Nuacht Mhall

11 Eanáir 2025 (An Dún)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-aonú lá déag de mhí Eanáir. is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.
Dhiúltaigh an tAire Oideachais ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann Paul Givan iarratas ón scoil is mó sna Sé Chontae le bheith ina scoil imeasctha. Thacaigh tromlach soiléir thuismitheoirí na ndaltaí leis an athrú in Acadamh Bheannchair, a bhfuil timpeall 1,850 dalta ann. Ach tá cinneadh déanta anois ag Paul Givan nár cheart dul ar aghaidh leis na pleananna. Diúltíodh togra ó scoil eile i mBeannchar fosta, Bunscoil an Rátha Mhóir, chun athrú a dhéanamh ina scoil imeasctha. De réir doiciméad a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais, mhol oifigigh go n-athrófaí an dá scoil le bheith imeasctha ach chinn an tAire gan an moladh sin a cheadú. Agus é ag diúltú do na tairiscintí, dúirt Givan nach raibh go leor fianaise ann go mbeadh dóthain daltaí Caitliceacha ag gach scoil chun oideachas imeasctha a chur ar fáil. Luaigh sé reachtaíocht Stormont ina ndeirtear gur cheart go mbeadh líon réasúnta leanaí Caitliceacha agus Protastúnacha araon i scoileanna imeasctha. "Fiú ar an anailís is dóchasaí, tá an chuma ar an scéal go mbeadh sé iontach deacair líon réasúnta a bhaint amach," a scríobh Givan.
Tá an comhlacht teicneolaíochta Meta ag fáil réidh lena chuid seiceálaithe fíricí neamhspleácha ar Facebook agus Instagram, agus ag cur “nótaí pobail” i stíl cosúil leis an ardán X ina n-áit ina bhfágtar trácht ar chruinneas postálacha de chuid úsáideoirí. I bhfíseán Meta, dúirt an príomhfheidhmeannach Mark Zuckerberg go raibh modhnóirí tríú páirtí “róchlaonta ó thaobh na polaitíochta de” agus go raibh sé “in am dul ar ais go dtí ár bhfréamhacha maidir le saoirse cainte”. Tagann an t-aistriú seo agus Zuckerberg agus feidhmeannaigh eile i dtionscal na teicneolaíochta ag iarraidh caidreamh a fheabhsú le hUachtarán tofa na Stát Aontaithe, Donald Trump, sula rachaidh sé in oifig níos déanaí an mhí seo. Cháin Trump agus a chomhghuaillithe Poblachtacha Meta as a pholasaí seiceála fíricí, ag rá go ndéanann an comhlacht cinsireacht ar ghuthanna na heite deise. Ag labhairt dó i ndiaidh na hathruithe a fhógairt, dúirt Trump ag comhdháil nuachta go raibh sé an-tógtha le cinneadh Zuckerberg.
Tá an Gael, scríobhneoir, agus foilseoitheoir Pádraig Ó Snodaigh ar shlí na bhfírinne. Tháinig na sluaite daoine le chéile fá choinne thórramh Phádraig, a fuair bás agus é 89 bliain d'aois, i mBaile Dúill, Baile Átha Cliath. Ba Ghael go smior é an tUasal Ó Snodaigh, agus ba dhuine mór le rá é i measc gníomhaithe Gaeilge agus chúis na teanga ó dheas. Ba iar-uachtarán Chonradh na Gaeilge é, a chaith a shaol ar fad ag troid ar son cearta teanga, agus é ag obair leis an ESB agus an iarsmalann náisiúnta. Chuir Pádraig an comhlacht foilsiú Coiscéim ar bun, le £1000 a bhfuair sé ar iasacht ó chara dá chuid in 1980, comhlacht a d'fhoilsigh níos mó ná 1,700 leabhar. Bhí seisear mac aige lena bhean, an t-ealaíontóir Clíodhna Cussen, a cailleadh dhá bhliain go leith ó shin; Teachta Dála is ea é mac amháin, agus tá triúr eile bainte leis an ghrúpa ceoil Kíla. Bhí a chónra caoladóireachta clúdaithe faoi bhratach scal ghréine an Chonartha agus í á tabhairt isteach go Séipéal Naomh Peadar agus Pól.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

scoil imeasctha - integrated school

reachtaíocht - legislation

seiceálaithe fíricí neamhspleácha - independent fact checkers

modhnóirí - moderators

cónra caoladóireachta - wicker coffin

scal ghréine - sunburst

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

19 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,326 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

148 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

20 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,807 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

136 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

82 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

48 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

15 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

33 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

14 Listeners