Nuacht Mhall

4 Eanáir 2025 (Gaillimh)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an ceathrú lá de mhí Eanáir. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.

Tá an FBI ag fiosrú mar eachtra sceimhlitheoireachta ionsaí a tharla i gcathair New Orleans, nuair a thiomáin fear trucail isteach trí shlua a bhí ag ceiliúradh na hAthbhliana ar shráideanna na cathrach, agus ansin thosaigh sé ag scaoileadh urchar leo. Maraíodh ar a laghad cúig dhuine dhéag, agus gortaíodh breis is tríocha a cúig duine eile. Ag a ceathrú tar éis a trí ar maidin a tharla an eachtra ar Shráid Bourbon, ceantar mór turasóireachta i gCeathrú Francach na cathrach. Scaoil an tiománaí, a bhí ina shaighdiúir roimhe, le póilíní ansin, agus gortaíodh beirt acu. Scaoil na póilíní leis an tiománaí freisin, agus maraíodh ar an láthair é. Fuarthas bratach ISIS sa trucail. Tá sé ráite ag an FBI go gcreideann siad go raibh an tiománaí ag gníomhú ina aonar.

Ar ais in Éirinn, tá feidhm anois le reachtaíocht nua chun déileáil le coireanna áirithe ar fuath is bun leo. Mar shampla, fuath a léiriú do dhaoine ar bhonn cine, datha, claonadh gnéis, inscne nó míchumais. Go dtí seo, bhí Éirinn ar cheann den bheagán ballstát den Aontas Eorpach gan reachtaíocht i gcoinne fuatha. Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, go raibh an reachtaíocht nua de dhíth orainn ó bhí méadú de 7.5% ar an líon coireanna fuatha a thaifead na Gardaí i mbliana. Thug sí le fios freisin go raibh an reachtaíocht bunaithe ar thaithí phearsanta daoine, toisc go ndeachaigh a roinn i gcomhairle leis an bpobal sular chruthaigh siad í.

Bhí rabhadh buí faoi theocht íseal agus baol seaca i bhfeidhm ar fud na hÉireann Déardaoin agus Dé hAoine na seachtaine seo. Anois tá sé fógartha ag Met Éireann go leanfar leis an drochaimsir ag an deireadh seachtaine. Tá siad ag tuar go mbeidh an teocht idir aon chéim agus sé chéim Dé Sathairn, agus gur chóir dúinn a bheith ag súil le tuilleadh ráigeanna den bháisteach throm. Chomh maith leis sin, beidh sé níos ísle fiú san oíche, thart ar lúide cúig chéim. Agus ní bheidh an pictiúr ag athrú mórán go luath amach anseo. Is féidir linn a bheith ag súil le haimsir den chineál céanna an tseachtain seo chugainn. Mar sin de, má bhíonn sibh ar na bóithre, bígí cúramach agus tugaigí aire.





eachtra sceimhlitheoireachta - act of terrorism

an Ceathrú Francach - the French Quarter

reachtaíocht - legislation

coireanna áirithe ar fuath is bun leo - certain hate crimes

rabhadh buí - yellow warning

lúide - minus


...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

19 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,326 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

148 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

20 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,807 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

136 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

82 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

48 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

15 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

33 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

14 Listeners