dála atá ag tacú leis an Rialtas. Bhí ar an Ceann Comhairle nua, Verona Murphy, imeachtaí a chur ar fionraí roinnt uaireanta ach ar deireadh toghadh Micheál Martin ina Thaoiseach. Cáineadh an chomh-aireacht nua a ceapadh freisin, ós rud é nach bhfuil ach triúr ban ann as cúig Aire dhéag, agus gur as Baile Átha Cliath nó Cúige Laighin tromlach mór díobh, gan ach duine amháin, Dara Calleary as Cúige Chonnacht agus duine ar bith as Cúige Uladh.

    I Stáit Aontaithe Mheiriceá, rinneadh Donald Trump a insealbhú ina Uachtarán Dé Luain. Ba é an chéad uair a tharla an searmanas oirnithe taobh istigh ó bhí 1985 ann, mar gheall ar dhrochaimsir, de réir Trump féin. D'fhógair sé "tús ré órga" don tír ina óráid agus shínigh sé sraith orduithe feidhmiúcháin láithreach. I measc na n-orduithe bhí bearta chun Meiriceá a thógáil amach as an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, chun saoránacht uathoibríoch a bhaint de leanaí a bheirtear i Meiriceá, chun na logainmneacha Murascaill Mheicsiceo agus Denali a athrú go Murascaill Mheiriceá agus Sliabh McKinley agus chun pardún a thabhairt dóibh siúd a bhí páirteach san ionsaí ar Chnoc an Chaipeatóil ar an 6 Eanáir 2021. Cuireadh i gcoinne na horduithe seo, agus breitheamh feidearálach amháin ag rá nach dtagann siad le Bunreacht Mheiriceá.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    meánluas - average speed

    séideán - gust

    cíor thuathail - chaos

    cuir ar fionraí - suspend

    searmanas oirnithe - inauguration ceremony

    orduithe feidhmiúcháin - executive orders

    5 min
  • 18 Eanáir 2025 (Tiobraid Árann)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

    Tháinig nuacht faoi bheart sos cogaidh a chur i bhfeidhm ón gcoimhlint idir an Phalaistín agus Iosrael tráthnóna Dé Céadaoin. Tagann an nuacht tar éis cúig mhí dhéag de chogadh, a thosaigh le hionsaí a rinne Hamas ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair 2023. Ón dáta sin maraíodh níos mó ná 46,000
    Palaistíneach mar thoradh ar fhrithbheart Iosrael. Ag brath ar roinnt ceisteanna deireanacha a chinntiú maidir leis an mbeart, tosóidh an sos cogaidh Dé Domhnaigh, ach tá níos mó Palaistíneach á marú idir an dá linn. Ar dtús mairfidh an sos cogaidh go ceann sé seachtaine - ligfear amach gialla Iosraelacha agus scaoilfear saor priosúnaigh Phalaistíneacha. Beidh saighdiúirí Iosrael ag tarraingt siar as Gaza agus beidh cead isteach le haghaidh cúnaimh agus breosla. Tosóidh na Palaistínigh ag filleadh ar a mbaile, pé chuid de atá fágtha. Tarlóidh níos mó cainteanna maidir le todhchaí Gaza agus cad a tharlaíonn tar éís na sé
    seachtaine.
    Tharla díospóireacht idir Fianna Fáil agus Fine Gael maidir le dréacht-Chlár Rialtais i rith na seachtaine. Cruthaíodh an comhrialtas idir Fianna Fáil agus Fine Gael, a fuair an líon vótaí is lú a fuair buaiteoirí olltoghcháin ó thús an stáit, le tacaíocht ó naonúr comhaltaí neamhspleácha chun tromlach a
    dhéanamh. Is dócha go ndaingneofar an clár Dé Domhnaigh agus go dtoghfar Mícheal Martin ina Thaoiseach Dé Céadaoin. Tá díospóireacht fós ar siúl maidir le ról na gcomhaltaí neamhspleácha sa rialtas le guthanna láidir ó Michael Lowry agus Danny Healy-Ray. Cruthóidh an rialtas nua trí Aire Stáit nua, le haghaidh daoine aosta, mara agus imirce. Beidh 23 Aire ann san iomlán, an líon is mó a bhí ag aon rialtas riamh.
    Tá falscaithe uafásacha ag tarlú in Los Angeles le níos mó ná deich lá anuas. Bhí ceithre thine éagsúla ann, gan ach ceann amháin díobh faoi smacht agus é seo á scríobh. Tá an chúis leis na falscaithe fós le fiosrú ach scaipeadh iad mar thoradh ar ghaotha láidre darbh ainm Gaotha Santa Ana agus ar an easpa báistí sa réigiún le déanaí. Deir saineolaithe go bhfuil athrú aeráide ina chúis mhór leis freisin. Ba iad 2022 agus 2023 na blianta is fliche in California riamh agus mar sin d’fhás an-chuid fásra, ach tar éis an triomaigh a lean, ba gheall le brosna do na falscaí an fásra céanna. Tharla aslonnú mór sa cheantar agus fuair cúigear is fiche bás. Ceaptar go bhfuil an scriosadh is measa de bharr tine i gceist i stair Stáit Aontaithe Mheiriceá agus beidh costas sna billiúin dollar i gceist maidir le hatógáíl na cathrach.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    beart - deal

    breosla - fuel

    díospóireacht - debate

    comhaltaí neamhspleácha - independent members

    falscaithe - mountain fires

    triomach - dry weather

    fásra - vegetation

    brosna - kindling

    7 min
  • 11 Eanáir 2025 (An Dún)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-aonú lá déag de mhí Eanáir. is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.
    Dhiúltaigh an tAire Oideachais ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann Paul Givan iarratas ón scoil is mó sna Sé Chontae le bheith ina scoil imeasctha. Thacaigh tromlach soiléir thuismitheoirí na ndaltaí leis an athrú in Acadamh Bheannchair, a bhfuil timpeall 1,850 dalta ann. Ach tá cinneadh déanta anois ag Paul Givan nár cheart dul ar aghaidh leis na pleananna. Diúltíodh togra ó scoil eile i mBeannchar fosta, Bunscoil an Rátha Mhóir, chun athrú a dhéanamh ina scoil imeasctha. De réir doiciméad a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais, mhol oifigigh go n-athrófaí an dá scoil le bheith imeasctha ach chinn an tAire gan an moladh sin a cheadú. Agus é ag diúltú do na tairiscintí, dúirt Givan nach raibh go leor fianaise ann go mbeadh dóthain daltaí Caitliceacha ag gach scoil chun oideachas imeasctha a chur ar fáil. Luaigh sé reachtaíocht Stormont ina ndeirtear gur cheart go mbeadh líon réasúnta leanaí Caitliceacha agus Protastúnacha araon i scoileanna imeasctha. "Fiú ar an anailís is dóchasaí, tá an chuma ar an scéal go mbeadh sé iontach deacair líon réasúnta a bhaint amach," a scríobh Givan.
    Tá an comhlacht teicneolaíochta Meta ag fáil réidh lena chuid seiceálaithe fíricí neamhspleácha ar Facebook agus Instagram, agus ag cur “nótaí pobail” i stíl cosúil leis an ardán X ina n-áit ina bhfágtar trácht ar chruinneas postálacha de chuid úsáideoirí. I bhfíseán Meta, dúirt an príomhfheidhmeannach Mark Zuckerberg go raibh modhnóirí tríú páirtí “róchlaonta ó thaobh na polaitíochta de” agus go raibh sé “in am dul ar ais go dtí ár bhfréamhacha maidir le saoirse cainte”. Tagann an t-aistriú seo agus Zuckerberg agus feidhmeannaigh eile i dtionscal na teicneolaíochta ag iarraidh caidreamh a fheabhsú le hUachtarán tofa na Stát Aontaithe, Donald Trump, sula rachaidh sé in oifig níos déanaí an mhí seo. Cháin Trump agus a chomhghuaillithe Poblachtacha Meta as a pholasaí seiceála fíricí, ag rá go ndéanann an comhlacht cinsireacht ar ghuthanna na heite deise. Ag labhairt dó i ndiaidh na hathruithe a fhógairt, dúirt Trump ag comhdháil nuachta go raibh sé an-tógtha le cinneadh Zuckerberg.
    Tá an Gael, scríobhneoir, agus foilseoitheoir Pádraig Ó Snodaigh ar shlí na bhfírinne. Tháinig na sluaite daoine le chéile fá choinne thórramh Phádraig, a fuair bás agus é 89 bliain d'aois, i mBaile Dúill, Baile Átha Cliath. Ba Ghael go smior é an tUasal Ó Snodaigh, agus ba dhuine mór le rá é i measc gníomhaithe Gaeilge agus chúis na teanga ó dheas. Ba iar-uachtarán Chonradh na Gaeilge é, a chaith a shaol ar fad ag troid ar son cearta teanga, agus é ag obair leis an ESB agus an iarsmalann náisiúnta. Chuir Pádraig an comhlacht foilsiú Coiscéim ar bun, le £1000 a bhfuair sé ar iasacht ó chara dá chuid in 1980, comhlacht a d'fhoilsigh níos mó ná 1,700 leabhar. Bhí seisear mac aige lena bhean, an t-ealaíontóir Clíodhna Cussen, a cailleadh dhá bhliain go leith ó shin; Teachta Dála is ea é mac amháin, agus tá triúr eile bainte leis an ghrúpa ceoil Kíla. Bhí a chónra caoladóireachta clúdaithe faoi bhratach scal ghréine an Chonartha agus í á tabhairt isteach go Séipéal Naomh Peadar agus Pól.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    scoil imeasctha - integrated school

    reachtaíocht - legislation

    seiceálaithe fíricí neamhspleácha - independent fact checkers

    modhnóirí - moderators

    cónra caoladóireachta - wicker coffin

    scal ghréine - sunburst

    6 min
  • 4 Eanáir 2025 (Gaillimh)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an ceathrú lá de mhí Eanáir. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.

    Tá an FBI ag fiosrú mar eachtra sceimhlitheoireachta ionsaí a tharla i gcathair New Orleans, nuair a thiomáin fear trucail isteach trí shlua a bhí ag ceiliúradh na hAthbhliana ar shráideanna na cathrach, agus ansin thosaigh sé ag scaoileadh urchar leo. Maraíodh ar a laghad cúig dhuine dhéag, agus gortaíodh breis is tríocha a cúig duine eile. Ag a ceathrú tar éis a trí ar maidin a tharla an eachtra ar Shráid Bourbon, ceantar mór turasóireachta i gCeathrú Francach na cathrach. Scaoil an tiománaí, a bhí ina shaighdiúir roimhe, le póilíní ansin, agus gortaíodh beirt acu. Scaoil na póilíní leis an tiománaí freisin, agus maraíodh ar an láthair é. Fuarthas bratach ISIS sa trucail. Tá sé ráite ag an FBI go gcreideann siad go raibh an tiománaí ag gníomhú ina aonar.

    Ar ais in Éirinn, tá feidhm anois le reachtaíocht nua chun déileáil le coireanna áirithe ar fuath is bun leo. Mar shampla, fuath a léiriú do dhaoine ar bhonn cine, datha, claonadh gnéis, inscne nó míchumais. Go dtí seo, bhí Éirinn ar cheann den bheagán ballstát den Aontas Eorpach gan reachtaíocht i gcoinne fuatha. Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, go raibh an reachtaíocht nua de dhíth orainn ó bhí méadú de 7.5% ar an líon coireanna fuatha a thaifead na Gardaí i mbliana. Thug sí le fios freisin go raibh an reachtaíocht bunaithe ar thaithí phearsanta daoine, toisc go ndeachaigh a roinn i gcomhairle leis an bpobal sular chruthaigh siad í.

    Bhí rabhadh buí faoi theocht íseal agus baol seaca i bhfeidhm ar fud na hÉireann Déardaoin agus Dé hAoine na seachtaine seo. Anois tá sé fógartha ag Met Éireann go leanfar leis an drochaimsir ag an deireadh seachtaine. Tá siad ag tuar go mbeidh an teocht idir aon chéim agus sé chéim Dé Sathairn, agus gur chóir dúinn a bheith ag súil le tuilleadh ráigeanna den bháisteach throm. Chomh maith leis sin, beidh sé níos ísle fiú san oíche, thart ar lúide cúig chéim. Agus ní bheidh an pictiúr ag athrú mórán go luath amach anseo. Is féidir linn a bheith ag súil le haimsir den chineál céanna an tseachtain seo chugainn. Mar sin de, má bhíonn sibh ar na bóithre, bígí cúramach agus tugaigí aire.





    eachtra sceimhlitheoireachta - act of terrorism

    an Ceathrú Francach - the French Quarter

    reachtaíocht - legislation

    coireanna áirithe ar fuath is bun leo - certain hate crimes

    rabhadh buí - yellow warning

    lúide - minus


    6 min
  • 28 Nollaig 2024 (Tír Eoghain)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Siadhail.

    Cailleadh tríocha a hocht duine Lá Nollag nuair a thuirling eitleán ón Asarbaiseáin de thuairt sa Chasacstáin. Bhí beagnach seachtó duine ar bord an eitleáin, a d’fhág Baku, príomhchathair na hAsarbaiseáine, go luath maidin Dé Céadaoin. Bhí an t-eitleán ag iarraidh tuirlingt in Grozny sa tSeisnia nuair a mhothaigh na paisinéirí trí phléasc agus cuireadh an t-eitleán ar atreo trasna Mhuir Chaisp go cósta thiar na Casacstáine, 450 ciliméadar soir. Tuairiscíodh sa Rúis gur bhuail ealta éan an t-eitleán ach cuireadh an locht ar an Rúis féin ina dhiaidh sin, agus saineolaithe ag rá gurbh iad diúracáin aerchosanta a bhuail an t-eitleán. Tá aerlínte náisiúnta na

    hAsarbaiseáine agus na Casacstáine i ndiaidh cosc a chur ar eitiltí áirithe go dtí an Rúis.

    Tá an tsaoráid sláinte dheireanach i dtuaisceart Gaza as seirbhís, de réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte. Tá ranna tábhachtacha san ospidéal scriosta agus faoi thine i ndiaidh ionsaithe a rinne arm Iosrael, a deir gur “daingean na sceimhlitheoirí” atá san ospidéal. Tá 25 othar atá go dona tinn fós san fhoirgneamh, ach bogadh iad siúd nach bhfuil ach measartha tinn amach go láthair eile atá scriosta, otharlann a tógadh le hairgead ón Indinéis sa bhliain 2016 ach atá ina fothrach anois. Maraíodh cúigear iriseoirí in Gaza Déardaoin agus rinneadh aerionsaithe ar shúiomhanna in Éimin fosta.

    Tá tíogar Sumatrach darb ainm Dao tagtha go Páirc Dhúlra Fhóite i gContae Chorcaí. Deirtear go bhfuil an tíogar, atá dhá bhliain d’aois, ag socrú isteach go maith agus go gcuirfear le chéile le tíogar baineann darb ainm Jambi é in iarracht an speiceas a chaomhnú. Tá tíogair Shumatracha ar an speiceas is lú de thíogar agus tá siad i mbaol a ndíothaithe ina ngnáthóg nádúrtha mar gheall ar dhífhoraoisiú agus ar phóitseáil. Tá níos lú ná 350 tíogar Sumatrach fágtha anois ach táthar ag súil go mbeidh coileáin ag Dao agus Jambi gan mhoill. Rugadh an tíogar Sumatrach deireanach i bPáirc Dhúlra Fhóite sa bhliain 2019 agus rugadh dhá choileán don tíogar sin i Zú Chester i Sasana ó shin. Go n-éirí go geal le Dao agus Jambi.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    tuairt - crash

    ealta éan - a flock of birds

    saoráid sláinte - health facility

    daingean na sceimhlitheoirí - stronghold of terrorists

    gnáthóg nádúrtha - natural habitat

    coileán - cub

    7 min